Níl aon amhras ach go raibh mná líonmhar gníomhach sa luathEaglais agus nach raibh feidhmeanna oifigiúla cosctha orthu inti, ag an tús pé scéal é, go háirithe sna heaglaisí tí ba ghnách an uair sin. ‘Agus chuaigh líon na bhfear agus na mban a chreid sa Tiarna ní ba mhó i méid’ (Gníomhartha na nAspal 5:12-16). I litir chuig Thiomóid (An Tiomna Nua) dearbhaítear go neamhbhalbh, áfach, nach ceadmhach do bhean teagasc a thabhairt nó bheith i gceannas ar fhir; ní mór di a bheith ina tost. Pé ní faoi thuin na teachtaireachta sin, tá le tuiscint nach foláir nó bhí na gníomhartha sin atá le cosc ar bun dáiríre ag mná. Ríomhann Diarmaid MacCulloch cuntas spéisiúil (A History of Christianity, 2009). Luaitear (litreacha Póil) mar shampla Phoebe mar dheagánach, agus na mná Prisca, Tryphaena agus Tryphosa, i measc líon nach beag eile ban a tháinig chun solais ó shin, de thoradh taighde bandiagairí ach go háirithe. Glaodh ‘aspal’ fiú ar an mbean darbh ainm Junia. Ach féach ar tharla di i stair na hEaglaise ina dhiaidh sin. De réir mar a bhí struchtúir á dtógaint ar mhúnla na Róimhe don Eaglais nua a bhí ag forbairt agus ag iarraidh dul i bhfeidhm ar chiníoca an domhain mar a threoraigh Críost dá Aspail, ní rabhthas chun dul chun argóna leis na noirm shóisialta agus chultúrtha a bhí coiteann, ceannas fear san áireamh. Ar thaobh amháin ba chur chuige ab fhéidir a thuiscint an modh oibre sin a bhí cuibheasach polaitiúil. Ar an taobh eile, bhí de thoradh air gur fáisceadh teachtaireacht Chríost, eaglais an phobail, laistigh de fhráma tagartha agus cumhachta an tsaoil thuata. Ar an mbonn sin is ar bhonn staid na spioradáltachta amháin a sainmhíníodh feasta an chothromaíocht do chách a bhí i dteagasc an tSlánaitheora. Bhí glacadh iomlán dá réir leis an sclábhaíocht (Naomh Pól féin bhí sé buíoch de chúram sclábhaí carad le linn tréimhse príosúin) agus le ceannas fear sa saol. Ní hionadh go ndearnadh fear de Junia sna cuntais dhéanacha; tugadh Junius uirthi. Ansin d’imigh sí as an stair eaglasta ar fad go dtí tamall de bhlianta ó shin. Ag léamh scríbhinní Phóil, b’fhéidir a rá go raibh sé i gcoitinne dian ar mhná agus ar a ról, cé go ndéanann an Pápa Proinsias léamh níos fabhrúla air sa doiciméad is déanaí uaidhsin ar an teaghlach (2016, Amoris Laetitia). Sampla an-luath den dearcadh frithmhná ab ea Tertullian a chéadchuir tús leis an tuiscint gurb í an bhean, Éabha, foinse an oilc mar gur scrios sí an fear, Ádhamh. Ní mó ná tuisceanach ar mhná a bhí Agaistín ach oiread ina shaol luath, is cosúil (Confessions).