Fós fágtar ar an dtrá folamh iad. Tá an teideal daonna atá ag na dearóil teacht ar na bun- agus buan-riachtannais mhaireachtála, a eilítear ag a ndínit chun a bheith beo le dóchas, séanta, coscaithe ortha. De bharr an dul chun cinn éachtach luaite thuas i ngach a bhaineann le iliomaid cumais agus feidireacta atá inár seilbh, san Iarthar go háirithe, is riachtannas anois go mbuanófar bunsraitheanna morálta doimnithe faoin a roinnt.

Is léir go bhfuil an idirbheartáiocht pholaitiuil idirnaisiunta eagórach agus chomh maith leis sin institiuidithe sna corais agus sna bealaí uile lena chaitheann Saibhir le Daibhir, go bhfuil na nósanna a ghlactar leo i gcúrsaítradála agus gnó a shaothraíonn don Saibhir foinsithe sa mheanma Saint seachas Roinnt, go bhfuil a spiorad seascaithe beag beann ar phrionsabáltacht na daonnachtúlachta ina bhfuil sealbhú ár ndaonlathais féin fréamhaithe.

Na dearóil brúite go taobhlínte ár n-iomarcaíochta.

Is fíordhúshlán daonnachtúil ár linne é go mbuanófaí nuathuiscint de “ceart dom, ceart duit” mar phríomhacht phrionsabálta i ngach deileáil agus cumarsáid idirnáisunta idir Saibhir agus Daibhir. Ní beag san.

Fréamhriachtanais na maitheasa agus na buanaíochta soisialta

“The modern experiment to live without religion has failed, and once we have understood this we know what our ‘post-modern’ tasks really are”. A Guide for the Perplexed le E. F. Schumacher.

Is í cailliuint bheonasc lenár Chruthaitheoir uile an phriomh-earráid inár dtuiscint dár ról i gcumadh ár chaibidil reatha i scéal leanúnach an Duine agus an bhagairt ar shibhialtacht ár linne go hairithe.