Ba thoradh ar an Sionad seo an Caiticiosma. Chuir Aithreacha an tSionaid a mian in iúl “go gcuirfí le chéile caiticiosma nó coimre ar an bhfoirceadal Caitliceach go hiomlán, idir chúrsaí creidimh agus moráltachta, a bheadh ina cháipéis tagartha ar na caiticiosmaí nó na coimrí a chumfaí sna tíortha éagsúla. Ba chóir an foirceadal a chur i láthair ar bhunús an Bhíobla agus an liotúirge, agus teagasc á leagan amach ann a bheadh cruinn agus ag an am céanna in oiriúint do shaol Críostaithe na linne seo” (Tuarascáil dheiridh an tSionaid neamhchoitinn, 7 Nollaig, 1985, II, B, a, 4: FD Réamhrá). Ghlac Eoin Pól II leis an dtogra seo, ag dearbhú go raibh sé “ag freagairt go baileach don ghá atá ag an Eaglais uilechoiteann agus ag na hEaglaisí ar leith” (FD, Réamhrá).

2.2: Comhdhéanamh CEC

Conas ar cuireadh CEC le chéile? Cé an córas ar baineadh úsáid as chun an téacs a scríobh agus a chur in eagar? An próiseas a bhí ann, ba thoradh é ar luachanna na Comhairle, is é sin le rá bhí coláistiúlacht agus spiorad éacúiméanach i gceist, agus ba thionsnamh de chuid na hEaglaise uile é.

–          I mí an Mheithimh 1986 thug an Pápa an cúram do Choimisiún, caiticiosma comhchoitianta a chur le chéile. Bhi dáréag cairdinéal agus easpag ina mbaill den choimisiún seo, agus an Cairdinéal Seosamh Ratzinger mar uachtarán air. Na baill eile ná an ceathrar Cairdinéil: Baum (Comhthionól um Léann Eaglasta), Lourusamy (Comhthionól do Eaglaisí an Oirthir), Tomko (Comhthionól don tSoiscéalaíocht) agus Innocenti (Comhthionól don gCléir). Ba easpaig iad na baill eile: Law (Boston), Stoba (Poznan, sa Pholainn), Edelby (Aleppo, i Siria), D’Souza (Calcutta, san Ind), Isidoro de Souza (Cotonou, Benin), Benítez Avalos (Villarica, Paragua), agus freisin an tArd-Easpag Schotte (Beilgeach, Rúnaí Ginearálta de chuid Sionad na nEaspag).

–          I mí na Samhna 1986 bunaíodh coiste eagarthóireachta a raibh seachtar easpag mar bhaill ann: Estepa (easpag míleata na Spáinne), Maggiolini (Como, san Iodáil), Honoré (Tours, an Fhrainc), Medina (Rancagua, an tSile), Konstant (Leeds, Sasana), Levada (Portland, Stáit Aontaithe), Karlich (Paraná, an Airgintín). Idir an dá linn ghlaoigh an Cairdinéal Ratzinger ar an Ollamh Christof Schönborn, OP (Doiminiceach) ó ollscoil Fribourg san Eilvéis, le bheith ina rúnaí ar an bhfoireann seo scríbhneoirí. (Tá Schönborn anois ina Chairdinéal Árd-Easpag ar Vín, príomhchathair na hOstaire.) Seo iad na fir a dhein an chuid is mó den obair i gcás scríobh agus eagarthóireacht an Chaiticiosma.

–          Bhi “réamh-thionscnamh” ullmhaithe faoi an mbliain dár gcionn, 1987, agus cuireadh go 40 comhairleoirí é chun a dtuairimí a fháil.

–          I mí na Samhna 1989 cuireadh “tionscnamh athbhreithnithe” chuig gach Easpag san Eaglais, chuig gach Comhdháil Easpag, agus chuig príomh-ollscoileanna agus institiúidí na hEaglaise. Tháinig 938 freagraí ar ais ón gcomhairliúchán ollmhór seo, agus 24,000 moltaí á ndéanamh iontu.

–          Deineadh staidéar agus meastóireacht ar na moltaí seo go léir idir mí an Mheithimh agus mí Deireadh Fómhair na bliana dár gcionn 1990, agus cuireadh an-chuid leis an dtéacs de bharr na moltaí seo. (B’fhéidir gurb é an toradh is suntasaí a bhí ar an gcomhairliú go léir ná an cinneadh go gcuirfí an cheathrú “Chuid” leis an dtéacs, ar “An Urnaí Chríostaí”.)