2. Usserianus Primus

Lámhscríbhinn den tseachtú céad i gColáiste na Trinóide é Codex Usserianus leis an Ceithre Soiscéil sa téacs Sean-Laidine. Ní fios go deimhin an in Éirinn nó ar an Mór-Roinn a scríobhadh céaduair. Bíodh sin mar atá tá gluaiseanna tur-bioranna (dry-point) ar an dtéacs ón tseachtú haois dhéanach, an ceann is iomráití díobh an focal is sine atá ar fáil sa Ghaeilge, sin le rá focrici (“tuarastal”) ar an bhfocal Laidine stipendiis i Lúcás 3:14, leis an gciall chéanna, mar a thug Bernhard Bischoff faoi deara.[2] Rinne Pádraig Ó Néill taighde faoi leith ar na 137 gluaiseanna tur-bioranna sa lámhscríbhinn seo.[3] Ina thuairim siúd téann an fhianaise go léir faoi na gluaiseannna seo ó thaobh ábhair, teanga, lámhscríbhneoireacht de le dáta den tseachtú haois dhéanach a dheimhnú do na gluaiseanna seo de Usserianus Primus. Dar le Ó Néill is féidir bheith réasúnta deimhin de go bhfuil na gluaiseanna seo faoi thionchar foinsí seo de Aithreacha na hEaglaise: Tráchtaireacht Iaróm ar Mhatha, agus a mhíniú ar na hainmneacha Eabhracha; tráchtaireacht Ambrós ar Lúcás; Tractatus in Matthaeum le Chromatius; 40 homailithe ar na Soiscéil le Greagóir; Formula spiritalis intellegentiae le Eucherius; b’fhéidir a Regula le Benedict as Nursia; agus an Descensus ad inferos apacrafúil. Bíodh gur ar théacs Sean-Laidine na gluaiseanna, dar le Ó Néill ba í an Vulgáid an fhoinse ba mhó ar bhaineadh úsáid as, agus dealraíonn sé gurb é sin Bíobla an té a rinne na gluaiseanna.é.

Más dleathach an fhianaise seo taispeánann sé go raibh teacht ar roinnt mhaith den litríocht thraidisiúnta ar an mBíobla ag scoláirí Éireannacha sa seachtú céad.

3. Apponius agus Columbanus (ca. A.D. 600)

Is féidir linn glacadh le Columbanus mar fhinné don léann eaglasta agus go sonrach léann an Bhobla, in Éirinn sa séú agus sa tseachtú haois, bíodh gur ón seachtú haois a scríbhinní. Fear mór léitheoireachta ar thráchtaireachtaí ar an mBíobla a bhí ann. Ina chéad litir go dtí an Pápa Greagóir (A.D. 600) dúirt sé go raibh sé leabhar le Iaróm ar Eizicéil léite aige agus d’iarr sé ar an bPápa a léachtaí féin ar an bhfáidh sin a chur chuige. Ansin d’iarr sé air tráchtaireacht ar Caintic na gCainticí (Laoi na Laoithe) a chur chuige: (Epistola I.9):[4] “transmitte et Cantica Canticorum ab illo loco, in quo dicit, Ibo ad montem myrrhae et collem thuris [Caintic 4:6]¸ usque ad finem”, cuir chugam chomh maith Caintic na gCainticí ón áit ina deirtear “rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise”, go dtí deireadh”,

Ní raibh ach an t-aon tráchtaireacht amháin ar an Laoi na Laoithe le fáil san Iarthar, an tráth sin, an ceann le Apponius, faoin dteideal In Canticum Canticorum Expositio.[5] Tá eagrán criticiúil thar barr de, mar aon le aistriúchán Fraincise, déanta ag Bernard de Vregille agus Louis Neyrand in 1986,[6] agus léirmheasanna criticiúla ar sin ag saineolaithe.[7] Níl aon eolas againn faoi Apponius seachas é mar údar ar an saothar seo. Iodálach a bhí ann a chum an saothar sa Róimh nó níos dóichí i dTuaisceart na hIodáile más fianaise na húdair a bhaineann sé úsáid astu. Is dócha gur sa chúigiú céad a chum sé, bíodh go measann údair áirithe go bhfuil sé níos déanaí, sa séú nó fiú sa tseachtú haois. Saothar toirtiúil an tráchtaireacht, i 12 leabhair, 319 leathanaigh san eagrán criticiúil, i stíl fadálach, scaoilte.