Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: “Bíodh bhur n-aire ar an rud uasal”.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 5:1-7). Fíonghort Thiarna na Slua, is é teaghlach Iosrael é. Duan grá a bhi sa téacs seo i dtosach, ar rinneadh parabal de. Ba é Iosrael fíonghort Dé, a raibh grá thar chuimse ag Dia dó. Is é Dia an cara ar leis an fíonghort agus a thug aire thar an ghnáth dó, ag cur togha na finiúna ann, agus a thóg, fiú, túr ina lár, túr faire le naimhde, beithígh agus eile, a choimeád amach as. Thochail sé cantaoir ann chun an toradh ón fhíonghort a mheas. Bhí sé ag súil le caora finiúna fónta. Ach a mhalairt a bhí aige, fia-chaora. Ansin cuireann Dia, nó an fáidh-file, ceist ar Iarúsailéim agus Iúda faoi cad a dhéanamh leis an bhfíonghort, agus tugann freagra ar a cheist féin. Déanfaidh sé é a scrios, an claí a bhaint as, an balla a leagan, le go mbeadh sceacha agus driseacha ag fás air. Díreach ina dhiaidh sin cuirtear in iúl arís gurb é teaghlach Iosrael fíonghort Thiarna na Slua. Is iad a phlanda muirneach. Cuireann an fáidh agus file Íseáia, a bhfuil máistreacht aige ar theanga na filíochta as Eabhrais, críoch leis an mhír seo le ráiteas láidir ina bhfuil imirt focal, a dtugann Breandán Ó Doibhlin aire chuí dóibh sa leagan Gaeilge: “Bhí mé ag dréim le riar ceart (Eabhrais: mispat) agus seo fuilbheart (Eabhrais: miospach), le fíréantacht (sedaqah), agus seo caoi léanmhar (saaqah).

Salm le Freagra (Salm 79[80]). Fíonghort an Tiarna, is é teaghach Iosrael é.

Dara Léacht (Filipigh 4:6-9). Beidh Dia na síochána faraibh. Léacht álainn í seo, ina thosaíonn Pól le moladh don eaglais is gean leis bheith faoi shíocháin, síocháin Dé atá os cionn gach tuisceana ag gardáil a gcroíthe, gan a bheith imníoch faoi rud ar bith, ach ag guí chun Dé faoi aon rud a bheadh in easnamh orthu. Rud mór do Phól an tsíocháin aigne agus chroí i gcúrsaí creidimh, mar ar scríobh sé chuig na Rómhánaigh (15:13): “Go ndéana Dia an dóchais sibh a líonadh den áthas agus den tsíocháin uile sa chreideamh ar shlí go mbeadh raidhse den dóchas agaibh trí chumhacht an Spioraid Naoimh”. Ansin mar fhocal scoir tugann sé moladh láidir dóibh raidhse de shuáilci dearfacha a bheith acu, an rud measúil, creidiúnach, suáilceach, inmholta, na tréithe a bheadh meas ag an bpobal neamh-Chríostaí orthu. Ni chuireann an creideamh sa saol eile as don chreidmheach luachanna an tsaoil seo agus a chultúr a shaothrú. Sin an teagasc a thug Pól dá eaglaisí, teagasc ó Dhia na síochána.

An Soiscéal (Matha 21:33). Cuirfidh sé an fíonghort ar cíos chun curadóirí eile. Leanann an léacht seo an ceann a bhí again i soiscéal an Domhnaigh seo caite. Iontu araon tugann Íosa rabhadh do uachtaráin na sagart agus do sheanórí an phobail, agus tríothu do Iosrael, an babhta seo i bhfoirm parabail. Is parabal faoi fhíonghort é a bheadh bunaithe ar an ceann i Leabhar Íseáia a bhí againn mar chéad léacht inniu. Parabal faoi úinéir talún (“fear tí”) a rinne fíonghort a phlandáil agus a chuir ar cíos é do thionóntaí (“curadóirí”) le go mbeadh toradh aige as, i séasúr na dtorthaí. Thug na tionóntaí drochíde ar na seirbhísigh a chuir sé chucu faoi dhó lena chuid a fháil. Ansin chuir sé chucu a mhac, oidhre ar an bhfíonghort. Chaitheadar amach as an bhfíonghort é agus mharaíodar é. Nuair a chuir Íosa an cheist faoi cad a dhéanfadh máistir an fhíonghoirt leis na tionóntaí, d’fhreagair siad go mbéarfadh sé drochíde orthu, go gcuirfeadh sé an fíonghort ar cíos do thionóntaí a bhéarfadh na torthaí ina séasúr féin. Mheasfadh duine nár rinneadar aon cheangal idir an bparabal agus téacs Íseáia. Ní dhéanann Íosa tagairt dó, ach oiread, ach luann sé téacs as Salm 117(118):22-23 ar bhaineadh úsáid fóirleathan as sa chéadeaglais. Íosa féin an chloch dár dhiúltaigh na saoir (sa chás seo uachtaráin na sagart agus na seanóirí), agus ar rinneadh di ceann an chúinne san aiséiri. Déanann Matha soiléir an tátall a bhí le baint as briathra sin Íosa: ríocht Dé le baint de phobal Iosrael agus le tabhairt do phobal a bhéarfaidh uathu a toradh, an toradh is dual do ríocht Dé. An eaglais, lucht an chreidimh i gCríost, atá i gceist, is dócha. Mar is gnáth le Matha, tá béim curtha ar thoradh a thabhairt, le dea-oibreacha.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: “Bíodh bhur n-aire ar an rud uasal”.

Tugann an méid adeir Naomh Pól chuig na Filipigh sa sliocht dá litir a léadh inniu ábhar machnaimh dúinn maidir le caidreamh na hEaglaise le saol an lae inniu. Go minic maítear go gcuireann creideamh sa saol eile, agus sin le bheith mar príomhchúram acu, as do chreidmhigh aire ceart a thabhairt do chúrsaí an tsaoil seo nó meas ceart a bheith acu ar uaisleacht an duine dhaonna nó tuisicint do chúrsai cultúir. Ba cheart gur leor adeir Pól mar fhreagra ar a leithéid de líomhaint. Ní de thaisme briathra sin Phóil. Ba chuid den teagasc a mhúin sé a bhí ann, deir sé féin. Ó thaobh na suáilce Críostaí agus na beatha i gCríost de, is eol go maith don Eaglais agus dóibh siúd a chreideann ann briathra Chríost: “Bígí foirfe faoi mar atá bhur nAthair neamhaí foirfe”. Níl teora leis an ghlaoch chun foirfeachta. Agus sin madir leis na cúrsaí a bhaineann le freagra ar theagasc an tSoiscéil.

            Ach is ionann, i slí, maidir le cúrsaí na beatha daonna, mar a mheabhraíonn Pól dúinn sa dara léacht inniu, “mar fhocal scoir” uaidh: ár n-aire a bheith ar an rud uasal, ar an rud cir, ar an rud naofa, ar an rud measúil, ar an rud creidiúnach, ar an rud atá suáilceach inmholta. Ar éigin go bhféadfadh fealsamh morálta é a chur níos fearr. Is dual don chreidmheach spéis a chur i ngach gné den saíocht daonna – litríocht, ealaíon, agus eile.

Recommended Articles