–          I mí Feabhra 1992 bhí an leagan deiridh críochnaithe ag an gcoimisiún. Tugadh don Athair Naofa é, agus cheadaigh sé é i mí an Mheithimh 1992. Fógraíodh CEC i nDeireadh Fómhair 1992, agus an mhí dár gcionn foilsíodh eagrán Fraincise i bPáras. Foilsíodh eagrán i mBéarla sa bhliain 1994, agus eagrán Gaeilge i 2001.

–          Eisíodh an editio typica sa Laidin ar an 15ú lá de Lúnasa 1997.

Tá sé soiléir on gcaoi inar cuireadh an Caiticiosma le chéile gur téacs uilechoiteann é agus gur obair choláistiúil den scoth a bhí ann. Dian-obair mhionchúiseach a bhí ann chomh maith dar ndóigh: ullmhaíodh naoi leagan den téacs roimh theacht ar an leagan deireaneach. Ó is rud é gur tháinig an oiread sin tuairimí agus moltaí ó an domhan uile, tá saibhreas ar leith ag baint le CEC. Mar adeir Eoin Pól II: “Comhcheol an oiread sin glórtha, is friotal é dáiríre ar an rud a bhféadfaí ‘siansa’ an chreidimh a thabhairt air” (F.D. 1)

  1. 3.Ábhar CEC agus Dara Comhairle na Vatacáine:

An rud atá luachmhar faoi CEC ná go gcuireann sé os ár gcomhair an Creideamh Caitliceach ina iomláine, agus go h-orgánach. Tá an Caiticiosma “tógtha” ar na ceithre “colúin” a bhí ina gcreatlach go traidisiúnta le haghaidh teagasc an chreidimh. Seo iad ceithre “Coda” an Chaiticiosma: Cuid a hAon: Admháil an Chreidimh (An Cré); Cuid a Dó: Ceiliúradh na Rúndiamhra Críostaí (an Liotúirge); Cuid a Trí: An Bheatha i gCríost (teagasc morálta); Cuid a Ceathair: An Urnaí Chríostaí (Guí). Tá sruth orgánach mar sin ag dul tríd an téacs, ó an lex credendi, go dtí an lex celebrandi, go dtí an lex vivendi, go dtí an lex orandi. Múineann Cuid a hAon ailt an Chré: céard a chreideann muid. Múineann Cuid a Dó conas a cheiliúrtar na rúndiamhra seo i liotúirge na hEaglaise. I gCuid a Trí léirítear conas a chuirtear ár gcreideamh agus ár bpáirtíocht sa ghrásta diaga i ngníomh in ár saol laethúil; agus i gCuid a Ceathair déantar cur síos den scoth ar an urnaí a dhéanann muid go pearsanta agus i gcomaoin na hEaglaise. An t-aon mhór-Chaiticiosma eile a foilsíodh i rith stair na hEaglaise, Caiticiosma Comhairle Thrionta, tógadh é ar na ceithre colúin chéanna.

Sa Bhulla Porta Fidei, len ar sheol sé Bliain an Chreidimh i 2012, chun cothrom tríocha bliain ó oscailt Dara Comhairle na Vatacáine a cheiliúradh, deir Beinidicht XVI gur “fíor-thoradh” ar an gComhairle é CEC. Is léir é seo i ndáiríre ar ábhar an Chaiticiosma, chomh maith leis an chaoi ina gcuirtear fírinní an Chreidimh in iúl ann.

Luann an Caiticiosma féin go mbraitheann sé ar theagasc na Comhairle: “Tá sé de chuspóir ag an Caiticiosma seo faisnéis eagraithe nó sintéis a chur i láthair de bhunéirim eisintiúil an fhoirceadail Chaitlicigh i dtaobh an chreidimh agus na moráltachta, faoi léas Dhara Comhairle na Vatacáine agus iomlán Thraidisiún na hEaglaise” (CEC 11).

Tá sé soiléir gurb é seo é Caiticiosma na Comhairle. Tar éis an Scrioptúr Naofa is iad téacsanna na Comhairle na foinsí is mó a mbaintear úsáid astu sa téacs. In theannta sin, tá mór-théamaí na Comhairle le braistint ar fud an Chaiticiosma: an ghairm uilíoch chun na naofachta agus na soiscéalaíochta, an Eaglais mar chomaoin (communio); an chaoi ina gcuirtear an Liotúirge os ár gcomhair mar cheiliúradh ar na Rúndiamhra Críostaí, 7 rl.