Ba é Cuallacht Cholm Cille a bunaíodh i measc mhic léinn Mhaigh Nuad in 1898 an chéad ghléas a cuireadh ar fáil chun soiscéal na Gaeilge a theagasc go forleathan agus go leanúnach i measc na cléire óige. Faoin am sin bhí Eoghan Ó Gramhna ar leaba an bháis in Arizona – fuair se bás an bhliain ina dhiaidh sin – ach lean an chomharba Micheál Ó hIcí den soiscéal céanna i dtús na fichiú haoise. Ba ghairid go raibh glúin nua den shagart óga á n-ullmhú i Maigh Nuad agus séala na Cuallachta ar a n-éadan. Bhí siad ag teacht faoi thionchar Uí Ghramhna fiú amháin tar éis bháis dó, mar tugadh a chorp ar ais go Maigh Nuad i 1903; nuair a bhí Dubhghlas de hÍde sna Stáit Aontaithe in 1905-6, thug sé 2an áit is Gealaí in Éirinn” ar an choláiste.

            Feictear dom go minic gurbh í an ghlúin sagart a tháinig as Maigh Nuad sna blianta roimh an chéad Chogadh Domhanda an ghlúin ba Ghealaí agus ba shaibhre tírghrá a agus ba thorthúla saothar ar son a bpobail féin agus na náisiúin thar lear dár shíolraigh as Maigh Nuad riamh anall. Ina measc bhí an tAth Dónall Ó Tuathail ó Dhún agus Coinnire, an té a chuir eagar ar Tóraidheacht na bhFiréin ar lorg Chríost, an tAth. Lorcan Ó Muirí ó Ard Mhacha, Bunaitheoir Choláiste Rann na Feirste, An tUltach agus Comhaltas Uladh, an tAth. Tomás Ó Ceallaigh ó Ail Finn, an chéad duine a thug faoi Opera a chumadh i nGaeilge, an tAth. Pól Breathnach, staraí agus ollamh, an tAth. Liam Ó Fearghusa ó Chiarraí, crann taca agus athbhunaitheoir Chumann na Sagart sna tríochaidí, agus liosta fada cléire a bhí iontach saothrach i gcúrsaí Gaeilge ar ball – Tomás Burbage (Cill Dara), Riobard Fullerton agus Séamus Mac Léanacháin (Dún & Coinnire), Micheál Mac Cearbhaill agus Con Mac a’ Bhaird (Clochar), Pádraig Mac Giolla Cearra (Ráth Bhoth), Peadar Mag Loingsigh agus Uaitear Ó hÉigeartaigh (Doire), Máirtín Ó Dónaill (Tuaim), Máirtín Ó Riain (Fearna), Tomás Ó Muircheartaigh (Ciarraí), agus go leor eile. Leis na tréimhse chéanna, ar ndóigh, a bhain na sagairt a bhunaigh Misinéirí N. Columbáin.