Bheadh Bíobla eile Béarla ar aithne ag na haistritheoirí Gaeilge, is é sin Bíobla na nEaspag, a chuir easpaig Shasana ar fáil sa bhliain 1568. Bhí cuid áirithe de na heaspaig páirteach san aistriúchán. Athchóiriú ar an mBíobla Mór a bhí i gceist. Is é an intinn a bhí laistiar den athchóiriú sin dul i ngleic le laige an Bhíobla Mhóir ó thaobh amháin de, agus an spiorad Cailvíneach a bhí i nótaí Bhíobla na Ginéive a sheachaint, ón taobh eile de. Measadh nach raibh Bíobla na nEaspag chomh maith mar aistriúchán le Bíobla na Ginéive, agus cé gur foilsíodh naoi n-eagrán déag de idir 1568 agus 1606 agus aon eagrán déag den TN níor thóg sé áit Bhíobla na Ginéive i measc na ndaoine. Mar sin féin bheifeá ag súil go mbeadh cur amach ag na haistritheoirí Gaeilge ar Bhíobla na nEaspag.

Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí agus

Dara Comhairle na Vatacáine

Donncha Ó hAodha

  1. 1.Réamhrá:

Ar an 8ú lá Nollaig 2015 cheiliúr an Eaglais cothrom caoga bliain ó dúnadh Dara Comhairle na Vatacáine. Tá sé dearbhaithe ag an bPápa Proinsias go gcuirfear tús le Iubhaile na Trócaire ar an ócáid chéanna seo. Sa bhliain 2017 ceiliúrfar cothrom cúig bliana is fiche ó fhoilsiú Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (CEC), caiticiosma uilechoiteann na hEaglaise, a eisíodh ar an 11ú lá de Dheireadh Fómhair 1992, cothrom tríocha bliain ó oscailt Dara Comhairle na Vatacáine. D’fhoilsigh Naomh Eoin Pól II an Caiticiosma leis an Reacht Aspalda Fidei Depositum (FD) “ar ócáid foilsithe Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí a ullmhaíodh i ndiaidh an Dara Comhairle Éacúiméineach de chuid na Vatacáine” (mar a léitear i bhfotheideal an Reachta Aspalda). Sa doiciméad údarásach seo léiríonn an tAthair Naofa nascanna éagsúla idir an Caiticiosma agus Comhairle na Vatacáine. Taispeáineann sé i ndáiríre gur toradh é an Caiticiosma seo, an Caiticiosma is leithne agus is doimhne agus is saibhre i stair na hEaglaise, ar Dhara Comhairle na Vatacáine.