Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais: Pobal Dé, Sagartacht Naofa
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Gníomhartha 6:1-7). Thogh siad seacht bhfear a bhí lán den Spiorad Naomh. Tugann an léacht seo léas dúinn ar shaol laethúil na nGiúdach in Iarúsailéim in aimsir na luath-eaglaise, agus sin mar chúlra don óg-eaglais féin. Bhí dhá. nó trí, theanga á labhairt ann go rialta, ceann Seimíteach (Airimis nó Eabhrais; d’fheadfaí Eabhrais a thabhairt ar cheachtar acu) agus Gréigis. Tugadh Heilléiníthe ar lucht labhartha na Gréigise. Rugadh cuid mhaith díobh taobh amuigh den Phailistín, agus is cosúil go raibh an teanga Gréigise á húsáid go rialta in Iarúsailéim, le sionagóga agus seirbhísí liotúirgeacha as Gréigis acu. Bheadh cuid díobh sin níos oscailte don domhan neamh-Ghiúdach agus do theachtaireacht Chríost ná an dream eile, ach ní i gcónaí a bhí. Bhí na Heilléiníthe go nimhneach i gcoinne Phóil aspal. Bhíodh cúram faoi leith ag an eaglais do charthannacht do na baintreacha, agus de reir dealraimh bhí neamh-shuim á déanamh ag na seanfhondúirí le teanga Sheimíteach (Airimis nó Eabhrais) ar lucht labhartha na Greigise (eachtrannagh). Cuireann an Dáréag Aspal an cheist faoi bhráid shlua na ndeisceabal. Thuig na haspail nár chóir dóibh cúrsai freastail ag bórd agus béilí iad a tharraingt óna gcúram don soiscéal, rúndiamhair ina raibh urnaí agus seanmóireacht nasctha le chéile. Bhí an seachtar le togha le bheith tiomanta don seirbhís carthannachta seo. Tá ainmneacha Gréigise ag an seachtar, ach b’fhéidir nárbh Heilléiníthe, de bhunadh Gréigach, iad go léir, ach cuid acu ina n-“Eabhraigh” le h sainm Gréigise. Duine amháin acu, Nioclás as Aintíoc, ba phrosailíteach (comhalta) é, a iompaigh ón phágántacht go Giúdachas. Toghadh dá gcúram nua iad le deasghnáth liotúirgeach; leagadh lámh orthu. Tugtar deagánaigh ar na seirbhísigh boird sin. Mar Heilléiníthe bheidis níos oscailte don domhan neamh-Ghiúdach ná na hEabhraigh. Ní cuirtear sios orthu a thuilleadh sa leabhar seo mar sheirbhísigh bhoird. Trí shaothar duine díobh, Stiofán, leath an dea-scéal thar Iosrael amach. Agus ba mhisinéir Pilib chomh maith. Maidir leis an líon mór sagart a iompaigh ina gCríostaíthe, ní dochar a mheabhrú go raibh líon mór sagart Giúdacha, clannmhac Árón, in Iarúsailéim, le friotháil sa Teampall.

Salm le Freagra (Salm 32[33[). Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Dara Léacht (1 Peadar 2:4-9). Is cine tofa sibh, sagartacht ríoga. Ag tabhairt Iosrael amach ón Éigipt dó, le bheith ina phobal tofa aige, duirt Dia le Maois a rá le clann Iosrael: “Chonaic sibh mar thug mé sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh. Uime sin má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na ciníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiun coisricthe” (Eacsadas 19:3-6). Bhí an bronntanas seo maidir le sagartacht agus cine coisricthe ceangailte le éisteacht agus glacadh le guth Dé ag labhairt. Sagartacht faoi leith, sagartacht an phobail, a bhí anseo. Bhí sagartacht eile le bheith ag Iosrael le friotháileamh sa bhoth agus sa Teampall, sagartacht a bhain le clann mhac Árón. D’fhéach an pobal Críostaí air féin mar chomharba ar Iosrael, leis na tíolacthaí a gealladh do Iosrael: sagartacht agus gach a bhain lei. Bíonn ofráileacha ag sagairt, i dTeampall, a bhunaítear ar talamh de chlocha. I bpobal nua Dé is é an pobal féin an Teampall, agus baill an phobail na clocha. Is í an ofráil a dhéanann an tsagartacht seo ná an bheatha Chríostaí. Is é Íosa Críost bunchloch agus barrchloch an Teampaill, cloch an coirnéil, an chloch thofa, ach cloch gur ceap tuisle í dóibh sin nach gcreideann. Glaodh Íosrael ón dorchadas ag teacht ón Éigipt dó. Glaodh an Eaglais agus na Críostaithe ón dorchadas ag an eacsadas nua le haiséirí Chríost agus sa bhaisteadh. Is cine tofa iad, sagartacht ríoga, náisiún naofa le glóir Íosa a fhógairt le beatha de réir an tsoiscéil

