Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 2:42-47). Agus an méid a chreid, bhídís i bhfochair a chéile, agus bhíodh gach uile ní i gcomhar acu. Is é seo an chéad cheann de na trí hachoimrí maidir le beatha na luath-eaglaise in Iarúsailéim. (Is iad na cinn eile ná 4:32-35, leis an téama gach rud i gcomhar acu, a léitear i mbliain 2, B den chúrsa thrí bliain, agus 5:12-16, a bhfuil mar phríomh-théama ann na miorúiltí a rinneadh trí lámha na naspal, a léitear inniu i mbliain 3, C den chúrsa). Tá baint ag na trí hachoimrí seo lena chéile. Chuir Lúcás, údar an leabhair seo, isteach iad, is dochaí, lena mheabhrú gnéithe áirithe suntasacha den eaglais óg dá léitheoirí agus do na glúnta le teacht níos déanaí, agus le go mbeadh na hachoimrí sin mar eiseamláir acu. Agus is mar sin a bhí sa stair, san eaglais agus go mór mór sa bheatha rialta, idir fhir agus mhná. Agus an lá áirithe seo féin déanann an Eaglais an rud céanna sa liotúirge, ina déantar ceann amháin den trí achoimre a léamh gach bliain sa Dara Domhnach seo den Cháisc. De na trí achoimre is é seo an ceann is cuimsithí díobh faoi bheatha na heaglaise óige in Iarúsailéim tar éis teacht an Spioraid Naoimh – lucht leanúna Chríost seasmhach i dteagasc na nAspal, i “gcumann bhriseadh an aráin”, is é sin le rá san Eocairist, agus in urnaithe. Urnaí Críostaí atá i gceist anseo, bíodh go mbíodh na Críostaithe ag freastal ar an dTeampall chomh maith. Tugann an léacht sonrai faoi ghnéithe de shaol na gCríostaithe sin, faoi áthas agus faoi shimplíocht chroí, ag briseadh aráin (ag ceiliúradh na hEocairiste) ó theach go teach.

Salm le Freagra (Salm 117[118]). Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é: óir maireann a ghrá de shíor.

Dara Léacht (1 Peadar 1:3-9). D’athghin sé sinn trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, ionas go mbeadh beomhuinín againn. I rith tréimhse na Casca i mbliana tógtar an Dara Léacht as Céad Litir Naomh Peadar. Sríobhadh an litir seo chuig “deoraithe na díbeartha” i gcúig phroibhinse san Áise Bheag (Tuirc an lae inniu). De ghnáth ba iad na deoraitrhe sa díbirt ná na Giúdaigh i gcéin óna dtír dhúchais. Ach ní dócha gur Críostaithe de bhunadh Giúdach atá i gceist anseo, ach muintir de bhunadh pagánach, agus is é deoraithe ó neamh atá i gceist. Dealraíonn sé go rabhadar bunaithe go maith sa chreideamh cheana féin, le eolas maith ar an Seantiomna. Machnamh ar na fírinní bunúsacha agus spreagadh atá sa litir, seachas bunteagasc an chreidimh. De réir dealraimh bhí méadú mór tagaithe ar líon na gcreidmheach, agus éad nó naimhdeas á gcothú dóibh i measc na bpagánach. Tá tagairtí sa litir do thrialacha den uile chineál, do ghéarleanúint nó baol géarleanúna. Is é a dhéanann an t-údar ná an bunphrionsabal a thabhairt conas a bheith réidh dá leithéid. Idir rudaí eile meabhraionn sé dóibh gan a bheith iata isteach i ndaingean iontu féin, ach bheith réidh le fianaise a thabhairt don chreideamh, don dóchas atá iontu, go múinte mánla. Ní fios go beacht cathain sa chéad tosaigh a cumadh an litir seo. Tá sí againn faoi ainm Pheadair, agus seolta amach ón Bheabalóin, sin le rá ón Róimh. Ach níl sé deimhin an pearsa Pheadair féin, nó duine eile i spiorad agus phearsa Pheadair, atá ag caint. Ach is cuma sin faoin dteagasc atá sa litir.

