In mo thuairim an tátal, an chonclúid, a bheadh le baint as seo ná gur taobh thiar den Chathach mar tá sé anois bhí Saltair Dhúbailte den chuma atá againn i Saltair Dhúbailte Rouen, gan na gluaiseanna — Hebraicum den traidisiún Éireannach ar thaobh amhain, agus Gallicanum den tradisiún céanna sa taobh eile, agus na comharthaí diocriticeacha den aistrisc agus obelus curtha sa Gallicanum ag freagairt don Hebraicum Eireannach. Más ón tseachtú haois an Cathach, bheadh an Saltair Dhúbailte seo ón séú haois. Ceist le freagairt ná an in Éirinn nó taobh amuigh di a cumadh.

v. An Cathach. Na Tituli Psalmorum.[15] Sa Chathach tar éis na teidil Bhíobalta, tá teidil, tituli, faoi leith ag gabháil le gach salm. De ghnáth bíonn míreanna, eilimintí, éagsúla sna tituli sin, go minic i dtosach bíonn an focal “guth” (Vox), an té a mheastar bheith ag caint (Vox Christi, Vox Ecclesiae 7rl). In ocht déag de na sailm (ar thús de ghnáth) tá na briathra Legendus ad (2, 26,27,[40,43, 44,45,46, 47, 49, 50, 52], 68, 83. 90, 105, 106,129), a bhformhór díobh sin (8 as 18) idir Sailm 40 agus 52, agus ina dhiaidh sin Vox.

Cuirtear an cheist an chumadóireacht “bhaile”, in Éirinn, na Titili sin nó an ón iasacht iad, agus cad iad na foinsi taobh thiar díobh. Measann Aidan Breen gur ón iasacht agus ón traidisiún Gréigeach. Tá Pierre Salmon idir dhá chomhairle faoin gceist.[16]

Déanfaimid an cheist a phlé faoi gach eilimint faoi leith. Ar dtús maidir le an téarma Vox. Tá an úsáid sin an-chomónta sa saothar Anonymi Glosa Psalmorun ex traditione Seniorum, a cumadh de réir dealraimh i dtús na seachtú haoise i ndomhan manachúil i ndeisceart na Fraince, sa Provence. In aistí níos luaithe thaispeáin mé go raibh ceangal áirithe idir Tituli seo Columbae agua an Anomymi Glosa.[17] Níl aon teidil ag an sailm sa Glosa¸ach tá an téarma Vox an-chomónta sna gluaiseanna, mar shampla: ag , at Ps 4:2: Hic uox Christi et uox ecclesiae. Ag 4:3. Uox ecclesiae ad Iudaeos increpando loquitur (teideal sa Cathach: Propheta increpat Judeos); 47:2 Vox ecclesiae; 47:9, Vox apostolorum; 54:2, Vox ecclesiae; 54:5. Vox infirmorum.

I dtaca leis an nath Legendus ad sna hocht sailm déag thuas luaite, níltear ar aon aigne faoin gcúis taobh thiar de, mar shampla go bhfuil baint aige le úsáid liotúirgeach.[18] Ní dóigh liom gurb amhlaidh atá.

Ní thugtar aon leid faoin mhír nó véarsa den salm atá le léamh den salm i gceist, nó den téacs eile ach an oiread. Measaim go bhfuil an nath seo le tuiscint taobh istigh de thraidisiún beo luath-Éireannach eisigéise inar thuig lucht úsáidte an natha cad a bhí i gceist. Ba léor dóibh nod don eolach. Tá an comhartha sóirt seo an-chosúil le gné a bhí an-chomónta i dtéacsanna luatha bíobalta de luath-stair na hEaglaise in Éirinn, agus ar a dtugann Bernhard Bischoff comharthaí, siomtóim, Éireannacha orthu. Ina fhocail siúd: “Nuair nach gluaiseanna aonair simplí atá sa léirmhíniú, ach go ndéanann sé iarrracht dul isteach go brí an ábhair féin, déantar an ceangal coincheapúil idir an dá shliocht a léiriú níos cruinne”. Bhí foirmlí iomadúla ann chun an ceangal sin a léiriú. Ceann díobh ná haeret (“téann sé le”). Is rud cruthanta Éireannach ceangal sleachta trí haeret. Ceann eile ná coniungitur ad (“tá sé ceangailte/nascaithe le”). Sna cásanna seo baintear feidhm as na focail atá le ceangal agus an téacs a bhfuil sé le ceangal leis, murab ionann agus sna Tituli Columbae.

Le roinnt samplaí a thógáil, ceann léiritheach ar dtús:

Salm 45. “Le léamh ag (legendus ad) (léitheoireacht Gníomartha na nAspal. Guth na nAspal.” (Legendus ad lectionem Actus apostolorum. Vox apostolorum).

Ní thugtar aon véarsa den Salm nó de Ghníomhartha na nAspal dúinn ach ón dteideal don chéad salm eile (Salm 46) is féidir glacadh leis go bhfuil baint aige le radharc éigin tar éis an aiséirí nó na Deascabhála. agus go bhfuil véarsa an tsailm i gceist ag tagairt do theacht an Spioraid Naoimh, le 45:5 mar véarsa cuí: Fluminis impetus laetificat ciuitatem Dei, “Cuireann rabharta na habhann lúcháir ar chathair Dé”, ag tagairt do teacht an Spioraid Naoimh i Gníomhartha 2:2 mar sonus tanquam advenientis spiritus vehementis. Ba leor nod leis an tagairt iomlán don traidisiún a thuiscint.