San uain sin i bhFéilire na hEaglaise ó Charghas go Cincís, is suimiúil iad na tagairtí do mhná. De réir Soiscéil Lúcáis, ba dheacair do na hAspail, seachas Peadar, na mná a chreidiúint ar fhilleadh dóibh ón tuama le scéala na hAiséirí. Mar ‘samhlaíodh dóibh nach raibh sna ráite úd ach seafóid’. Nuair nár réitigh maithe Antíoc na Pisidia le Pól is Barnabas gur ‘chaith siadsan deannach a gcos díobh ina n-éadan’, féach gurb iad ‘mná diaganta fiúntacha agus uaisle na cathrach’ a bhrostaigh na Giúdaigh éadmhara chun géarleanúint a imirt ar na haspail, (Gníomhartha na nAspal 13:14, 43-52). Ar ábhar eile ar fad, feictear an bheirt chéanna, Pól agus Barnabas, luaite le ‘conspóid nár shuarach’ maidir le ‘timpeallghearradh de réir ghnás Mhaois’ agus cúrsaí slánaithe. Lean cruinnithe, plé fada agus foireann idirbheartaíochta d’fhonn an teagasc a shoiléiriú, (Gníomhartha na nAspal 15:1-2; 22-29). Ar ndóigh, bhíothas ag iarraidh an cúlra cultúrtha ró-ghiúdach a mhaolú d’iompaithigh chun na Críostaíochta ag an am áirithe sin. Ach is spéisiúil mar sin féin gur thánathas ar réiteach sásúil ar cheist a bhí íogair go leor, rud nár mhiste i gcás cúrsaí ban agus an Eaglais.  

            Maidir leis sin de, bíonn dhá théarma á síorúsáid agus ní chun tairbhe na hargóna i gcónaí é. Is iad sin ‘ceart’ agus ‘feimineachas’. Laistigh den Chríostaíocht a cumadh agus a cleachtadh iad mar théarmaí. Is cosúil gurbh ag Comhdháil Lambeth den Eaglais Anglacánach sa bhliain 1888 is túisce a luadh cearta ban i gcomhthéacs polagamais san Afraic. Dúirt Easpag dúchasach Yoruba leis an lucht éisteachta ós rud nárbh iad na mná a roghnaigh socrú an pholagamais, gur cur isteach ar a gcearta é. Ach cheana féin thiar sna 1690aidí bhí leagan amach don bhfeimineachas Críostaí i gcló ag an Anglacánach mná, Mary Astell, a raibh scríbhinní John Locke ar son saoirse fear á suathadh. Is bean eile, Hubertine Auclerc, a chum an téarma ‘feimineachas’ thart ar 1882. Ba iarChaitliceach Rómhánach agus gníomhai polaitiúil ar son ban í. Sna céid idir an bheirt bhan sin bhí mná ag teacht chun tosaigh sna heaglaisí Críostaí go léir, go háirithe sna grúpaí cothromaíoch neamhordlathach ar nós Chumann na gCarad agus na gComhthionólaithe, agus ligeadh leo – in am an ghátair ar uairibh. Sa Chomaoin Anglacánach bhíodh mná an-ghníomhach i ngnéithe den mhinistreacht shóisialta, cé nach le faomhadh na bhfear ar uairibh é. San Eaglais Chaitliceach, bhí líon na n-ord ban rialta ag méadú go mór agus ról thar a bheith gníomhach á chleachtadh acu sa saol tuata i mbun scoileanna, ospidéal agus díleachtlanna agus ar na misin thar lear. Áirítear an ghníomhaíocht sin go léir mar an chéad tonn feimineachais. Is é sin mná ag aimsiú agus ag cleachtadh rólanna gníomhacha laistigh dá n-eaglaisí, rólanna gurb iad féin go príomha a bhí i bhfeighil orthu go praiticiúil, mura raibh go teoiriciúil go minic d’fhonn an struchtúr cliarlathach ordlathach – a rabhadar ina gcuid dhílis de – a shásamh.

            I ndiaidh dhá chogadh dhomhanda agus gluaiseacht cléire is pobail a bhí frithEaglaiseach ar shlite i bhfianaise bhochtanas ar domhan, tharla dhá ní shuaithinseacha sa saol tuata agus sa saol eaglasta araon. Orthusan bhí díospóireacht ar cheisteanna mar an comhionannas nó cothromaíocht deiseanna ar thaobh amháin agus diagacht na saoirse ar an taobh eile. Ag éirí astu bhí an dara tonn den bhfeimineachas ina thús láidir faoi lár an fhichiú haois. Ar an modh céanna leis na téarmaí ‘ceart’ agus ‘feimineachas’, thosaigh plé conspóideach feasta i measc lucht leanta na n-eaglaisí Críostaí ar dhá thopaic. B’iadsin ‘oirniú ban’ agus ‘diagacht ban’, topaicí atá an-bheo i gcónaí. Le himeacht na mblianta tharla athruithe áirithe dá réir a thug aitheantas níos folláine do mhná sna heaglaisí sin.

            Tá go leor brainsí ann den bhfeimineachas agus ní taise don bhfeimineachas Críostaí é. Ón am gur ligeadh do mhná cúrsaí diagachta a leanúint – rud a tharla déanach go leor in Éirinn – thosaigh na céimithe sin ar súil úr agus dearcadh nua ón bpeirspictíocht bhaineann a chaitheamh ar dhiagacht na hEaglaise. Níor fáiltíodh rompu ach bhí toradh ar a gcuid oibre. Áiríodh iad ina radacaigh, fiú mura rabhadar ach ag tógáil ceisteanna. I Meiriceá go háirithe in institiúidí Caitliceacha, chaill mná radacacha a bpoist nó ní bhfuaireadar ardú céime nó coscadh orthu cúrsaí a thabhairt ar an bhfeimineachas Críostaí. Níor chuir sin stop leo, áfach. In Éirinn chomh maith, tá diagairí ban faoi láthair a bhfuil cáil orthu (Field Day Anthology of Irish Writing, 2002, Iml. IV, 655-749). Ar ndóigh, mar a mheabhraíonn Mary T. Malone (Four Women Doctors of the Church, 2015), tá ceathrar ban-naomh áirithe anois i measc Magisterium na hEaglaise: Caitríona Siena (1347-1389) agus Teresa Avila (1515-1582) ón mbliain 1970 faoin bPápa Pól VI; Therese Lisieux (1873-1897) faoi lámh an Phápa Eoin Pól II sa bhliain 1997; Hildegard Bhingen (1098 – 1179) de thoradh chinneadh an Phápa Beinidict XVI mí Meán Fómhair 2012. Is díol spéise é gur tharla an chéim seo ó 1970 i leith, nuair a bhí borradh sa ghluaiseacht nua maidir le mná san Eaglais. Mná naofa ab iad, mná a bhris na rialacha ar bhealach, mar chuir an triúr luath, ón dara go dtí an séú céad déag (?) , teagasc ar a gcomhreiligiúnaigh ban. Luaigh an Pápa Proinsias an riachtanas atá le diagacht chuí ban (Amoris Laetitia, 2016). Tá tús maith ar fáil ach tógaint air.