Athruithe, Athruithe…

Helen Ó Murchú

Is mór agus is líonmhar iad na hathruithe atá feicthe ag baill Chumann na Sagart ó dháta bunaithe an Chumainn ar Lá ‘le Bríde sa bhliain chinniúnach sin 1916. Seans, áfach, gurb iad ionad agus ról na mban, sa tsochaí agus san Eaglais, an t-ábhar is suaithinsí athraithe sa tréimhse sin, ábhar atá fós faoi dhianphlé. Ar ndóigh, bhí mná an-ghníomhach san Éirí Amach agus ina dhiaidh ach níl na fíricí fúthu ach ag teacht chun solais le blianta beaga anuas, de réir mar a thosaigh glúin nua staraithe [banstaraithe go háirithe] ag ríomh scéil níos iomláine. Ní chuimhnítí go hiondúil ach ar an gCuntaois Markievicz agus ar bhua na suffraigéidí maidir le cead vótála do mhná a bhaint amach sa bhliain 1918 (faoi Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann). Ar ndóigh ba do mhná ‘ciallmhara creidiúnacha’ é sin, mná a bhí thar aois a tríocha agus a raibh seilbh talún acu; ag am a raibh vóta ag fir in aois a fiche-haon nó fiú in aois a naoi-déag acu siúd a throid sa Chogadh Mór. In ainneoin gur tugadh lánchead vótála do mhná thar aois a fiche-haon sa bhliain 1922, lean coinníoll na seilbhe go dtí 1928. Agus ar ndóigh níor tháinig comharba mná mar aire rialtais ar an gCuntaois go ceann seasca bliain eile, gur ceapadh Máire Geoghegan-Quinn sa bhliain 1979. Ag tús na seachtóidí céanna, bhí ar státsheirbhísigh ban, múinteoirí ina measc, nó lucht bainc, éirí as a bpoist ar phósadh dóibh. Chomh maith leis sin ba leis an athair a dhíoltaí an liúntas leanaí agus níor leis an mbean an teach teaghlaigh ach oiread. B’in ó thaobh na polaitíochta agus na reachtaíochta de. Le daichead bliain anuas tá an saol sin athraithe go huile is go hiomlán. Luaitear na cúrsaí sin a bhaineann go príomha le struchtúir shóisialta mar chúlra le comhthéacs na hEaglaise agus mná inti, struchtúir a bhí patrarcach adéarfadh mórán ban agus a d’admhódh líon mór fear.