Maidir le hÉirinn de, níl aon fhianaise ann gur tugadh faoi aistriúchán a dhéanamh ar an TN nó ar an mBíobla ar fad. Tá gluaiseanna Sean-Ghaeilge ar na soiscéil le fáil ón seachtú haois i gCoidéacs Usserianus I atá i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus ábhar áirithe ar bheatha Chríost i lámhscríbhinn ón gcúigiú haois déag, an Leabhar Breac, agus i Leabhar Buidhe Leacáin ón gceathrú aois déag leis. Níl aon fhianaise ar fhonn a bheith ann an TN a aistriú go Gaeilge, ach bhí fonn ar dhaoine sna meánaoiseanna in áiteanna éagsúla ar fud na hEorpa an Bíobla a léamh ina dteanga dhúchais.

Réabhlóid na Clódóireachta

I lár an chúigiú haois déag chabhraigh an t-inneall clódóireachta go mór le cur ar fáil agus le scaipeadh an Bhíobla agus leis an bhflosc chun an Bíobla a bheith ag na daoine ina dteanga dhúchais. I dtosach cuireadh cló ar aistriúcháin a bhí ar fáil cheana féin. Timpeall agus deich mbliana i ndiaidh cló a chur ar an gcéad Bhíobla i Laidin (1456) tháinig an chéad leagan clóbhuailte amach den TN in Strasbourg (1466) i dteanga na ndaoine – i nGearmáinis. Aistriúchán focal ar fhocal ar an Vulgáid a bhí ann, aistriúchán a deineadh in Nürnberg san aois roimhe sin. Idir 1466 agus 1522 tugadh ocht n-eagrán déag den Bhíobla amach i nGearmáinis. Bhí an chuid is mó díobh i gcanúint na hArd-Ghearmáinise, ach bhí roinnt díobh san Íseal-Ghearmáinis. Tá cóip den naoú heagrán ar a dtugtar Bíobla Koberger i leabharlann Chester Beatty i mBaile Átha Cliath. Chuir Anton Koberger, athair baistí Albrecht Dürer, an t-eagrán seo i gcló in Nürnberg in 1483.

Go gairid i ndiaidh 1460 leath réabhlóid na clódóireachta ó dheas go dtí an Iodáil, go Subiaco ar dtús, ansin go dtí an Róimh agus ar deireadh go dtí an Veinéis, áit ar cuireadh i gcló an chéad Bhíobla san Iodáilis sa bhliain 1471 – Bíobla Malerbi (nó Malermi). Anseo chomh maith baineadh úsáid as aistriúchán a deineadh i bhfad níos luaithe – sa cheathrú haois déag. Tharla an rud céanna i gcás an Tiomna Nua sa tSeicis a cuireadh i gcló thart ar 1475 in Nürnberg. Sa chás sin baineadh úsáid as leagan i bhfad níos ársa, leagan a ceartaíodh faoi shúil ghéar Hus thart ar an mbliain 1412.