Ag féachaint ar an liosta thuas, tugtar faoi deara nach bhfuil an Béarla ann. Is ait an rud é nach mbeadh an TN nó an Bíobla i gcló i mBéarla faoin mbliain 1522, nuair a chuimhnítear go raibh leaganacha clóite den TN ar fáil sa Ghearmáinis, san Iodáilis, sa Fhraincis, san Ollainnis, sa Chatalóinis agus sa tSeicis, agus gur thosaigh William Caxton ar fheidhm a bhaint as an gclódóireacht i Sasana den chéad uair beagnach leathchéad bliain roimhe sin (1476). Ach is dócha go raibh tionchar ag Sionad Oxford ón mbliain 1408 amach ar an staid seo.

An Téacs Gréigise agus leaganacha Laidine

Maidir leis an téacs bunaidh Gréigise agus ar na leaganacha Laidine a bhí ar fáil d’aistritheoirí na linne seo caithfear dul siar go dtí an Renaissance a spreag spéis as an nua sa Ghréigis agus sa Laidin. Ba é Lorenzo Valla (c.1405-1457) an chéad duine is dócha a d’aithin an gá a bhí le léamh criticiúil a dhéanamh ar an Vulgáid a bhí mar bhuntéacs na n-aistriúchán go dtí seo. Léirigh an dara heagrán de na nótaí a scríobh sé sa bhliain 1453 lochtanna a bhí ar an Vulgáid ag an am sin i gcomparáid leis an téacs bunaidh. Níor foilsíodh na nótaí sin go dtí Bealtaine 1505 tar éis d’Erasmus teacht orthu i mainistir Parc sa Lováin an bhliain roimhe sin. Cé gur dhein Valla an-chuid oibre ar leagan na Vulgáide agus ar an téacs Gréigise níor dhein sé aistriúchán ar an TN. Ach b’in é díreach an rud a dhein Gianozzo Manetti (1396-1459), scoláire Eabhraise agus Gréigise a bhí comhaimseartha le Valla. Ar iarratas ón bPápa Nioclás V dhein sé aistriúchán nua Laidine ar an TN ón nGréigis. B’in é an chéad aistriúchán Laidine den TN ó aimsir Iaróm – ach níor foilsíodh riamh é. Is dócha gur bhraith Manetti go mbeadh an iomarca fadhbanna mar thoradh ar aistriúchán nua Laidine a chur ar fáil.

Ba é Erasmus, faoi bhrú an chlódóra mhífhoighnigh Jean Froben, a d’fhoilsigh an chéad téacs clóbhuailte Gréigise den TN sa bhliain 1516, agus taobh leis a leagan Laidine féin de. B’in é an chéad leagan nua Laidine a foilsíodh ó aimsir Iaróm. D’fhoilsigh Erasmus nótaí agus parafrásáil chun a chuid aistriúchán nua a chosaint. Thug sé ceithre eagrán eile den TN amach ina dhiaidh sin (1519, 1522, 1527, 1535). Sa bhliain 1522 tháinig Bíobla Ilteangach Complutensis amach ar deireadh thiar, tar éis cead a fháil ón Róimh, agus bhí tionchar aige ar eagráin níos déanaí de TN Erasmus. Bhain Colinaeus (Simon de Colines) úsáid as eagráin éagsúla Erasmus agus as an TN Complutensis agus as lámhscríbhinní eile den TN don eagrán ‘criticiúil’ a d’fhoilsigh sé sa bhliain 1534. D’fhoilsigh Robertus Stephanus (Robert Estienne) eagrán nua den TN sa bhliain 1546, agus é bunaithe aige ar an gcúigiú heagrán ó Erasmus agus ar an TN Complutensis. D’fhoilsigh sé eagráin eile sna blianta 1549 agus 1550. An bhliain dar gcionn d’athfhoilsigh sé eagrán 1550 ach an uair seo ina véarsaí. B’in é an chéad uair a deineadh roinnt agus uimhriú ina véarsaí laistigh de gach caibidil, agus tá an leagan amach sin a bheag nó a mhór i bhfeidhm ó shin i leith.