Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Rúndiamhair na Tríonóide agus rúndiamhair na hEaglaise

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Téama liotúirge an lae inniu.

Le fada, tá machnamh domhain déanta ag saoithe ar an “Naofa”, an Neach Naofa, an fórsa, an chumhacht naofa taobh amuigh den aigne dhaonna, fórsa, Neach, cumhacht, atá iomlán éagsúil uainne, “wholly other”. Thug an saoi agus feallsamh Rudolf Otto mysterium tremendum et fascinans, an rúndiamhair uamhnach, ruaigtheach agus tarraingteach, meallacach ar an rúndiamhair sin. Baineannn seo le stair na reiligiún nó an tsiceolaíocht dhaonna, ach is fíor dó i slí faoin gcreideamh in nDia an tSeantiomna. Tá gnéithe éagsúla faoina phearsa le fáil ann, agus ar uairibh tá uamhan ag baint lena chaidreamh lena phobal Iosrael.

Ach ag cur críoch lena chonradh le Iosrael, ní hé sin an gné dá phearsa ba mhian le Dia go meabhrofaí ach a mhalairt ar fad: a chneastacht agus a chineáltacht. Agus sin í teachtaireacht liotúirge an lae inniu: Ionann rúndiamhair na Tríonóide Rónaofa agus léiriú ar bheatha inmheánach Dhia na Glóire, a ghrá, a chineáltacht agus a chneastacht. Tá an bheatha sin roinnte aige leis na creidmhigh trí chomaoin an Spiorad Naoimh. Ni chun daorbhreith a thabhairt ar an saol a chuir Dia a Mhac uaidh ar an saol, ach chun go slánófaí an saol tríd.

Céad Léacht (Eacsadas 34: 4-6, 8-9). An Tiarna, an Tiarna, Dia na cineáltachta agus na trócaire.

Ina chomhthéacs sa Bhíobla baineann an sliocht seo le athdhéanamh an chonartha le Iosrael tar éis é a bheith briste acu. Tá Maois ar an Sliabh (Sionái) le Dia, in agallamh leis. Iarrann sé ar Dhia a ghnúis a thaispeáint dó, iarratas a dhiúltaítear dó. Ni féidir do dhuine Dia (gnúis Dé) a fheicáil agus maireachtáil dá éis sin. Dúirt Dia le Maois go raibh sé leis féin a fhoilsiú leis, agus a ainm, an Tiarna, a fhógairt roimhe. Ba é ainm dílis Dhia Iosrael ná Iaveh, a cuirtear “an Tiarna” mar aistriúchán air. “Bheith ann” is bunbhrí leis an ainm seo, an Dia a bhí ann riamh, agus lena phobal i ngach anró, agus atá leo arís anois. Mar ba ghnáth maidir le caidreamh Dé le daoine, tháinig sé i bhfoirm scamaill, agus sheas Maois in éineacht leis. D’fhógair Dia a ainm pearsanta le Maois: “An Tiarna, an Tiarna”, agus nocht sé a bheatha inmheánach dó: Dia na beatha, lán de chineáltacht, de thrócaire, chneastacht, de dhílseacht, mall chun feirge. Guíonn Maois air sin a thaispeáint dá phobal, fanúint ina bhfochair ar a dturas tríd an stair, agus a gcionta agus a bpeacaí a mhaitheamh. Ar ndóigh, níl aon tagairt dhíreach don Trionóid sa Seantiomna, ná sa sliocht seo, ach téann sé go deas le soiscéal an lae inniu sa mhéid go nochtar iontu araon Dia na glóire ag léiriú a bheatha inmheánach féin agus a ghrá don chine daonna.

Salm le Freagra (Dainéil 3:52-56). Le moladh agus le glóiriú de shíor.

Dara Léacht (2 Coirintigh 13:11-13).