I sliocht an lae inniu tugann an t-údar na bunphrionsabail atá riachtanach: an creideamh bunaithe ar ghrásta agus thrócaire Dé, ar aiséirí Chríost a thugann muinín bhuan dúinn. Cúis lúcháire atá ansin don chreidmheach. Tá a fhios ag Peadar go bhfuil creideamh beo acu. agus grá thar chuimse do Chríost, bíodh nár fhacadar riamh é, creideamh a thugann dóibh lúchair le háthas glórmhar.

An Soiscéal (Eoin 20:19-31). Ocht lá ina dhiaidh sin, tháinig Íosa. An chéad chuid den léacht seo cuireann sí síos ar eachtra a tharla tráthnóna Dhomhnach na Cásca. Léirigh an Slánaitheoir aiséirithe é féin do na haspail, agus deimhníonn dóibh go raibh sé éirithe dáiríre ina dhaonnacht ag taispeáint dóibh a lámha agus a chosa gonta. D’anáiligh sé orthu agus thug dóibh an Spiorad Naomh agus an chumhacht peacaí a mhaitheamh. Ní raibh an t-aspal Tomás i láthair an Domhnach sin agus dúirt sé nach gcreidfeadh sé gan fianaise gurb é an tÍosa a céasadh a bhí i gceist. Tá an dara heachtra againn sa dara cuid den léacht, eachtra a tharla an Domhnach tar éis na Cásca. Admhaíonn Tomás creideamh ní hamháin in Íosa aiséirithe mar Thiarna, ach fós mar Dhia: “Mo Thiarna agus mo Dhia”. Seo í an dara háit i Soiscéal seo Eoin ina admhaítear creideamh in Íosa mar Dhia, in ndiagacht Chríost. Is é an ceann eile ná sa bhrollach (Eoin 1:1): “Bhí an Briathar ann i dtús báire … agus ba Dhia an Briathar”. Cúis mhisnigh do chreidmhigh i ngach aois freagra Íosa ar Thomás. Ní measa as iad creidmhigh na mílte bliain níos déanaí ná mar a bhí Tomás an Domhnach úd: “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae

(1) “Is méanar dóibh seo nach bhfaca agus a chreid”.

Is cuimhin liom gur cuireadh ceist ar dhramadóir in agallamh tráth faoin eachtra ba mhaith leis bheith faighte aige i rith a shaoil. Fhreagair sé gur bhreá leis dá mbeadh buailte aige le hÍosa. Ní fios cén cheist a bheadh curtha aige ar Íosa ná ar fhreagra Íosa air. Cuireadh chun aithrí is dócha! Ní hionann an cás sa mhéid a bhaineann le creidmhigh de. Téimis thar n-ais go dtí an seomra uachtarach sin, le hÍosa agus Tomás, a chreid i ndiagacht Chríost agus é i láthair. I mbriathra Chríost, is méanar dóibh siúd a chreideann ann i ngach aois, i ngach áit, go deireadh an domhain. Ní beannaithe Tomás ná iad. Trí shúile an chreidimh tá Críost i láthair faoi mar a bhí do Thomás le súile aiceanta. Tá seo ag dul leis an méid a dúirt Íosa ina achainí don Athair ag an Suipéar Déanach: “Ní ar a son-san amháin [a lucht leanúna an tráth úd] atáim ag guí, ach, mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína mbriathar” (Eoin 17:20). Don luath-eaglais, agus don eaglais i ngach aois, tá Íosa i ngar – níos gaire ná an doras – ag tabhairt sóláis, misnigh agus spreagtha. Meabhraíonn an chéad léacht inniu dúinn faoi mar a mhair an eaglais óg in Iarúsailéim faoi shimplíocht chroí, ag caitheamh a gcuid bia faoi áthas. Agus is mar seo a labhair Peadar faoi Íosa ina litir do Chríostaithe a bhí ag fulaingt ar son a gcreidimh i gCríost, mar a deirtear sa dara léacht san Aifreann inniu: “Thug sibh grá dósan (do Íosa) cé nach bhfaca sibh é. Ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas iontach dolabhartha” (1 Peadar 1:8). Is cuid dílis den Tiomna Nua agus den Chríostaiocht aithne phearsanta agus aithris ar Chríost. Tá sin go léir curtha go deas i ndán Gaeilge faoin chomhairle don duine óg atá tagaithe anuas chugainn sa bhéaloideas agus i scríbhinn: “A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat … Ná santaigh ráite baois’ ná an dream go mbíd acu; sara dtiocfaidh iomad den aois, bíodh aithne ar Chríost agat”.