An Soiscéal (Eoin 14:1-12). Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Is cuid de aitheasc Íosa é seo agus é ag fágaint slán ag a dheisceabail roimh filleadh ar a Athair dó chun áit a chur in oiriúint dóibh. Leagann sé béim ar an aontas atá, agus a bheidh, ann idir é féin, an tAthair agus na deisceabail. Beidh siad leis san áit ina a bhfuil sé ag dul. Ag freagairt ceiste ó Thomás deir Íosa gurb é féin an tSlí chun an Athar, an Fhírinne agus an Bheatha. Ionann aithne ar Íosa agus athne ar an Athair. Má tá aithne acu ar Íosa, tá aithne acu ar an Athair. Téama thar a bheith tábhachtach atá anseo. Bunphrionsabal i gcreideamh an tSeantiomna agus an Ghiúdachais ná nach féidir le duine daonna Dia a fheiceáil. Mar a dúirt Dia féin le Maois: “Ní féidir do dhuine mé a fheiceáil agus maireachtáil dá éis sin” (Eacsadas 33:20). Deir Eoin an rud céanna sa bhrollach don Soiscéal seo (Eoin 1:18): “Ní fhaca aon duine riamh Dia. An tAonghin atá i gcochall chroí Dé, eisean a d’aithris”. Deireann Íosa na rud céanna sa léacht seo. Ní uaidh féin a labhraíonn sé, ach mar a deir an tAthair leis. Mar sin feictear Dia na glóire in Íosa, ina ghrá do chine daonna agus i mórán slíte eile. Is é an tAthair atá ag déanamh na hoibreacha a dhéanann Íosa. Ni miorúiltí amháin atá i gceist sna hoibreacha seo, ach saothar iomlán slánaithe Íosa, nó saothar an Athar trí Íosa. Agus nuair a bheidh Íosa imithe, agus leis an Athair, agus an Spiorad tagaithe, beidh oibreacha Íosa, agus níos mó fós ná iad, á ndéanamh ag a dheisceabail. Aris ní miorúilti atá i gceist, ach fianaise don domhan, agus pobal creidimh a bhunú le glóir a thabhairt do Dhia. Bhí saothar, oibreacha, Íosa teoranta don Phailistín. Beidh fianaise agus oibreacha a dheisceabail, agus na heaglaise, ann don domhan mór – Íosa imithe chun an Athar ach i láthair tríd an Spiorad,.

  1. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais: Pobal Dé, Sagartacht Naofa.

Tá ábhar machnaimh domhain againn i dara léacht an lae inniu, i Litir Pheadair. I slí ní gá cur leis. Téacs iomráiteach i Litir seo Pheadair ná sagartacht choiteann na gcreidmheach, agus déantar plé faoi minic go leor inniu. Ceist amháin a ardaítear ina taobh ná an gaol atá idir sagartacht choiteann seo na bhfíréan go léir agus sagartacht mhinistreach na sagart agus na n-easpag. Tá an cheist pléite go minic, agus arís i doiciméidí Vaticáin II. Tá achoimre den teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (ailt 1546-1547): sagartacht choiteann seo na bhfíréan, cuireann na fíréin i ngníomh í tri rannpháirtíocht i misiún Íosa Críost mar Shagart, Faidh agus Rí, gach duine de réir na gairme a fuair sé féin. Tá difríocht bhunúsach, áfach, idir sagartacht mhinistreach na n-easpag agus na sagart agus sagartacht choiteann na bhfíréan, cé go bhfuil siad araon páirteach in aon sagartacht Chríost, gach ceann acu ar a dhóigh féin agus go bhfuil siad ordaithe i dtreo a cheile. Is dual don sagartacht mhinistreach fónamh don sagartacht choiteann. Má tá rún le tógaint againn ó liotúirge agus léachtaí a lae inniu, gairm a bheadh ann ó Dhia éisteacht le guth, le glór, Dé agus Íosa agus urnaí a dhéanamh bheith dilis don chonradh ionas gur sagartacht chuí do ghlóir Dé a bheadh ionainn.

Recommended Articles