Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bíodh aithne ar Chríost agat.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Ezícéal 18:25-28). Má thréigeann an drochdhuine a pheacaí, tabharfaidh sé a bheatha slán. Roghnaíodh an téacs gairid seo le dul le soiscéal an lae inniu mar go bhfuil sé ag trácht ar an aithrí agus an leis athrú meoin ar dhuine le toil an Athar a dhéanamh agus ar an maithiúnas a thugann Dia.

Bíodh gur sliocht gairid é le aidhm faoi leith don Domhnach seo, is fiú suntas a thabhairt don suíomh atá aige i Leabhar Ezícéal féin, mar mhír bheag de chaibideal fada le 33 véarsaí (caibideal 18). Tá pointe domhain teagaisc á chíoradh sa chaibideal seo faoi chúiteamh comhchoitiann agus freagracht phearsanta. Is deacair prionsabail a chur i mbriathra maidir le cúiteamh ó Dhia ar an olc agus “díoltas” uaidh, agus is deacair fiú focail chur i mbéal Dé san ábhar. Baineann tuiscint agus labhairt faoi seo le meon an duine agus an chine. In áiteanna éagsúla den Bhíobla, go luath sa stair, dúirt Maois le Dia (agus ba chuid den chré é) go raibh Dia lán de chineáltas, ag maitheamh peacaí, ach ag agairt cion na n-aithreacha ar an gclann agus ar chlann na clainne go dtí an tríú agus an ceathrú glúin (Eacsadas 34:7). I nglúin níos déanaí, go mór mór i ré na deoraíochta, cuireadh an cheist conas a fhéadfadh Dia ceart agus cóir coireanna glúin amháin a agairt ar a gclann mhac agus iníonacha. In aimsir Ezícéal, agus Irimia, bhí an fhadhb curtha i seanfhocal: “D’ith a n-aithreacha caora searbha agus tá déistin ar fhiacla na clainne” (Ezícéal 18:2). Pléann Dia an cheist sa chaibideal seo agus deir nach amhlaidh a bheidh feasta. Dáiríre pléitear ceisteanna éagsúla faoin ábhar seo ann: ní bheidh díoltas Dé á agairt ar chlann ná ar chann na clainne, agus mar aon leis sin tá an bhéim ar an bhfreagracht phearsanta, agus ar mhaithiúnas Dé don té a iompaíonn ón pheaca.

Le fírinne, téacs tábhachtach i stair dhiagacht maithiúnas na bpeacaí san Eaglais é seo. Tugadh cumhacht don Eaglais peacaí a mhaitheamh, ach ní raibh sé soiléir cérb iad na peacaí i gceist: maithiúnas sa bhaisteadh nó peacaí troma iar-bhaiste? Thánathas ar shoiléire trí théacs seo Ezícéal.

Salm le Freagra (Salm 24[25]). Cuimhnigh ar do thrócaire, a Thiarna.

Dara Léacht (Filipigh 2:1-12). Bígí ar aon mheon le hÍosa Críost. I léacht an Domhnaigh seo caite ón litir seo chuig na Filipigh, chríochnaigh Pól le comhairle uaidh don eaglais bheith dílis do bheatha de réir an tsoiscéil, Dea-Scéal Chriost. Leagann Pól béim ar a aithris ar Chríost, agus ar féin sa mhéid go bhfuil sé féin ag déanamh an rud chéanna. Is dócha go raibh laigí sa chomhluadar Críostaí i Filipi, agus níos déanaí sa litir (3:18) deir Pól gur minic ráite cheana leo é, agus deireann sé arís leo go deorach, go bhfuil mórán ag imeacht ina naimhde do chros Chríost. Ní deir sé a thuilleadh fúthu seo ach is dócha gur taobh istigh d’eaglais Filipi a bhíodar. I sliocht an lae iniu gríosann sé arís iad maireachtáil de réir an tsoiscéil. Tosaíonn sé a aitheasc le tagairt don Trionóid Naofa: an sólás a thagann ó Chríost, an spreagadh a thagann ón ghrá (tagairt don Athair b’fhéidir) agus don chumann, an ceangal, leis an Spiorad. Tugann Pól léargas ar an mbeatha nua ar chóir a bheith ag lucht leanúna Chríost, faoi lonnradh an tsoiscéil – bheith ar aon aigne le cheile, gan an easaontas a thagann ón iomaíocht nó as teann gaisce, ach aontas ón uirísleacht agus leas na gcomharsan is dual don Chríostaí. Aithris ar Chríost atá i gceist, agus leis an eiseamláir sin a chur go láidir os a gcomhair baineann Pól úsáid as iomann a bhfuil aithne go fóirleathan air.