(2) Domhnach Thócaire Dé

Inniu chomh maith Domhnach Thrócaire Dé, féile a thionscain an Pápa Eoin Pól II sa bhliain 2000 (mar thoradh ar fhís a bhí ag an Siúr Phólannach Faustina Kowalska), Pápa atá á fógartha ina naomh anois , maraon leis an bPápa Eoin XXIII. In aitheasc don fhéile seo sa bhliain 2001 (uimhir C den ciorcal thrí bliana, nuair a bi Apacailipsis Eoin á léamh mar dhara léacht) dúirt an Pápa: “‘Ná bíodh eagla oraibh. Is mise an Tús agus an Deireadh, an Neach beo; is beo dom ar feadh na síoraíochta’”. Chualamar na briathra sólásacha seo sa Dara Léacht tógtha as Apacailipsis Eoin. Tugann siad cuireadh dúinn ár n-amharc a thabhairt ar Chríost le bheith deimhin go bhfuil sé inár dteannta, ag tabhairt uchtaigh dúinn. Do gach aoinne, is cuma cé comh casta agus drámata an staid ina bhfuil sé, deireann Críost Aiséirithe: ‘Ná bíodh eagla ort. Fuair mé bás ar an gCrois ach táim anois beo go deo’. … Dúirt Íosa leis an tSiúr Faustina lá amháin: ‘Ní bheidh síocháin ag an gcine daonna go deo go dtí go gcasfaidh siad chugamsa le muinín as mo thrócaire’. Trócaire Dé! Seo í an bronntanas a fhaigheann an Eaglais ó Chríost aiséirithe agus a thairgeann sí don chine daonna ag breacadh seo na tríú mílaoise”.

(3) Agallamh le saol an lae inniu

Trócaire Dé! Tá an Seantiomna (go háirithe Leabhar na Salm) agus an Tiomna Nua lán de thagairtí dí. Ach tá sciar áirithe glórach de shaol an lae inniu a mhaíonn gurb é a mhalairt is fíor – gur éadrócaire do shaoirse an chine dhaonna an creideamh i nDia, agus gur faoiseamh uaidh bheith réidh lena leithéid de theagasc. Is cuid de seo den codarsnacht atá ann idir theagasc Chríost agus na hEaglaise agus fhealsúnacht áirithe reatha. Mar an gcéanna maidir leis an dtéama “saoirse”. Is fada siar an cur agus cúiteamh faoi seo, go dtí fealsúnacht na Gréige, traidisiún Iosrael, agus an Tiomna Nua. Dar le hÍosa ionann creideamh ann féin agus saoirse cheart. Tá a lán inniu a aontódh leis an bhfile a dúirt: “Buarach (rópa ceangail) ar m’aigne Eaglais Dé”. Ní chun na ceisteanna seo a phlé atáím anseo, ach iad a ardú. Ní mór aird a thabhairt orthu, agus agallamh a chothú idir léachtai an Domhnaigh agus ceisteanna reatha.

Recommended Articles