Is é atá i gceist sna focla seo a leanas ná iarracht ar roinnt gnéithe den gcaidreamh bunúsach idir an Chomhairle agus an Caiticiosma a chur i láthair. Is féidir a rá go bhfuil an Caiticiosma doscartha ón gComhairle, ó thaobh stair an Chaiticiosma, chomh maith lena ábhar agus a stíl agus a chuspóir. I mbeagán focal, ní bheadh CEC ann gan an Dara Chomhairle de chuid na Vatacáine.

Is féidir béim a leagan ar phointe amháin láithreach bonn : Nuair a déantar staidéar ar stair an Chaiticiosma agus ar an próiseas inar cuireadh le chéile é, ar a ábhar, a stíl agus a shaintréithe, is léir go mbaineann an téacs seo le príomh-aidhm na Comhairle: is é sin le rá, an tsoiscéalaíocht, faoi mar a dhearbhaigh an Pápa Naomh Eoin XXIII san aitheasc cáiliúil a thug sé ag oscailt na Comhairle i 1962. “Ba é ba intinn agus ba mhian leis an Chomhairle, misiún aspalda tréadach na hEaglaise a chur i bhfáth, agus an cine daonna ar fad, trí fhírinne lonrach an tSoiscéil, a thabhairt chun grá Chríost a lorg agus a ghlacadh, an grá atá os cionn tuisceana (cf. Eif. 3,19)” (FD, Réamhrá).

  1. 2.Stair an CEC agus Dara Comhairle na Vatacáine

2.1: Réamhstair CEC:

Ó aimsir na Comhairle anonn is í an tsoiscéalaíocht atá mar phríomh-théama ag magisterium na hEaglaise. Is mar sin atá fós. Is leor smaoineamh ar Litir Aspalda fhíor-shuntasach an Phápa Proinsias, Evangelii Gaudium de chuid na bliana 2013. Roimhe sin is féidir cuimhniú ar na sionaid go léir a bhí ann in aimsir an Phápa Eoin Pól II ag plé cúrsaí soiscéalaíochta, chomh maith leis an teagasc ar fad a thug sé ar an téama seo, ach go háirithe an imlitir Redemptoris Missio sa bhliain 1990. Le blianta beaga anuas tá ócáidí agus tionscnaimh nua á gcur ar bun chun an tsoiscéalaíocht a chur chun cinn, mar shampla Laethanta Domhanda na hÓige agus Laethanta Domhanda na Clainne. Tá struchtúir nua ann chomh maith, ar nós an Chomhairle Phápúil don Nua-Shoiscéalaíocht a bhunaigh an Pápa Beinidicht XVI sa bhliain 2010. Baineann CEC leis an mór-iarracht seo chun an creideamh a fhógairt i stíl dhearfach sa lá atá inniu ann.

Tá sé tábhachtach machnamh a dhéanamh chomh maith ar na blianta díreach i ndiaidh na Comhairle chun stair an Chaiticiosma a thuiscint. Bhí an tríú tionól ginearálta de Shionad na nEaspag i 1974 dírithe ar théama na Soiscéalaíochta, agus ba mar thoradh ar an dtionól seo a scríobh Pól VI Beannaithe an doiciméad iontach Evangelii Nuntiandi (1975).