Tá dhá shruth dár gcreidimh dúchasach a lionann, más go lag féin seo sa lá inniu, an tascumar spioradálta atá i gcónai ar fáil dúinn. A mheanma seo le hathghabháil agus le blaiseadh in am seo an ghátair. Féith na misinéireachta a chlaochlaigh cheana féin cultúr na hEorpa agus é ar a dhé dheiridh, agus féith an fhinné neamhghéiliúil a shaothraíodh ag cosmhuintir na hÉireann ag carraigeacha ceilte an Aifrinn agus iad i mbaol a mbáis dá bharr. Beidh an t-armlón spioradálta seo, ár bhfirinne féin, le saothrú go mbeidh muid dílis don drithle sin de atá beo ionainn go fóill. Adhnófar saíocht leathdhearmadta go mbeidh sé ina nuasholas spioradálta na maitheasa le saothrú as an nua. Seo a mhisneofar muid chun seasamh neamheaglach roimh “brú na n-allmharach agus síor athrú an tsaoil” mar a chomhailrigh Breandán Ó Doibhlin dúinn ina shaothar fáidhiúil, “Neal Maidne agus Tine Oíche”.

Is é an dúshlán atá rómhainn ná ról suntasach a ghlacadh i gcothú nasc idirchiníoch a leathnós sna céadta rómhainn i gcruthú nuasibhialtacht dhomhanda. Buíochas do na h-iliomad bealaí cumarsáide agus teagmhála inár seilbh, nach raibh riamh i seilbh an Duine go nuige seo, is féidir go dtapófar an t-aistear cultúrtha chun ceannscríbe sa chéad seo féin.

Ré úr don chine daonna le haimsiú mar a cuireadh ós ár gcomhair mar dhúshlán ag an Riordánach ina dhán, “Ní Ceadmhach Neamhshuim”. Ní beag sin cinnte.

(4000 focal; 17-4-16)

2,451 focal. 30/3/2016 2,974 1.4.’16

3.255 3/4/16. circa 4560 focal 5/4/2016.

[1] I dtaca le foinsí Liútair féach H. Bluhm, Martin Luther Creative Translator (St. Louis 1965).