Sagairt ildánach a bhí sna chéad oifigigh sin ar Chumann na Sagart nGaedhealach. Bhain an tAth. de Bhál dochtúireacht amach san fhealsúnacht. Chaith sé blianta fada ina shagart cúnta i mDruim Collchoille agus ansin i bhFaing, agus beagnach scór go leith bliain i ndeireadh a shaoil ina shagart paróiste agus ina Chanónach i mBaile an Gharrdha. Ansn bhí sé nuair a fuair se bás i mí Feabhara 1956. Níor bhuail mé leis ach uair amháin – sa bhliain 1945 – nuair a d’éirigh liom dul chuig an Oireachtas, cé go raibh mé i mo mhac léinn anseo san am. Fear ard séimh caoinghlórach a bhí ann, agus chaith sé cuid mhór den oíche sin i gcuideachta Uachtarán nua na hÉireann san am, Seán T. Ó Ceallaigh. Bliaian is fiche ina dhiaidh sin agus deich mbliain i ndiaidh a bháis bhronn a chairde de phribhléid orm an leacht a bhí tógtha acu in ómós dó ar Áras Íde i bhFaing a nochtadh.
Casadh an chéad chisteoir – Pádraig Ó Conaill – orm uair amháin fosta. Tar éis beagán bliain a chaitheamh ina mhúinteoir i gColáiste Fhionáin, an Muileann gCearr, chuaigh sé isteach in Ord nua N. Columbáin agus chaith tamaill de bhlianta ag teagasc i bPáirc Dealgan. Tar éis tréimhse thar lear d’fhill sé ar Éirinn agus chaith blianta deiridh a shaoil ag foilsiú leabhraí mór léannta ar an éabhlóid. D’éag sé ina sheanóir i Nebraska, 31 Bealtaine 1971. Níor bhuail mé riamh leis an chéad rúnaí, Séamus Mac Leanacháin, cé go raibh aithne mhaith agam ar a shearthair Seoirse. Chaith Séamus fiche bliain i gColáiste Maolmhaodhóg, Béal Feirste, agus na blianta deiridh mar S.P., Mgr. agus V.G. i nDún agus Coinnire. D’éag sé i mí na Samhna 1940.
Ag cruinniú den choiste i mBaile Átha Cliath ar an 3 Eanáir 1917 ceapadh bunreacht don chumann nua agus glacadh leis ag ollchruinniú an Chumainn in oifigí Chonradh na Gaeilge, 25 Cearnóg Pharnaill, Baile Átha Cliath, ar an 20ú Meitheamh 1917. Dhá saghas comhalta a cheadh sa chumann de réir Bunreachta: