4. An Cathach (7ú céad)

i. Is é an Cathach, ón seachtú haois, an lámhscríbhinn mhaisithe Éireannach is aosta atá againn. Is blúire é den Saltair le Sailm 30:10-105:14, 75 Sailm ar fad, thart ar leath den Trí Caogaid.

ii. Téacs an Bhíobla. An Vulgáid, an Gallicanum, atá sa téacs. agus téacs maith de chóiriú bunaidh Naomh Iaróim. Tá sé ar aon dul leis an Gallicanum i Saltair Dhúbailte Saint-Ouen, Ls Rouen, Bibl. mun. 24 (10ú céad) Áirítear iad araon mar an Fine (family) Éireannach den Gallicanum.

iii. An Cathach: na h-obeli (obil OIT). Tá comharthaí diaicriticeacha (idirdhealaitheacha) sa Chathach, an asteriscus (réiltín) agus an obelus. Dar le Lawlor ina thras-scríbhinn den lámhscríbhinn nár thug sé faoi deara ach 21 aistrisc agus 25 obil, obeli, sa Chathach,[11] sin 46 ar fad. Dar le De Sainte-Marie, a rinne athscrúdú ar an téacs, 39 a bhí ann idir aistrisc agus obeli.[12] Rinne mé féin trí chomhaireamh agus fuair me 21 aistrisc agus 19 obeli, 40 ar fad. Is dócha go bhfuil an ceart ag Lawlor. Téann úsaid na n-asteirisc agus na h-obeli siar go hIaróm ina chomparáid idir théacsanna an tSeachtóid agus an Eabhrais.

Na h-obeli amháin is cás linn anseo. Is í ba aidhm leo ná focail aonair nó níos mó nach raibh sa bhun-téacs Eabhraise (in aistriúchan Laidine Iaróm) a mharcáil. De réir taighde De Sainte-Marie freagraíonn líon maith de na comharthaí (na h-obeli) sa Chathach do thagairtí beachta san téacs Eabhrach. Léiríonn 10 gcinn díobh an aidhm cheart a bhí acu: athbhreithniú (athcheartú) théacs Laidine an Chathaigh de réir an téacs Eabhraigh, nó níos cruinne fós de réir téacs Eabhrach an Fhine Éireannaigh. Dhá shampla soiléire dó na Salm 89:17 (líne iomlán in easnamh sa téacs Éireannach) agus Salm 97(98):5 (cithara amháin in easnamh).[13]

Is soiléir mar sin go raibh sain-fhine (family) téacsúil den Hebraicum in Éirinn chomh maith leis an cheann den Gallicanum, agus sin go luath, níos luaithe ná an Cathach féin, sa séú haois ar a laghad.

iv. An Cathach agus Saltair Dhúbailte Rouen. Mar a dúradh thuas, glactar leis gur ionann téacs an Gallicanum i Saltair Dhúbailte Saint-Ouen, Ls Rouen, Bibl. mun. 24 (10ú céad) agus téacs an Chathaigh. Maidir le sain-Fhine (clann; familia) Éireannach an Hebraicum de, tá sé ar fáil i dtrí lámhscríbhinní faoi na sigla AKI. A an Amiatinus (8 céad), K Ls Karlsruhe, Badische Landesbibliothek Aug, XXXVIII, 9ú céad; I– Saltair Dhúbailte Rouen (10ú céad). Ó thaobh primitíbheachais agus glaine an téacs de is é I an ceann is fearr. Mar a mheabhraíonn Luc De Coninck, is ionann téacs agus na comharthaí diocriticeacha sa Gallicanumi sa Chathach agus sa Saltair Dhúbabilte; tá an t-aistrisc agus na h-obeli sa Saltair Dhúbailte díreach mar atá siad sa Cathach.[14].