Ag éirí as an Dara Comhairle Vatacánach, d’eisigh an Pápa Pól VI an Missale Romanum ag deireadh na seascaidí. I measc mórán athruithe eile, bhí cead ag tuataí feasta, fir is mná, ceacht an Aifrinn a léamh, na bronntanais a thabhairt chun an cheiliúraí d’fhonn a sacráile agus páirt áirithe a ghlacadh san homaile. Ina theannta sin, ós rud é nach ndearnadh aon tagairt do chlúdach cinn ar mhná, b’ionann sin agus aisghairm treoir thraidisiúnta Phóil Aspail. Faoi thús na nóchaidí ligeadh do chailíní bheith ina bhfreastalaithe ar an gceiliúraí ar Aifreann. Ag tús na nóchaidí chomh maith, d’fhéach Eaglais na hÉireann chun leas a bhaint as friotal níos cuimsithí agus níos uileghabhálaí ina liotúirge (Search, Samhradh 2004). Scríobh an Pápa Eoin Pól II an litir thréadach Mulieris Dignitatem sa bhliain 1988. Mí an Mheithimh (?) 1995 scríobh sé litir oscailte do mhná roimh an gCeathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná a bhí beartaithe do Mheán Fómhair na bliana sin. Ghabh sé buíochas le mná agus ghabh sé leithscéal leo as a bheith imeallaithe san Eaglais. Mar sin féin, chuir sé an t-imeallú sin i gcomhthéacs luachanna agus oiriúnú cultúrtha i gcoitinne. Bhí sé (?) an-chinnte chomh maith nach do mhná ról an tsagairt in eacnamaíocht shacraiminteach na hEocairiste agus nár chóir ról an tsagairt mar fhear a fheiscint i dtéarmaí feidhmeanna na sochaí daonna. Lean an Vatacáin ó shin mórán na teachtaireachta céanna ag tagairt d’ardbhuanna agus do ghinias sonrach ban. Ag an am céanna, ní sa chleachtadh deabhóideach a bhí suim ag gnáthpharóisteánaigh fear in go leor áiteanna ar domhan, ní hionann agus na mná. Tuairiscítear gur mná is cnámh droma na hEaglaise i measc na Maasai san Afraic (cine a shamhlaíodh Dia na Críostaíochta mar bhean). Is eagraíochtaí tuata ban a chabhraíonn le riaradh gnóthaí paróiste in áiteanna i Meicsiceo, mar shampla.
Ba ghné níos achrannaí ar fad an t-éileamh ar oirniú ban mar shárú ar na bacanna cothromaíochta a chonacthas i struchtúir phatrarcha na n-eaglaisí éagsúla. Dar le diagairí áirithe ban, níorbh ann dá leithéid de chosc sa diagacht féin. Faoi choinníollacha forghabhála na Síne ag na Seapánaigh, bhí ar Easpag Anglacánach Hong Kong bean a oirniú sa bhliain 1944. Tharraing sí siar ó chleachtadh, áfach, chuir an Chomaoin Anglacánach chomh mór ina coinne. Sa bhliain 1956 rinne na Meitidistigh bean a oirniú. Faoi 1980 insealbhaíodh Anglacánach mná ina heaspag. Lean an gnás go mall tríd an gComaoin Anglacánach, gur tharla in Eaglais na hÉireann ó 1990 i leith. Chomh luath le 1976, tháinig an doiciméad Inter Insigniores ón Vatacáin ag tabhairt mínithe ar an gcosc san Eaglais Chaitliceach. Cuireadh faoi choinnealbhá mná a d’áirigh iad féin ina sagairt Chaitliceacha in áiteanna i Meiriceá agus san Eoraip. Bunaíodh craobh Éireannach den eagraíocht BASIC (Brothers and Sisters in Christ) i 1993 agus rinne SOPHIA (nó EAGNA, an ghné bhaineann de Dhia) plé an-fhiúntach a éascú. Tá cuntas an-léir ar chuid de na cúrsaí seo ag Claire Colette Murphy SHCJ (An Introduction to Christian Feminism, 1994).
In ainneoin sin uile, leanann an díospóireacht. Ba cheist na mban a bhí chun tosaigh ag an gcéad Shionad in Éirinn le caoga bliain a tharla i nDeoise Luimnigh mí Aibreáin 2016. Labhair bean rialta agus sagart chomh maith le toscairí tuata fear is ban ar ról leasaithe agus breisithe do mhná, mar fhreagra ar ghairm an Phápa ar athnuachan san Eaglais. Fanann fadhb le réiteach fós, áfach. An féidir ar thaobh amháin an tuiscint eaglasta ar fhreagairt do ‘chomharthaí na haimsire’ a thabhairt chun réitigh shásúil leis na hargóintí ró-chasta theibí ar aon athruithe canónda? Ní gá gurb ionann athrú agus eiriceacht. Nó an bhfuiltear ag maíomh go dtuigeann gnáth-dhiagairí fear agus ban, gnáthdhaoine, fís an tShlánaitheora agus aigne Dé?