Bhain réabhlóid na clódóireachta an Fhrainc amach ábhairín níos déanaí toisc go raibh an saol suaite sa tír sin sna blianta 1460-70. Is in Lyon, agus ní i bPáras, thart ar 1476-78, a cuireadh cló ar an gcéad TN Fraincise. Baineadh úsáid as an leagan a bhí ar fáil sa Bible Française du XIIIe siécle, leagan Fraincise a bhí ar fáil i lámhschribhinní ón triú aois déag, agus é athchóirithe. Thart ar 1478 cuireadh i gcló aistriúchán den Bhíobla sa Chatalóinis a bunaíodh ar leagan a deineadh níos túisce ón Vulgáid. Ba iad Bonifacio Ferrer agus scoláirí ó Mhainistir na gCartúiseach in Portaceli sa Spáinn a dhein an leagan sin ón Vulgáid. Cé gur foilsíodh an Sean-Tiomna san Ollainnis in Delft sa bhliain 1477, níor foilsíodh an TN sa teanga sin roimh 1522. Sa bhliain sin in Antuairp d’fhoilsigh Hans van Ruremonde an chéad eagrán den TN san Ollainnis, leagan nua bunaithe ar an Vulgáid agus téacs Gréigise á cheadú, deirtear. Cuireadh a lán leaganacha éagsúla den TN agus den Bhíobla go hiomlán i gcló san Ollainnis in Antuairp ina dhiaidh sin sa tslí gur áiríodh an chathair sin ar cheann de mhórionaid chlódóireachta an Bhíobla.

Is léir ón gcuntas seo go raibh éileamh ar an mBíobla i dteanga na ndaoine ag méadú ar fud na hEorpa, sa Ghearmáin ach go háirithe, le teacht na clódóireachta. Sa chuid is mó de na cásanna baineadh úsáid as aistriúcháin a bhí le fáil cheana féin, agus deineadh eagarthóireacht orthusan chun iad a dhéanamh níos soléite do na daoine. De ghnáth ba iad na huaisle a raibh oideachas orthu a léadh na haistriúcháin ach tá fianaise ann go mbíodh an Bíobla le cloisteáil ina dteanga féin ag an ngnáthmhuintir. Thíos anseo tá tábla a thugann athchoimre de na leaganacha den TN nó den Bhíobla i dteanga na ndaoine a cuireadh i gcló idir 1466 agus 1522, an bhliain a d’fhoilsigh Liútar a aistriúchán ar an TN.

1466  Bíobla sa Ghearmáinis (18 eagrán idir 1466 agus 1522)
1471  Bíobla san Iodáilis (Malerbi)
1475  TN sa tSeicis [1487; Bíobla, 1488, 1489]
1478  TN sa Fhraincis (1498 eag. Jean de Rely)
1478  TN sa Chatalóinis
1480  Bíobla san Íseal-Ghearmáinis
1522  TN san Ollainnis (ST, 1477)