Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríosta

B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Fís, fíorú na físe agus foighne

A.Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 55:1-3). Tagaigí agus ithigi. Tá guth an Tiarna anseo mar a bheadh guth callaire ag díol uisce, ach go bhfuil an t-ábhar le hól agus le hithe anseo saor in aisce. Tá an tús seo cosúil leis an ghairm a chuireann an Eagna phearsantaithe amach chuig an lucht saonta, atá i mbaol morálta, teacht chuig an fhleá de rogha dí agus bia atá ullamh aici (Seanfhocail 9:1-5). Tá an téacs áirithe seo as leabhar Íseáia roghnaithe do liotuirge an lae inniu le dul leis an sliocht ón Soiscéal faoi mhiorúilt iolrú an aráin. I Leabhar Íseáia féin tagann sé ag deireadh na ranna den Leabhar ar a dtugtar de ghnáth anois an Dara hÍseáia, cnuasach fáistiní i bhfriotal fileata ina bhfuil an file agus fáidh ag tabhairt uchtaigh dá mhuintir i ndeoraíocht na Baibealóine go bhfuilid le filleadh faoi ghlóir ar a dtír dhúchais, áit a bhfuil todhchaí rathmhar i ndán dóibh. Ach ní leor an aisling gheal ná fís iontu féin. Ní mór bheith réidh glacadh leo mar fhirinne, mar réaltacht le teacht, agus le bheith réidh cabhrú le Dia i bhfíorú na fáistine. Sin atá á mholadh ag an fáidh sa sliocht seo. Bhí conradh ag Dia le Dáiví agus a theaghlach. Ach tá ré an duine aonair sin Dáiví thart anois. Sa ré nua beidh an conradh sin leis an bpobal, agus na grástaí a gealladh do Dhaiví acu. Cuid de phlean Dé é seo go leir, agus cúpla véarsa níos déanaí meabhraíonn Dia go mbeidh toradh fónta ar a phlean, ar an mbriathar a théann as a bhéal agus ná filleann air gan toradh, gan an rud is áil leis agus a bheart a chur i gcrích.

Salm le Freagra (Salm 144[145]). Osclaíonn tú do lámh, a Thiarna, is sásaíonn tú sinn.

Dara Léacht (Rómhánaigh 8:35, 37-39). Ní fhéadfaidh dúil chruthaithe ar bith sinn a scaradh ó ghrá Dé atá faighte againn in Íosa Críost. Thuig Pól go maith cad ba fhulaingt agus chruatan ann. Bhí cleachtadh maith aige iontu i rith a shaoil mar aspal, agus chuir sé síos orthu níos mó ná uair amháin ag scríobh chuig na Coirintigh dó. Ach bhí sé deimhin de go mbeadh an bua aige orthu trí ghrásta Dé. Bheadh uchtach le fail aige ónar fhulaing Giolla, Seirbhíseach, an Tiarna, roimhe, agus an mhuinín a bhí aige as Dia. Mar a duirt an Giolla: “Tá an Tiarna ag teacht i gcabhair orm, is é sin an fáth nach mothaím an masla. An bhfuil aon duine ag éileamh ceart orm? Seasadh sé chugam amach! Tá an Tiarna ag cuidiú liom, cé thabharfadh ciontach mé? (Íseáia 50:7-9). Sna sleachta roimh an léacht seo, a léadh le roinnt Domhnach anuas, thug Pól aisling agus fís iontach faoin nglóir ba dhual, agus a bhí i ndán, do chlann Dé agus don dúlra féin. Mheabhraigh sé do lucht leanúna Chríost go raibh an Spiorad Naomh ag cabhrú lena nguí agus á tabhairt i láthair Dé. Ach bhraith fíorú na físe ar dhílse na bhfíréan do ghairm Dé. Ní foláir ná go raibh ceist ann do chuid de na creidmhigh nach mbeidis dílis go ceann scríbe. I léacht an lae inniu tugann Pól freagra ar a leithéid d’amhras, agus a shaol féin agus teachtaireacht Ghiolla Dé mar chúlra aige. Ní féidir le haon rud sinn a scarúint ó ghrá Chríost.

            Scríobh Pól a litir chuig na Rómhanaigh i nGeimhreadh na bliana 57-58, agus bhí ar a chumas a chuid smaointe a phlé le baill na heaglaise sin ón bhliain 61 amach nuair a tháinigh sé chucu mar chime. Bhí gá ag an eaglais sin leis an dóchas thar chuimse a spreag Pól nuair a bhris géarleanúint Néaró orthu sa bhlain 64, agus gur cuireadh Pól féin agus Peadar chun báis an bhliain sin nó go luath ina dhiaidh.

