Thairg duine de na sagairt ó Shráid Phroinsias cabhair ag monarcha Jacob, áit ar bhuail sé leis an Athair Aloysius, Proinsiasach Caipisíneach. Agus iad ann chuala said fothram faoi mar a phléascfadh buama. Ní buama a bhí ann, áfach, ach slua a bhris isteach san oifig ar Shráid an Easpaig agus creachadóireacht ar intinn acu. Chuaigh an bheirt shagart tríd an monarcha go dtí ionad na hoifige áit a bhfacadar go leor creachadóirí ag imeacht leo. Labhair siad leis na daoine ar an iompar scannalach a bhí á léiriú acu. Bhí de thoradh air sin gur fágadh ar ais mórán dá raibh goidte, ar a raibh armlón, gunnáin agus baill éadaigh.    

          Is in Ospidéal Máithreachais Shráid Holles a chaith na sagairt ó Rae an Iarthair cuid mhaith den am. Is mó gar trócaireach a rinne an tAthair O’Reilly agus an tAthair Fleming ar fud an pharóiste fhad is a d’fhéach na sagairt go léir i ndiaidh na ndaoine a goineadh le linn an chatha ag Droichead Shráid an Mhóta. Chaith an tAthair O’Reilly tamall chomh maith ag Muilte Bheolláin chun sólás a thabhairt d’Óglaigh a bhí ag saothrú an bháis, cé go raibh urchair á scaoileadh trasna air agus é ar a shlí chucu. Le linn an Éirí Amach, bhí Ospidéal Shráid Holles oscailte do chách a bhí gonta. I ndiaidh an ghéilleadh, chabhraigh otharchairr ó Mhótarchlub na hÉireann chun othair a thabhairt chuig Ospidéal San Uinsionn. Ba iad na hotharchairr chéanna a d’iompar arán agus plúr ó Mhuilte Bheolláin thar tréimhse ceithre lá, rud a thárrtháil mórán ón ngorta.      

          Ghabh fórsaí Briotaineacha, agus iad gléasta mar shibhialtaigh, túr na heaglaise ar Bhóthar Haddington. Ba é an scéal a bhí acu don chléir gur chreideadar go raibh Óglaigh i bhfolach ann. Ach iad in ionad, áfach, bhain siad leas as an túr dá ngnóthaí féin. Gairmeadh ar an Athair James Doyle, duine de na sagairt chúnta, cúram a dhéanamh d’fhear darbh ainm an Leifteanant Hawkins. Tugadh an sagart chuig Uimhir 72 ach bhí air an bóthar a thrasnú faoi thréanthreascairt gunnaí. D’éag an Leifteanant tar éis na sacraimintí a ghlacadh. Toisc go raibh géaraithe faoin am seo ar threise an lámhaigh, níorbh fholáir don Athair Doyle imeacht tríd chúldoras an tí agus rith leis i bhfiontar báis ar ais chun na heaglaise.      

          Bhí nach mór gach sráid i bhfoisceacht na gCeithre Cúirteanna gafa ag snípéirí idir mhíleataigh agus Óglaigh. Ach rinne an sagart cúnta, an tAthair Patrick O’Byrne, cúram d’aon duine gonta a cuireadh chuig teach na sagart. Ina theannta sin, sháraigh sé tréanlámhach gunnaí chun fóirithint ar dhuine ag 31 Sráid Arran Thoir, duine ar shibhialtach neamharmtha é a fuair urchar sa droim. Chabhraigh sé chomh maith le beirt eile. Ba Phrotastúnach duine díobh agus ghabh a mhuintir buíochas ina dhiaidh sin leis an sagart as a ndearna sé dó. Ar an Aoine, d’fhóir sé ar bheirt fhear ar Shráid Chapel, ach d’éagadar beirt. D’éag chomh maith Christopher Lawlor ar tugadh aire dó ag Sráid Halston. Is ag Sráid Halston freisin a lámhadh sagart cúnta eile, an tAthair Patrick Kennedy, agus é i mbun Aifrinn ar an 28ú Aibreán. Is amhlaidh a réab piléar tríd fhuinneog ghloinedhaite san eaglais ach lean an ceiliúraí leis ag léamh Aifrinn faoi mar nár tharla tada.