Iomann nó duan an-ársa Críostaí é seo, a bhaineann Pól úsáid as le bheith ina eiseamláir do Chríostaithe conas aithris a dhéanamh ar Íosa. Is dócha go bhfuil an duan ag déanamh codarsnacht idir Íosa, an tÁdhamh nua agus an an chéad Ádhamh i nGairdín Pharthais. Bíodh gur duine daonna, i gcló daonna, a bhí sa chéad Ádhamh ghlac sé le ghuth an diabhail, na nathrach nimhe, agus shantaigh sé bheith mar Dhia, agus loit plean Dé. A mhalairt ar fad le hÍosa, a bhí i cló Dé ach a ísligh é féin, go bás fiú na croise. An t-ainm a bronnadh ag Dia ar Íosa ná “Tiarna”. Ionann “Tiarna” agus Críost céasta, aiséirithe, ar dheasláimh an Athar faoi ghlóir, agus an Té a thugann uaidh an Spiorad Naofa don eaglais. Cré ann féin an teideal seo “Tiarna”.

An Soiscéal (Matha 21:28-32). Tháinig áiféala air agus chuaigh. Tá tosach ag na poibleacánaigh agus ag na striapacha oraibhse isteach i ríocht Dé. Tá Íosa in Iarúsailéim i seachtain deiridh a shaoil. Ní le Fairisínigh agus scríobhaithe atá sé ag labhairt a thuilleadh, mar a bhí sa Ghailíl, ach le huachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail, an dream a thabharfaidh an bhreith chun báis air níos déanaí. Ní bheadh ach freagra amháin le tabhairt ar na samhlaoidí a thug Íosa, faoi iarratas ar bheirt mhac dul chun oibre sa bhfíonghort. Samhail de phobal Iosrael a bhí sa bhfíonghort, agus chuaigh an dara mac isteach ann tar éis aithrí, rud nár rinne na sagairt nó na seanoirí.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Bíodh aithne ar Chríost agat.

Tá, nó ar a laghad bhí tráth, eolas fóirleathan ar an dán Gaeilge faoi chomhairle don duine óg: “A dhuine atá i dtúis do shaoil, mo theagasc go cruinn beir leat – sara dtiocfaidh iomad ded aois aois, bíodh aithne ar Chríost agat”. Ní eolas faoi Chríost, ach aithne phearsanta ar Chríost. Tá seo ag teacht go hálainn lena deir Pól aspal ina litreacha, sa litir chuig na Filipigh agus eile. Ba chuid dlúth de chéad-teagasc an heaglaise roimh an bhaisteadh é. Tá sé curtha go han-deas sa litir chuig na hEifisigh, áit a déantar codarsnacht idir an Seansaol, saol mar phagánaigh, agus an saol nua i gCríost, an Sean-saol ag daoine ina mbíonn a n-aird ar nithe baotha, dealaithe amach ó bheatha Dé, tugtha don drabhlás. Ansin, i gcodarsnacht leis sin, deir Pól: “Ní mar sin a fhoghlaim sibhse Críost” (Eifisigh 4:20), má éist sibh leis i gceart agus más í an fhírinne atá in Íosa a múineadh daoibh. Ionann an teagasc faoi Chríost, agus an baisteadh i gCriost a chuaigh leis i dtús na hEaglaise agus a théann go fóill, agus caidreamh pearsanta le Críost. Nuair a dhírigh Pól aird na gCríostaithe ar Chríost ar neamh, ar dheis Dé, agus a n-aire a bheith ar na nithe atá thuas, ní éalú ón saol seo atá i gceist aige ach gríosadh dóibh gach neamhghlaine iontu féin a chur chun báis agus maireachtáil de réir an tsoiscéil. Ionann an bheatha Chríostaí agus aithris ar Chríost agus gach a leanann as. Ní caidreamh teibí nó fealsanta atá i gceist ach caidreamh beo, a thagann ó chleachtadh an chreidimh agus an urnaí, aithris a thagann mar bhronntanas ó Dhia. Tá ábhar machnaimh anseo dúinn i saol an lae inniu, idir óg agus aosta.

Recommended Articles