Ag pointe eile, bhí ar an Athair O’Reilly dul go hÓstán Wynn, áit a raibh fear gonta ag saothrú an bháis. Chun an t-óstán a shroichint, ba trí cheantar a raibh tréanscaoileadh piléar ar gach taobh ab éigean dó siúl le bairéad is sútán air. Bhí sé ar diúité de ló is d’oíche le linn na dtrioblóidí agus aon uair gur iarradh sin air d’fhéach ina ndiaidh iad siúd a bhí ag fáil bháis.      

          Chinntigh an tAthair Richard Bowden, Riarthóir na Leas-Ardeaglaise, go raibh sagart ar fáil i gcónaí in Ospidéal Shráid Jervis. Chaith sé féin seal ann mar a rinne an tAthair Joseph McArdle agus an tAthair Edward Byrne, a ndearnadh Ardeaspag Bhaile Átha Cliath de sa bhliain 1921. Ní raibh dul as acu ach fanacht san ospidéal, bhí sé chomh contúirteach taisteal tríd na sráideanna.  

Chaith sagart cúnta eile, an tAthair John Flanagan, formhór Sheachtain na Cásca in Ardoifig an Phoist. Bhi páirt nár bheag aige taisteal slán sábháilte a dheimhniú chuig Ospidéal Shráid Jervis don lucht gonta.  

          Suas le dhá scór duine, lorg siad dídean san Leas Ardeaglais ó na foirgnimh a bhí trí thine agus ó lámhach raidhfil is sliogán. Chaith cuid mhaith díobh trí lá istigh ansin ach le himeacht ama d’éirigh bia gann. Faoi dheireadh na seachtaine bhí baol ann go rachadh an eaglais féin trí thine. Is amhlaidh a leath an tine ó Shráid Uí Chonaill agus bhí treoir faighte ag an mbriogáid dóiteáin gan dul amach. Bhí tine ard ar Shráid na hArdeaglaise agus an ghaoth láidir ag séideadh páipéirí ar lasadh agus scaotha spréacha thar dhíon na hArdeaglaise. Ba trí mhíorúilt a chuaigh an foirgneamh slán. Nár athraigh treo na gaoithe chuig Shráid Iarla Thuaidh. Bhásaigh deichniúr duine ar Shráid Mhaoilbhríde le linn Sheachtain na Cásca, gach duine díobh de dheasca créachta ó urchair.