Tá dhá leabhar déag sa tráchtaireacht, atá tagaithe anuas chugainn go hiomlán agus i ngiorrúchán. Ní raibh scaipeadh ró-mhór ar bhunleagan Apponius. Ní heol ach ceithre théacs den saothar den dhá leabhar déag, agus is cóip ceann amháin díobh sin. Tá an téacs iomlán ag trí chinn de na téacsanna, agus sa cheann eile níl ann ach a leath, le sé leabhar, ag dul chomh fada le Caintic 4:7 (Tota pulchra es amica mea …; “Álainn tú ar fad, a rún; atá tú gan cháim”) le macalla de 4:6 (Vadam ad montem murrae et ad collem turis; “rachaidh mé go cnoc an mhirr, go tulach na túise”.) sa ghluais (… ipsi “montes murrae et colles turis” intelleguntur). Ó Épinal, i Vosges na Fraince, Bibliothèque municipale 78 an lámhscríbhinn leis an téacs gairid, a tháinig ó mhainistitr Murbach, sna Vosges. Tá a fhios againn go raibh cóipeanna den téacs sa cheantar sin, ceann in Lautenbach agus an ceann eile i mainistir Luxeuil. Nuair a chum Angelomus as Luxeuil a thráchtaireacht ar an gCaintic sa bhliain 851 ní raibh fáil aige ach ar an gcéad chuid de thráchtaireacht Apponius,[8] mar a bhí ag Columbanus.

Bhí scaipeadh i bhfad níos fearr ar ghiorrúchán Apponius (faoin dteideal Veri amoris), a bhfuil an t-eagrán criticiúil de cóirithe as ceithre lámhscríbhinní déag ón seachtú go dtí an naoiú haois. I 1961 phlé Alberto Vaccari an eist faoin áit inar rinneadh an giorrúchán agus bhí sé den tuairim gurb in Éirinn é, tír ina raibh giorrúcháin dá leithéid á ndéanamh ar shaothar Aithreacha na hEaglaise, amhail an ceann a rinne an scoláire Éireannach Lathchen Mac Baith (a bhásaigh 661) ina ghiorrúchán de Moralia Ghréagóir ina Eglogae S. Gregorii Moralium in Job.[9] Tá glactha ag saineolaithe san ábhar (de Vregille agus Neyrand; Rossana E. Guglielmetti as Ollscoil Milano; Marc-Aeilko Aris Ollscoil München) gur i Éirinn a rinneadh an giorrúchán, agus sin sa seachtú céad. Tá sé soiléir, mar sin, go raibh téacs iomlán Apponius, ina dhá leabhar déag, le fáil in Éirinn sa seachtú céad. Bhí sé ann níos déanaí chomh maith, de réir dealraimh, de réir teidil amháin i gclár na lámhscríbhinní i scríbneoirieach Éireannach (Libri scottice scripti) i Leabharlainn St Gallen sa naoiú céad: Expositio in cantica canticorum, in quaternionibus II, Léirmhíniú ar Chaintic na gCainticí in dhá bhuíon gan ceangailt”. Ní foláir gur tagairt do shaothar Apponius atá anseo. An t-aon tráchtas eile ar an Chainic an tráth sin ná an dá Homiliae in Canticum le Greagóir Mór, saothar beag, agus gur Homailithe atá iontu seachas Expositio.

Níorbh fholáir cumas sa Laidin thar an ghnáth leis an giorrúchán a dhéanamh ar Apponius. Maidir lena chaighdeán mar shaothar, deir eagarthóirí an téacs chriticiúil gurb é atá ann ná toradh saothair oilte léannta a roghnaigh sa téacs bunaidh sraith iomlán de shleachta , de ghnáth an-ghairid, – san iomlán pas beag níos lú ná an trí dheiciú cuid den iomlán – le go gcuirfí le chéile iad taobh le taobh le tráchtaireacht leanúnach a athchruthú.

Is fiú aird a thabhairt ar thuairim eagarthóirí eagrán chriticiúil Apponius, Bernard de Vregille and Louis Neyrand, ar thús agus ar sheacadah saothair seo Apponius:[10]

Ó fhoinse san Iodáil, mar a raibh sé ar eolas go cinnte ag Greagóir Mór, áit ar caomhnaíodh é mar rud neamhchoitiahta, shrois an tráchtaireacht reigiún na nOileán (Éire agus an Bhreatain) agus is ansin a bhí an rath is mó uirthi.

B’fhéidir gur shrois sé Éire i dtús báire. Uaidh sin d’fhéadfadh Columbanus é a thabhairt go Luxeuil, áit inar léadh ar a laghad roinnt de, mar is soliéir, ag deireadh na séú haoise. Ó Luxeuil sa naoiú céad rinneadh é a sheacadadh go mainistreacha eile i reigiún na Vosges. Dealraíonn sé chomh maith go raibh sé in Éirinn chomh luath le deireadh na seachtú haoise, áit ar rinneadh giorrúchán de faoin bhfoirm dhá dhéag homailithe, faoi ainm Iaróm. Bhain a lán téacsanna “Éireannacha” eile úsáid as Apponius féin nó as an Suda-Iaróm.

Bhí fáil ar Apponius chomh maith sa Bhreatain, thuaidh (Beda) agus theas, san ochtú céad.

Ó cheantar na nOileán chuaigh an téacs iomlán agus an giorrúchán de isteach go Gaill an Tuaiscirt (Saint-Amand agus rl.) agus thar sin go dtí an Ghearmáin (Würzburg. Regensburg, Salzburg).