An féidir go dtuillfimid an daorbhreith dheiridh toisc nách bhfuilimid i gcabhair air agus i gcomhair leis an Chríost céanna i bhfoirmeacha na ndearóil tréigthe a fhulaingíonn lenár linn féin mar strainseiri, iad tartmhar, de cheal éadaigh, tínn agus stiúgtha leis an ocras agus go fiú i mbaol bhás ainniseach go díreach tar éis bhreith dibh?

Dearóil ár linne

“Ni ins an ainnise is measa linn bheith sios go deo ach an tarcaisne a leanas sinn i ndiaidh na leon” a chaoin Eoghan Rua Ó Suilleabháin (1748- 1784) . I gcás na haimsire ina mhairimid an féidir gur muidne na leoin chatha a thréigeann ainniseoirí ár linne a fhulaingíonn ar tairseach ár n-iomarcaíochta.
Bhfuil, dá bharr ár n-easpa tacaíochta dóibh, fáth go mbeadh droch choinsias orainn seachas trua sách fulangach nó bá fhoclach luaite againn do chás seo na ndearóil lena mbainimíd? Go caoinimíd, ó dhuine go duine: ‘Ach cad is feidir LIOMSA a dhéanamh faoin eagóir seo”, seachas go scairtimid “Cad IS féidir liomsa a dhéanamh faoi cruachás mo chomharsan?”

Cén fáth nach gcuachfaí iad san, nach dtumfaí iad, lena bhíonn buanphlé againn leo, i dtuiscint nuadhoimhnithe de Chomhar na gComharsan.

Ár “gComplicité” Praiticiúil

Tar éis gach a bhfuil ráite agus geallta faoin éagóir a aithnímid, nach iad ár vótaí — mo ghuthsa agus do ghuthsa — a thugann imprimatur an daonlathais do na córais pholaitiúla agus instidiúidiú bealaí trádála a bhuanaíonn eagóir i gcursaí idirnásiunta. Iad seo cuid mhaith fréamhaithe i saint agus tugtha don méféineachas is buanchúis le díbirt na ndearól (??) go fásach na hainnise agus na heaspa. Cosc curth orthu aon deis a bheith acu le bheith comhpháirteach sa dul chun cinn atá inár seilbh i nDomhan an Dóthain agus na hIomarca, ar cuid dá ndomhain é freisin.