Chuir Théodore de Bèze (Beza) leagan nua Laidine den TN ar fáil mar aon le nótaí sa bhliain 1557. Fear é a raibh clú air sa Fhrainc agus sa Ghinéiv i gcúrsaí an Reifirméisin, cara le Cailvín agus é ina chomharba air sa Ghinéiv. D’fhoilsigh sé eagráin Ghréigise-Laidine den TN sna blianta 1565, 1582, 1588 agus 1598. Bhí tionchar mór ag leagan Laidine Bèze agus a chuid nótaí ar Bhíobla Béarla na Ginéive agus ar leaganacha eile, an leagan Breatnaise agus an leagan Gaeilge san áireamh.

Liútar agus a thionchar

Sa bhliain 1522 d’fhoilsigh Mártan Liútar aistriúchán Gearmáinise den TN – an Septembertestament. Céim fhíorthábhachtach i stair aistriúcháin an TN sa teanga dhúchais a bhí ansin. Sárscríbhneoir sa Ghearmáinis ba ea Liútar agus d’éirigh leis bheith ina shár-aistritheoir de réir a chéile. Chuir sé chuige scríobh i dteanga na ndaoine – agus d’éirigh thar barr leis. Bhain sé úsáid as téacs Gréigise agus leagan Laidine Erasmus, agus as an Vulgáid a raibh aithne mhaith aige uirthi, agus is dócha go raibh cur amach aige ar na haistriúcháin Ghearmáinise a bhí ar fáil san am sin.

Spreag aistriúchán Liútair raidhse mhór aistriúchán i dteangacha éagsúla na hEorpa – mar atá léirithe thíos. Protastúnaigh a dhein an chuid is mó díobh. Bhí tionchar ag leagan Liútair ar roinnt mhaith de na haistriúcháin sin, ní hamháin ar aistriúcháin san Ollainnis, sa Danmhairgis agus sa tSualainnis ach ar aistriúchán Tyndale chomh maith, agus ó leagan Tyndale ar gach leagan Béarla den TN ina dhiaidh sin. Léiríonn an tábla thíos an méid aistriúchán a deineadh sa tréimhse 1522-1611 mar aon leis an tionchar a d’imir leagan Liútair ar roinnt mhaith acu. I gcásanna áirithe bhí tionchar ag an TN nó ag an mBíobla ar theanga agus litríocht na tíre – sa Bhéarla, sa Ghearmáinis, sa Danmhairgis, sa tSeicis, agus san Íoslainnis, mar shampla. Féach ar an tábla thíos:

1522 TN Liútair, bunaithe ar an nGréigis, ar leagan Laidine Erasmus, agus ar an Vulgáid
1523 TN Ollainnise, bunaithe ar leagan Liútair
1523 TN sa Fhraincis (Lefèvre d’Étaples), bunaithe ar an Vulgáid
1524 TN Danmhairgise, bunaithe ar leagan Liútair agus ar leagan Erasmus
   1526 TN Sualainnise, bunaithe ar leagan Liútair, ar Laidin Erasmus agus ar an Vulgáid
1526 TN Béarla Tyndale, tionchar ag leagan Liútair air
1527 TN Gearmáinise (Caitliceach), bunaithe ar leagan Liútair
1530 TN Iodáilise (Brucioli; An Bíobla Iodáilise, 1532)
1533 TN Seicise, ó Laidin Erasmus
   1535 Bíobla Béarla Coverdale – TN bunaithe ar leagan Tyndale agus ar leagan Liútair
1535 TN Fraincise Olivetan bunaithe ar leagan Lefèvre d’Étaples, Erasmus, TN Iodáilise (Brucioli).
1539 An Bíobla Mór (Coverdale) – “ceaptha chun úsáide in Eaglaisí” (TN bunaithe ar leagan Tyndale)
1540 TN Íoslainnise, bunaithe ar leagan Liútair agus ar an Vulgáid
1541 TN Ungáirise, ón nGréigis
1543 TN Caistílise, ón nGréigis
1548: TN Fionlainnise, ón nGréigis, le cabhair ón Vulgáid agus ó leaganacha Gearmáinise agus Sualainnise
1548 TN Soirbise/Veindise, bunaithe ar leagan Liútair, ar an Vulgáid, agus ar an leagan Nua Seicise
1553 TN Polainnise ón nGréigis, ón Laidin agus ó leaganacha eile
1555 TN Spáinnise (Bíobla, 1569); TN athchóirithe 1596 (de Valera)
1557 TN Leagan Béarla na Ginéive, athchóiriú ar Tyndale faoi anáil Bèze; Bíobla na Ginéive (BG), 1560: 70 eagrán 1560-1644
1560 TN Romainise san Eilvéis, ón Vulgáid agus ó leaganacha eile
1563 TN Cróitise, ó leagan Laidine Erasmus, ó leagan Liútair, le cabhair ó   leaganacha eile
1564 TN Seicise ón nGréigis [1579-93, Bible Kralická, tionchar ar an teanga]
1568 Bíobla Béarla na nEaspag (BE); TN faoi anáil Tyndale
1570 TN Bealarúisise
1571 TN Bascaise, bunaithe ar leagan Fraincise Olivetan
1577 TN Slóivéinise, ó leaganacha Laidine, Gearmáinise agus Iodáilise.
1581 TN Slavóinise
1582 TN Douai, Rheims (Béarla), ón Vulgáid, le cabhair ón nGréigis
1599 TN Eabhraise, Nürnberg
1611 Bíobla Rí Séamas BRS (Béarla)