Ba iad na sagairt ag Sráid San Shéamais an chléir oifigiúil do Phríosún Chill Mhaighneann. Dá réir sin, bhí an tAthair Eugene McCarthy i láthair do gach ceann de na básuithe chun a dhualgas a chomhlíonadh an ola dhéanach a chur ar gach íospartach san ionad ar thit sé marbh. Ar an maidin a raibh bású an Phluincéadaigh beartaithe, tugadh an tAthair McCarthy chuig an bPríosún níos luaithe ná ba ghnách le haghaidh shearmanas an phósta. Ba é cuntas an tsagairt chéanna ar bhású Uí Chonghaíle go raibh droch-chaoi ar an bhfear ach go ndearna sé iarracht seasamh mar a rinne an chuid eile, ach nach raibh sin ar a chumas. Ceanglaíodh le cathaoir é ach shleamhnaigh sé go dtí an pointe gur chaill sé cothromaíocht. Ar deireadh ba ghá é a strapáil le sínteán a cuireadh ina leasluí i gcoinne an bhalla. Ba chuimhne bhuan an radharc sin feasta don Athair McCarthy.

          Agus na básuithe i gcrích tugadh na corpáin chuig Phríosún Chnoc an Arbhair dá n-adhlacadh. Ba é an tAthair Francis Farrington, sagart cúnta de chuid pharóiste Shráid Eachdhroim, a bhí ina shéiplíneach don Phríosún sin. Bhí sé i láthair ar na sochraidí do thriúr de na Ceannairí, an Piarsach, Mac Donncha agus Clarke. Is amhlaidh a chuir Arm na Breataine leoraí chun a thí ar a trí a’ chlog ar maidin d’fhonn é a thabhairt chun na beairice. Dar lena chuntas féin ar ar tharla ansin, chuala sé an rúisc urchar ag Cill Mhaighneann agus chonaic sé iarsmaí na bhfear á dtabhairt amach. Dar leis bhí siad ‘ar snámh ina bhfuil féin, na coirp fós te agus neamhrighin, na bindealáin fós ag clúdach a súl, agus a mbéil ar leathadh.’ Chomhlíon an tAthair Farrington na deasghnátha adhlactha ar a ceathair a’ chlog agus adhlacadh an triúr sin gan chónra i dtrínse a bhí seasca troigh ar fhad.    

Is taithí eile ar fad ar Sheachtain na Cásca a bhí ag sagart eile ó Bhaile Átha Cliath. Ba é sin an tAthair Laurence Stafford. Lorg seisean cead i mí Lúnasa 2014 feidhmiu mar Shéiplíneach Chaitliceach d’Fhórsa Sluaíochta na Breataine. Bhí sé le fada gafa le Fiúsailéirí Bhaile Átha Cliath. Ceapadh é ina Shéiplíneach i mí an Mhárta 1915 chun freastal ar an Deichiú Rannán Éireannach. Faoi mhí Lúnasa, bhí sé ar bhád go dtí an Chipir, tar éis stopadh ag Málta agus ag Alexandria. Bhí ‘suas le trí mhíle fear faoina chúram’ ar an turas sin. Thug sé seirbhís i Salonica chomh maith. Ar saoire ón arm dó, thug sé cuairt ar an bPailistín. Ar an gcéad turas ann thug se cuairt ar Ghailíl, ar Loch Tiberius agus ar Chapernaum. Ar chuairt eile, thrasnaigh sé abha na hIordáine chun dul go Damascus.    

          Bhí an tAthair Stafford i dtuaisceart na Breataine Bige faoin 20ú Lúnasa 2016 agus é ag déanamh cúraim de na hÓglaigh a bhí ar a gcoimeád i bhFrongoch. Bhí aithne mhaith air ag mórán de na fir ag Frongoch ach ba dheacair le cuid acu glacadh leis ag an tús mar ‘shéiplíneach caicí’ de chuid Arm na Breataine. Ba é an gnáthamh aige éirí ar a cúig gach maidin; Aifreann a léamh gach dara lá sna campaí uachtair agus íochtair; faoistin a chloisint; agus an paidrín páirteach a rá má bhí an t-am ann chuige. Maidir leis na fir, dhéanaidis peil agus liathróid láimhe a imirt; na nuachtáin laethúla a léamh; pianó a sheint ós rud é go raibh teacht ar cheann sa dá champa nó an phíb Ghaelach. Le linn a sheal ag Frongoch, saoradh cuid mhaith de na príosúnaigh ach ba é féin, an tAthair Larry Stafford, an tÉireannach deireanach a bhí fágtha ann faoin 23ú lá de mhí na Nollag 1916. Fhad is a bhí sé ann, níor staon sé ó shíorshaothrú ar shaoradh na bhfear. Is deacair tarraingt na Nollag a shárú agus ba é an argóint chlabhsúir aige ‘Is í an Nollaig an Nollaig’. ‘Inniu san áit seo tá na géibhinn agus na geataí orthu ar lánoscailt. Anocht ní bheidh d’Éireannaigh i bhFrongoch ach mise i m’aonar’.