Is fíor seo go háirithe lenár linn féin agus aghaidh daonna misniúil, failtiúil le fearradh againn roimh líon na dteifeach atá ag plódú isteach ag lorg chaighdean saoil atá coscaithe ortha ina dtíortha dúchais féin. Go mba chóir go mbeadh a shliocht a fhanann ar ball níos Eorpaí na na hEorpaigh féin – ach tá seo ag braith ar folláine dheimeagrafach na hEorpa féin.

Go dtí go n-athaimsítear beonasc leo siúd ar an imeall agus go nginfear chomharchúram i gcoinsias leo, is baolach go leanfaidh an bás ag snámh ar chraiceann sibhialtacht na hEorpa agus Iarthair an Domhain. Go deimhin nuair a bhraithniotar ar thíortha Aontais na hEorpa agus a gcuid chinnirí, le Angela Merkel mar eisceacht sonrach, ag tiontú droime ar na dearóil (???) lasmuigh de sconsaí míthrócaireacha nuathógaithe is féidir go bhfuil bagairt an bháis chultúrtha féin sin cheana féin sáinnithe go smior ina mheanma.

Peter Sutherland mar guth sa bhfásach ag nochtadh fimínteacht agus easpa dhaonnachtúlacht chinnirí na hEorpa. Fada ó fhís Chríostúil Maurice Schumann atá meoin agus meanma an AE.