Dhá thraidisiún, dar liom, a tháinig le chéile i mbunú Chumann na Sagart, nó Cumann na Sagart nGaedhaelach, mar a thugtaí air sa chéad sá scór bliain dá shaol. An chéad traidisiún acu siúd an nós a bunaíodh ón bhliain 1895 ar aghaidh, nuair a bhí Coláiste Phádraig Maigh Nuad céad bliain d’aois, go dtigeadh na hiarmhic léinn i gcionn a chéile gach samhradh chun ceisteanna poiblí a bhí i mbéal an phobail a phlé. Chuir na cruinnithe bliantúla seo de Aontas Mhaigh Nuad gléas ar fáil do chléir na hÉireann ó thús an 20ú céad ar aghaidh a dtionchar a imirt ar bhonn Náisiúnta ar bhealach nach raibh acu san 19ú haois agus thosaigh siad ag dul i bhfeidhm ar thuairimí a chéile, á spreagadh, á ngríosadh, á mbeachtú, á ndaingniú, corruair á maolú agus corruair á ngéarú. Ba ghairid go mbíodh miondreamanna i measc na cléire a raibh spéis acu in ábhar faoi leith ag teacht le chéile I gcruinnithe speiaialta ar ócáid an Aontais agus ar an dóigh sin a saolaíodh cumainn mar an Catholic Record Society of Ireland in 1912.

            An dara traidisiún a chuaigh i dtionchar ar bhunú Chumann na Sagart ná an sciar fiúntach de theagasc Chonradh na Gaeilge a bhí ag dul i bhfeidhm ar an chléir Chaitliceach ó bhlianta deiridh an 19ú haois ar aghaidh. Níorbh é an Conradh, ar ndóigh, an chéad ghluaiseacht Ghaeilge a raibh baill aonaránacha den chléir sáite inti. Bhí corr scoláire ina measc páirteach san Archaeological Society agus sa Celtic Society i lár an 19ú haois. Bhí an t-Ardeaspag Mac Éil ag aistriú téaxanna – An Iliad agus Moore’s Melodies – agus níos mó den dúthracht ná de fhéith na filíochta taobh thiar dá iarrachtaí. Bhí an tAth. Uilleog de Búrca, ollamh i gColáiste Iarlatha i dTuaim agus sagart paróiste Chlár Clainne Mhuiris ar ball i mbun “Roinn na Gaeilge” sa Nation agus níos déanaí sa Tuam News. Nuair a bunaíodh Cumann Buan-Chosanta na Gaeilge in 1887, cuireadh faoi choimirce Mhic Éil é, agus bhí baint mhór ag de Búrca leis an leabhair teagaisc a chur an cumann amach. Nuair a tháinig scoilt sa chumann sin agus gur shíolraigh Aontacht na Gaeilge as in 1880, bhí de Búrca ina chrann taca láidir ag an eagraíocht nua, go háirithe tar éis bhunú Irisleabhar na Gaedhilge in 1882. Sagart eile a bhí ina rúnaí ar an dá chumann i dtús a ré, an tAth. Ó Nualláin, Cairmilíteach. Agus chabhraigh cúpla Íosánach eile, an tAth. Seán Ó Cearbhaill agus an tAth. Éamonn Ó hÓgáin (údar an Onomasticon) leis an obair.