I ndeireadh na dála, is toradh saibhir agus luachmhar é CEC ar mhian an Phápa Naomh Eoin XXIII nuair a leag sé mar phríomh-chúram ar an gComhairle “caomhnú agus míniú níos fearr a dhéanamh ar thaisce luachmhar an fhoirceadail Chríostaí, chun go mbeadh teacht níos éasca air ag fíréin Chríost agus ag lucht na dea-thola go léir” (FD, Réamhrá).

Focail nach bhfuil is bhfoclóiri: buanaiocht

Téarma(i) níos simplí: oibleagaidíocht

Dearóil, aidíocht sna foclóiri; mar ainmfhocal: t. ainmneach iolra agus ginideach iolra?

An teideal: Cé hiad   …a ghoile (no a Ngoile?)

                   Colm Ó Tórna

3 Garrán Ghleann Sceiche, Ard Aidhin,Baile Átha Cliath 5.

     01/8313333 087 /2266594 colmotorna@gmail.com

Cé hiad (??hé??) sin mo chomharsa a bhfuil faobhar ar a ghoile?

Colm Ó Torna

Comhthéacs

Faoi láthair mairimíd i ré sibhialtachta inar aimsíodh gach deis, gach cumas agus gach bealach chun an bhochtaineacht, galair agus an éagóir bhunaithe atá á mbrú ar lucht na dearóile a ionsaí le héifeacht agus go leanúnach. Tá inár seilbh an eolaíocht agus an teicneolaíocht, sainoilteacht i gcúrsaí leighis, cumais talmhaíochta agus deantúsaíochta, modhanna taistil, iompair agus cumarsáide nach raibh riamh cheana ag an gcine daonna, go bhfios dúinn.