Is féidir gnéithe áirithe eile den Chaiticiosma a lua, a léiríonn an aontacht idir é agus an Chomhairle. Sa dá chás ta an phríomh-áit ag an Scrioptúr Naofa. Deir Dei Verbum (uimhir 24) gurb é an Scrioptúr “anam na diagachta”. Is é anam an Chaiticiosma é an Bíobla gan aon amhras.

Tá téacs an Chaiticiosma lán de thagairtí do Aithreacha agus do Dhochtúirí na hEaglaise, chomh maith le Naoimh ó gach tréimhse stairiúil agus ó gach traidisiún liotúirgeach, idir mhná agus fhir. Cuireann an saibhreas stairiúil seo i gcuimhne dúinn an ressourcement, an mhian chun dul ar ais ag foinsí na hEaglaise a bhí le braistint ag an gComhairle Vatacáineach.

Go minic sa Chaiticiosma déantar tagairt do Eaglaisí an Oirthir, agus do thraidisiúin liotúirgeacha éagsúla chomh maith leis an Deasghnáth Rómhánach.

Tá dearcadh láidir éacúiméanach ag an téacs: mar shampla is féidir breathnú ar an míniúchán a thugtar ar an bhfíréanú (CEC 1987 agus a leanas).

  1. 5.Críoch:

Thar aon rud eile is téacs soiscéalaíochta é an Caiticiosma. Tá sé dírithe sa chéad áit ar thréadaithe na hEaglaise, ar na hEaspaig a bhfuil sé mar phríomh-fheagracht orthu an Creideamh a chaomhnú, a chothú agus a fhógairt. Ach, mar a deir Eoin Pól II, “tá sé á thairiscint freisin do na fíréin go léir a dteastaíonn uathu eolas níos fearr a chur ar shaibhreas dochuimsithe an tslánaithe (cf. Eif. 3,8). Is mian leis, freisin, tacú leis an dícheall éacúiméanach atá á spreagadh ag mian bheannaithe na haontachta idir na Críostaithe uile… Ar deireadh, tá Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí á thairiscint do gach aon a éilíonn uainn bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionainn (cf. 1 Pead. 3,15)” (FD 3).