Mar a fheicimid ón tábla seo ó aimsir Liútair go dtí deireadh an chéid aistríodh an TN go thart ar fhiche teanga san Eoraip – teangacha móra agus teangacha mionlach mar Romainis san Eilvéis, an Bhascais, an Bhreatnais, an tSoirbis (nár clóbhuaileadh áfach), agus sa bhliain 1599, an Eabhrais.

An TN i mBéarla in Éirinn

Ón tábla thuas feictear na haistriúcháin Béarla a bhí ar fáil i Sasana agus is dócha in Éirinn sa seú haois déag. Maidir leis na haistriúcháin den TN a d’fhéadfadh a bheith in úsáid ag na scoláirí a d’aistrigh an TN go Gaeilge idir 1571 agus 1602/3, bhí tábhacht ar leith ag baint le TN Béarla Tyndale (1526) toisc go raibh tionchar mór aige ar gach aistriúchán Béarla den TN a tháinig ina dhiaidh. Ach is mó an tábhacht a bhí ag baint le TN Béarla na Ginéive a foilsíodh sa bhliain 1557 agus sa bhliain 1560 mar chuid de Bhíobla Béarla na Ginéive. Sasanaigh a bhí ar deoraíocht sa Ghinéiv a dhein é agus bhí an leagan seo go mór faoi anáil leagan Bèze. B’in é an leagan Béarla ba mhó a bhíodh á léamh ag lucht an Bhéarla go ceann i bhfad. Bheifeá ag súil go mbeadh aithne mhaith agus cion faoi leith ar Bhíobla na Ginéive ag aistritheoirí a dhein a gcuid staidéir in Cambridge, ní hamháin toisc gurbh é an ceann ba mhó a bhí á léamh lena linn, ach freisin toisc go raibh baint ag an nGinéiv agus ag leithéidí Chailvín agus Bèze leis.

Bhí dhá leagan eile den Bhíobla Béarla a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar aistritheoirí Gaeilge an TN, is é sin an Bíobla a chuir Miles Coverdale in eagar sa bhliain 1539 den chéad uair, agus Bíobla na nEaspag ón mbliain 1568. Tugadh an Bíobla Mór ar an gcéad cheann díobh sin agus bhí sé “ceaptha chun úsáide in eaglaisí”, mar atá scríofa i leathanach teidil an dara heagrán (1540).  B’in é an Bíobla arbh é “the largest volume in England” é agus ar chóir é a bheith in eaglaisí na ríochta de réir foláirimh ó Thomas Cromwell, príomh-aire Anraí VIII, sa bhliain 1538, foláireamh a deineadh a athnuachan i dtosach réimeas Éadbhaird agus réimeas Eilíse.  Le linn réimeas Mháire, d’fhan sé mar leagan údaraithe. Is dócha gur féidir glacadh leis gurbh é sin an Bíobla a bhí in úsáid i dTeampall Phádraig i mBaile Átha Cliath agus in eaglaisí Protastúnacha eile in Éirinn agus i Sasana ó 1539 nó mar sin anuas go dtí 1568 ar a laghad. Agus bhí sleachta as an mBíobla Mór le cloisteáil agus iad á léamh as Leabhar na hUrnaí Coitinne ag an gComaoineach gach Domhnach agus gach féile. Caithfidh go raibh aithne mhaith ag na haistritheoirí Gaeilge air ó bheith ag éisteacht leis san eaglais. Ach ós rud é gurbh athchóiriú é TN an Bhíobla Mhóir de TN Tyndale agus go bhfuil an-chosúlacht eatarthu, tá sé an-deacair a aithint cé acu a d’fhéadfadh a bheith in úsáid in aon chás ina mbíonn na leaganacha ar aon dul lena chéile. Is é an Bíobla Mór an ceann is dóchúla, áfach, sna cásanna sin.