An téama a bhí ag Sionad na nEaspag i 1977 ná an chaiticéis. Bhí an-tábhacht ag baint leis an Aitheasc Aspalda, Catechesi Tradendae (1979), a d’eascair ón tionól seo, ní amháin mar gur oibrigh triúr Pápa ar an dtéacs, ach go mór mhór toisc an bhéim a cuireadh ann ar lárnacht Chríost sa chaiticéis.

Sna blianta a lean an Chomhairle déanadh an-chuid tástáil agus turgnamh chun teacht ar chórais agus bealaí nua le haghaidh na caiticéise. Bhí buanna áirithe ag baint leis seo, mar shampla sa mhéid gur baineadh úsáid as teicnící oiliúna nua. In áiteacha éagsúla áfach cuireadh béim níos mó ar an gcóras múinte agus ar an modheolaíocht seachas ar shubstaint an chreidimh féin. Leagadh an-bhéim freisin ar thaithí an duine agus an chomhluadair.

Ach bhí fadhbanna ag baint leis seo, go mór mhór nuair a chonacthas go raibh níos lú eolais chruinn ag Caitlicigh ar a gcreideamh, ar bhunaltanna an Chré. Bhí an tuairim ann fiú amháin nárbh fhéidir an chaiticéis a dhéanamh níos mó, agus i réimsí áirithe déanadh díspeagadh ar choincheapanna nó téarmaí ar nós “dogma” no “foirceadal” (doctrina).

           (Is téama leathan agus casta é seo, agus ní féidir é a phlé i gcear san áit seo. Mar sin féin, tá a fhios againn go léir gurb é ár bhfíor-dhúshlán é inár dtír féin inniu.)

Sa chomhthéacs seo, bhí tábhacht ar leith ag baint leis an siompóisiam a d’eagair Ard-Easpaig Páras agus Lyons sa bhliain 1983, ar conas an creideamh a mhúineadh agus a sheachadadh ar aghaidh do na glúine ag teacht inár ndiaidh. I measc iadsan a labhair ag an siompóisiam seo, bhi an Cairdinéal Ratzinger, agus freisin Dermot Ryan, Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath. Labhair an tArd-Easpag Ryan faoin bhfadhb a chonaic sé sa chóras oideachais: bhí daoine óga ag fágáil an bhunscoil Chaitliceach gan paidreacha bunúscha an Chreidimh ar eolas acu. Cé go raibh siad in ann téarmaíocht chasta na teicneolaíochta a fhoglaim gan stró, níor cuireadh os a gcomhair téarmaíocht bhunúsach an Chreidimh, téarmaíocht níos éasca ná téarmaíocht na teicneolaíochta. Luaigh an Cairdinéal Ratzinger nach raibh sé de mhisneach a thuilleadh ag daoine áirithe an Creideamh a chur i láthair go hiomlán agus go horgánach. Bhí tionchar an-mhór ag an siompóisiam seo ar an díospóireacht faoi an gcaiticéis.

            Sa bhliain 1985 ghairm an Pápa Eoin Pól II tionól neamhchoiteann de Shionad na nEaspag, ar chothrom fiche bliain ó oscailt Dara Comhairle na Vatacáine. “Ba é ba chuspóir don tionól sin grástaí agus torthaí spioradálta Dara Comhairle na Vatacáine a chomóradh agus an teagasc a tháinig aisti a dhoimhniú, d’fhonn cloí níos dlúithe leis agus é a chur i bhfios agus i bhfeidhm” (F.D., Réamhrá).