Grásta an Tiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh. Foirceann na litreach atá againn anseo, le beannacht agus beannú Phóil ar na Críostaíthe sa Coirint. Scríobhann sé ó thuaisceart na Gréige, ón Macadóin, agus cuireann sé beannacht na heaglaise sin chucu chomh maith, le teachtaireacht lárnach na Críostaíochta a mheabhrú dóibh uair amháin eile: maireachtáil faoi stiúir an Spioraid agus Dhia an ghrá, leis an muintearas is dual do na creidmhigh. Sa bheannacht dheiridh, tá an Tiarna Íosa, Dia (an tAthair) agus an Spiorad Naomh luaite, trionóid naofa. Tá an fhoirmle anseo go soiléir cheana féin (Íosa, Dia an tAthair, an Spiorad Naomh), an ceann is luaithe sa Tiomna Nua. Ach ní hé go raibh diagacht na Trionóide soiléir ag Pól faoi mar a bheidh sé níos déanai. Tá an fhoirmle liotúirgeach sin linn i gcónaí, agus is fiú aire a thabhairt don ghrásta ó gach ceann den triúr atá luaite: grásta na beatha nua ón dTiarna Íosa, grá Dé an tAthair agus gach a chialaíonn sé, agus an muintearas agus an aontacht, an cumann, a bhronnann an Spiorad Naomh. Ní cumhacht theibí i bhfad uainn an Trionóid Rónaofa. Tá sí gníomhach go laethhúil sa bheatha Chríostaí.

An Soiscéal (Eoin 3:16-18). Chuir Dia a mhac uaidh ar an saol chun go slánófaí an saol tríd.

Is sliocht an téacs seo ó agallamh fada Íosa leis an Fairistíneach Nicodémas a tháinig go hÍosa san oíche. Tagann an téacs seo díreach tar éis tagairt Íosa dá bhás féin ar an gcrois, agus tá sé roghnaithe do fhéile seo na Trionóide Rónaofa toisc an bhéim atá ann ar ghrá Dé don domhan, téama lárnach do liotúirge an lae inniu ag an eaglais. Seo í bliain Shoiscéal Matha i liotúirge an Domhnaigh, agus Matha an t-aon soiscéal ina a bhfuil tagairt shoiléir don Trionóid Naofa, nuair a luaitear baisteadh ina hainm. Mar sin féin is oiriúnaí go mór an sliocht as soiscéal Eoin, de bharr na béime atá ann ar ghrá Dé don domhan, a oireann don chur i láthair do rúndiamhair na Tríonóide i liotúirge an lae inniu, bíodh nach luaitear ann ach Dia (an tAthair) agus a Aonghin Mic. 

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Rúndiamhair na Tríonóide agus   rúndiamhair na hEaglaise

Ceiliúraimid inniu féile na Tríonóide Naofa nó mar a thugtar uirthi go hoifigiúil Solúntas na Tríonóide Rónaofa. I slí is rud teibí an Tríonóid. Ar éigin go gcloisimid riamh faoi dheabhóid don Tríonóid Naofa. Ach dáiríre is í an rúndiamhair is mó agus is doimhne de na rúndiamhra Críostaí í an Tríonóid. Thóg sé na céadta bliana, le earráidí, eiriceachtaí agus cur i ndroch-fhoirmlí le go dtiocfadh an Eaglais ar na foirmlí faoin rúndiamhair seo atá againn inniu. An creideamh sa Tríonóid is creideamh é in aon Dia amháin i dtrí phearsa. Mar a cuirtear an teagasc i Caiticiosma na hEaglaise Caitlicí (altanna 253-260), is Aon an Tríonóid. “Ní admhaimid trí déithe ach aon Dia amháin i dtrí phearsa, an ‘Tríonóid chomhshubstainteach’”. Ní roinneann na pearsana diaga an aon diagacht amháin eatorthu, ach is Dia go hiomlán gach ceann díobh. Tá na pearsana diaga sin go hiomlán idirdhealaithe óna chéile.