An Soiscéal (Matha 14:13-21). D’itheadar uile agus bhíodar sáthach. Dúirt Matha linn cheana (4:12) go ndeacha Íosa ar leataobh ón fhásach go dtí an Ghailíl nuair a chuala sé go raibh Eoin Baiste curtha i bpriosún. Anois ar chloisint dó faoi bhás Eoin chuaigh sé ar leataobh go dtí áit uaigneach ar leithrigh. Ní foláir ná gur chuir an scéala seo isteach go mór air, á mheabhrú dó nárbh fhada uaidh a bhás féin. Ach ni raibh mórán deise aige bheith leis féin. Leagann an léacht seo béim ar thrócaire Íosa, ag leigheas na n-othar dó. Ní deirtear linn cad eile a rinne Íosa seachas na hothair a leigheas, ach téann an téacs díreach go dtí miorúilt iolrú an aráin. Anseo arís tá an bhéim ar thrócaire Íosa, a dhéanann an mhiorúilt ní le fianaise a thabhairt do ríocht Dé ach le bia a sholáthair do na sluaite. Mar a ríomhann Matha an mhiorúilt, tá tionchar ghníomh Íosa ar an arán ag an Suipéar Deirneach (Matha 26:26) le mothú ann: bheannaigh, bhris agus thug dá dheisceabail é. Measann scoláirí áirithe go bhfuil brí shiombólach sna figiúirí a luaitear: cúig bhuilín, dhá iasc, dhá chiseán déag de bhrúscar, agus cúig mhíle fear, ach níl seo deimhin.

B.An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Fís, fíorú na físe agus foighne

Rud teibí í fís – an réaltacht, an saol, an todhchaí, an duine aonair mar ba mhaith le duine, nó le Dia fiú, iad a bheith. Ní thagann radharc ar shaorthoil an duine ina bhfíorú i gceist san fhís féin. Ní hí an fhís féin ach gníomhú an duine dhaonna, agus an phobail, a dhéanann réaltacht de, a dhéanann é a fhíorú, a thugann ann é. Agus d’fhéadfadh seo fíorú na físe a dhéanamh casta, nó cur as dó go hiomlán.

            Tá iarracht de seo le sonrú maidir le beagnach gach fís. Sampla maith an meíd atá le léamh i bhfáistiní, nó i bhfilíocht, an Dara hÍseáia faoi fhilleadh chlann Iosrael ó dheoraíocht na Baibealóne. I slí tá sé le tabhairt faoi deara i bhfís, in aisling, Phóil maidir le glóir chlann Dé, agus an dúlra féin, gach ar cruthaíodh, sa deireadh thiar. Ach ag feitheamh dóibh dá leithéid, bhí ar chreidmhigh na Róimhe maireachtáil leis an saol a bhi ann, agus bheith reidh dá ma gá do ghéarleanúint. Is fíor é faoi fhís Dara Comhairle na Vatacáne, gan ach cúpla sampla a lua, gan trácht ar fhíseanna, aislingí, poilitíochta.

            Tá an baol ann go gcuireann béim agus spéis i bhfís nó aisling, nó i ngné díobh, fós le fíoradh as don aire is dual sna físeanna sin atá fíoraithe cheana féin. Agus is mar sin do lár-fhis na Críostaíochta. Is fís innti féin í an Chríostaíocht, an rúndiamhair a bhí folaithe leis na cianta agus foilsithe in Íosa agus san Eaglais. Is fíor mar a mheabhraíonn Eoin (Eoin 1:18) nár fhaca aoinne riamh Dia, agus gur nocht Íosa, a Aonghin Mac, dúinn é. Tús le sean-amhrán cráifeach Gaeilge, curtha go Nua-Ghaeilge, ná: “Mian de mhianta m’anama feiscint gnúise Dé”. Tá gnúis Dé nochtaithe ag Íosa: “An té a fhéacann mise, féachann sé an tAthair”. Tá an fhis a bhí folaithe, agus fós le hiomlánú, le fail cheana i mórán slíte: sna hOcht mBeannachtai, “Is méanair dóibh sin atá glan ó chroi óir feicfidh siad Dia”. Tá an fhís le fáil sa Seanmóir ar an Sliabh, agus in oidhreacht na hEaglaise. Molann Pól sa lucht léite machnamh a dhéanamh ar an saibhreas Chríostaí atá acu. Seachmall a bheadh ann a bheith ag cur béime ar easnaimnh agus ag déanamh faillí ar shaibhreas na físe atá againn cheana féin.

Recommended Articles