“I dtosach na hoibre do dhein an tArdrúnaí botún mór. Bhí leathanaigh an Chláir Oibre…..greamuighthe le cheile aige le biorán. Do thug sé do chúpla leanbh scoile iad chun cóip eile do dhéanamh díobh…….nuair a bhí a gcuid oibre críochnaithe aca, ní le chéile ach tré chéile a cuireadh iad….”

Nochtanna an rúnaí go raibh craobh den chumann buanaithe anois in 18 deoisí as 27 cinn in Éirinn, i.e. dhá thrian. Ní raibh craobh ar bith i gClochar ná i nDoire sa Tuaisceart, rud is aisteach liom mar bhí a lán Gaeilgeoirí sa dá fhairche san am (ach is cosúil gur breoiteacht an rúnaí áitiúil a ba chiontaí): ní raibh craobh i bhFearna, Osraí, Cill Da Lua, Port Láirge, Ros, Tuaim ná Cill Ala. Maidir leis na hOird, mhaígh an rúnaí go raibh craobh bunaithe in dhá dtrian acu mar an gcéanna.

Fágadh an cathaoirleach agus an rúnaí mar a bhí siad, ach cuireadh an tAth. Séamus Ó Briain ó Chill Dara ar an choiste mar ionadaí ó Chúige Laighean agus ár seanchara an tAth. Tomás de Bhál, mar ionadaí ó Chúige Mumhan. Toghadh an tAth. Seán Mac Guairem C.SS.R., an tAth. Aibhistín Ó Murchadha, C.M., agus an tAth. Martan Ó Mathghamhna, C.S.Sp. mar theachtaí ó na hOird. Tá cuid de na cuntais ó na craobhacha áitiúla barúil go maith:

Ó Dhroim Mór:

Níl Rúnaidhne ar bith ag an Easbog ach thug an tEaspog féin do litreacha damh-sa tamaill maith ó shoin. Go dtí sin níor chualaidh sinn i nDruim Mhór a dhath fá thaobh de ‘Cumann na Sagart nGaedhealach’. Níl craobh againn go fóill, ach mar “is leor sagart amháin mar chraobh”. Cuirfidh mise an tAth. Tomás Ó Cearbhaill…..tús ar an obair….”

Ó Phort Láirge

“Is oth liom a rádh… gur theip orm an chroabh a bhunughadh. Dream do-bhogtha na sagairt seo againne.”

Sa chuntas ó Chiarraí tá cur síos ar stair na craoibhe ó athbhunaíodh í 1 1936 í ag an dinnéar i dTrá Lí.