Tá sin go léir sáthach deacair le tuiscint, ach tabharfaidh forbairt na ceiste tuiscint níos fearr dúinn faoi cad tá i gceist. Bheadh ar aon fhorbairt tárlu taobh istigh den creideamh Giúdach ar an aondiachas, monodiachas, is é sin le rá níl ann ach an t-aon Dia amháin. Sa Tiomna Nua, agus sa Giúdachas chomh maith, d’fhéadfaí “Athair” a thabhairt ar an Dia sin. Ansin tháinig Íosa agus d’fhógair sé teacht ríocht Dé. Uair amháin chuir sé ceist ar a dheisceabail faoi thuairim an phobal faoi, agus faoína dtuairim féin. Thar cheann an Dáréag fhreagair Peadar gur mheasadar gurb é an Meisias (an Críost) é (Marcas Lúcás, “Críost Dé”; Matha, “Críost Mac Dé Beo”). D’oscail an t-aiséirí agus a lean é ré nua i gcreideamh na gCriostaíthe. Ba mhó ná duine daonna Íosa anois. Bhí sé ina shuí ar dheis Dé mar Thiarna, is é sin le rá an té a sheolann an Spiorad Naomh ar an Eaglais. Faoi dheireadh chéad thosaigh na Críostaíochta bhí adhradh á thabhairt do Chríost mar Dhia, mar is soiléir ó chaibideal tosaigh shoiscéal Eoin: “Ar dtús bhí an Briathar ann … agus ba é Dia an Briathar … Agus ghlac an Briathar colainn dhaonna agus chónaigh sé inár measc”.   Gheall Íosa go gcuirfeadh sé an Spiorad Naomh, an Paraicléid, an tAbhcóid, ar an Eaglais, agus le himeacht aimsire tugadh adhradh don Spiorad Naomh mar Dhia. Sa cheathrú céad cuireadh Cré Nicé le chéile chun adhradh gach ceann de na trí phearsa a léiriú, taobh istigh den dílseacht ba dhual don aondiachas docht nach bhfuil ann ac aon Dia amhain. Theip ar Athracha na hEaglaise téarmaí cuí a fháil sa Bhíobla lena gcreideamh in Íosa a léiriú agus bhaineadar úsáid as téarmaí reatha i bhfealsúnacht na Gréige: “comhshubstainteach leis an Athair”. Tá an Chré sin againn i gcónaí.

Sin an teagasc atá teibí go leor, agus b’fhéidir do dhaoine áirithe leamh go leor chomh maith. Ach ní mar sin don rúndiamhair féin. Léiriú í sin gur fhoilsigh Dia dúinn trí Íosa a bheatha inmheánach féin, teist don ghrá atá aige dúinn. Agus tá an grá sin le léamh go soiléir i leachtaí an lae inniu. Tá beatha inmheánach sin Dé tugtha dúinn mar eiseamláir den bheatha Chríostaí san Eaglais. Tugann sin chun cuimhne an méid a dúirt Íosa agus é ag impí ar a Athair roimh imeacht den saol seo dó (Eoin 17:20-24): “Ní ar a son sin amháin atáim ag guí, ach mar an gcéanna, ar son na ndaoine a chreidfidh ionam trína nbriathar, ionas go mba aon iad go léir, faoi mar atá tusa, a Athair, ionamsa agus mise ionatsa, go mbeidis seo ina n-aon ionainn i dtreo go gcreidfidh an saol gur chuir tú uait mise … A Athair, an mhuintir a thug tú dom, is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, ionas go bhfeicfidh siad mo ghlóir, an ghlóir a thug tú dom, mar gur thug tú grá dom roimh chruthú an domhain”. Déanann an Spiorad Naomh i gcroíthe na bhfíréan feasach sinn gur clann mhac agus clann iníonacha sinn le Dia, glaoite chun maireachtáil de réir na h-onóra sin i rúndiamháir na hEaglaise. Ní thuigtear an Eaglais i gceart muna fheictear uirthi mar rúndiamhair, Corp Chríost, go bhfuil an Spiorad Naofa á stiúradh. Tá glaoch uirthi bheith aontaithe leis an Tronóid Naofa, le fianaise a thabhairt don domhan do ghrá Dé, tobar na beatha.

Recommended Articles