Ta an t-ádh linn go bhfuil léirmhíniú iomlán againn ar an salm seo 45 i Leabhar Ard Mhaca (folio 171v,a; leath-fholio idir an Apacailips agus Gníomhartha na Aspal, a thagann tar éis an Apacailipse sa leabhar seo), gur fiú achoimre de a thabhairt. Tá an eisigéis de réir na ceithre bríonna, stair, sensus/sians, morálta, agus per anagogen (anagogia; an úsáid is luaithe den téarma seo i dtéacs Éireannach measaim).

I dtosach tugtar véarsa tosaigh an tSailm: Deus noster refugium [Ps 45:1], “Is é Dia ár ndídean”, agus ansin go véarsa 5 Fluminis impetus.. Is mian leis an léirmhíniú ar véarsa seo a haon den téacs dhá rud a shoiléiriú, is é sin é cad go beacht is brí le fluminis impetus, “rabharta na habhann”, agus conas a chuireann sé lúcháir ar chathair Dé. Ó thaobh na staire (an chéad bhrí) de ba é an fluninis impetus ná ionradh arm na hAsaíre ar Ríocht an Tuaiscirt (Iosrael), a bhris an léigear ar Iarúsailem, ag cur lúcháire mar sin ar chathair Dé. Sa cheathrú chiall, per anagogen, luaitear arís briathra tosaigh 45:5 fluminis impetus¸ ach anois déantar é a nascadh le Eoin 7:38 agus 7:39 ar a abhainn, sruthanna, d’uisce beo a bhí le rith as Críost, a mhínítear bheith ag tagairt faoin Spiorad a bhí le glacadh acu siúd a chreid ann, Spiorad a bhí le teacht tar éis do Chríost a bheith glóirithe (trína bhás, a aiéirí, a dheascabháil), an Spiorad Naomh a gheall Íosa roimh a dheascabháil (Gníomhartha 1:8).

Salm 46: “Le léamh ag (legendus ad) (léitheoireacht Gníomartha na nAspal. Guth na nAspal tar éis do Chríost dul suas go dtí an tAthair.” (Legendus ad lectionem Actus apostolorum. Vox apostolorum postquam ascendit Christus ad Patrem).

D’fhéadfaí nasc a dhéanamh idir dheascabháil Críost (ar a bhfuil cur síos uirthi i Ghnomhíartha na nAspal 1:9-14), agus Salm 46:6: Ascendit Deus in iubilo Dominus in voce tubae, “Chuaigh Dia in airde maille le gairdeachas, an Tiarna le glór an stoic”.

Salm 43: Hic exomologesim, Legendus ad epistolam Pauli ad Romanos. Propheta ad Dominum de operibus eius paenitentiam gerens pro populo judaico.[19] (“Le léamh ag Litir Phóil chuig na Rómhánaigh”.

Bheadh Salm 43 le léamh le nasc leis an Litir chuig na Rómhánaigh de bhrí go luaitear (cited) Salm 43:22 i Rómhánaigh 8:33.

Ps 105. Vox ecclesiae ad apostolos. Legendus ad Exodum; Ps 106. Vox Christi de Judeis. Legendus ad Judicum et Numeri libros. “Le léamh ag (Leabhar) Exodus; Le léamh ag Leabhair nas mBreithiúna agus Leabhar na nUimhreacha”

Is sailm stairiúla iad sin, a bhfuil a gcúlra le fáil sna háiteanna cuí sna leabhair eile den Bhíobla luaite.

.Ps 68. Legendus ad lectionem Jonae prophetae et ad euangelium Johannis. Uox Christi cum pateretur. “Le léamh ag léitheoireacht an fháidh Iona agus ag Soiscéal Eoin”.

Tá an tagairt don fháidh Ióna, de réir dealraimh, do Ióna i mbolg an éisc mhóir. Mar a deir Ióna le Dia (Ióna 2:4): “Theilg tú mé síos san aibhéis, i ndoimhneacht na farraige, mar ar thimpeallaigh an díle mé, agus mar a raibh do thonnta agus do shaoistí uile ag madhmadh tharam”, sliocht ar aon dul le tús an tsailm seo: “Tarrthaigh mé. a Dhia, óir thángadar na huiscí go dtí mo mhuinéal. Táim slógtha, báite i láíb an aigéin, agus níl áit agam ina gcuirfinn mo chos. Ráinig mé i ndoimhneacht na mara, agus treascraid na tonntracha mé” (Salm 68:2-3). .

Is é seo an salm is Críosteolaíochtaí sa Saltair, agus tá an chuid is mó de na tagairtí do Chríost ann i Soiscéal Eoin, mar shampla: Salm 68, véarsa 4 in Eoin 15:25; véarsa 9 in Eoin 2:17; véarsa 10 in Eoin 2:17. I gcóir Eoin 19:28-29 féach véarsa 22.

5. Soiscéil Laidine Éireannacha

i. Líon na dtéacsanna. Fiche ocht i lámhscríbhneoireacht Éireannach agus deich lámhscríbhínní eile gaolmhar don traidisiún seo.