Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Fáilte roimh chách san eaglais, ach ní mór aithrí sna peacaí.
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Íseáia 25:6-10). Ullmhóidh an Tiarna cóisir, agus triomóidh sé na deora ó na haghaidheanna go léir. Sa leabhar ar a dtugaimidne Leabhar Íseáia air tá fáistiní agus bailiúcháin éagsúla de fháistiní. Ceann díobh sin an bailiúchan sna caibidil 24-27 ar a dtugtar de ghnáth “Apacailipsis Íseáia”, toisc go dtéann a bhfuil iontu thar chúrsaí reatha go heachtraí deiridh an tsaoil agus go bua agus breithiúnas deiridh Dé. Idir an chur síos ar eachtraí tá achainí agus sailm mholta Dé le fáil ann. Níl an teideal Apacailipsis beacht ar fad, ach tá gnéithe den seánra seo litríochta le fáil ann, a bheadh comónta níos déanai i Leabhar Dainéil, Zachairias 9-14, Leabhar apacrafúil Eineoc, agus Apacailipsis Eoin sa Tiomna Nua. Meastar nach féidir le Apacailipsis Íseáia bheith níos sine ná an cúigiú céad roimh Chríost. Ní foláir ná gur thug briathar Dé sna míreanna éagsúla den bhailiúchán seo treoir agus uchtach do phobal Iosrael sa tréimhse iar-dheoraíochta.

            Sna míreanna díreach roimh cheann an lae inniu cuirtear síos ar threascairt an domhain trí neart Dé, agus ansin ar fhoilsiú Dé, Tiarna na Slua, mar rí ar Chnoc Síón tar éis dó a naimhde, sluaite na spéire sa spéir, agus ríthe na talún ar talamh, a chloí. Ansin beidh Tiarna na Slua mar rí in Iarúsailéim, agus foilseofar a ghlóir i láthair a sheanóirí. Ina dhiaidh sin leanann iomann mholta De de bharr na n-éachtaí a rinne sé. I bhfriotal apacailipteach deirtear gur leag sé cathracha mórchúiseacha, danartha, nach luaitear a n-ainmneacha, agus gur tearmann Dia féin don dearóil, dídean ón stoirm agus scáth ón teas.

            Ina dhiadh sin leanann sliocht an lae inniu, fós i bhfriotal apacailipteach. Tá Dia le ré nua a thabhairt isteach don domhan mór. Tá sé le féile, féasta, fleá, cóisir, a ullmhú, le togha gach bia agus rogha gach dí, cóisir de fheoil shaillte, agus de rogha na bhfíonta. Agus sin le haghaidh na gciníocha go léir.

            Ag leanúint leis an bhfriotal apacailipteach, samhlaíotar na ciníocha uile bheith marbh, ar Chnoc Síón (“ar an sliabh seo”), iad clúdaithe le brat na marbh, faoi chaille, fial, an bhróin agus tá eisléine (taisléine) á bhfolach. Tá an bua ag an mbas ar na ciníocha, na náisiúin, uile. Ach is é namhaid Dé an Bás agus tá Dia leis an Bás a chur ar ceal go deo, agus na deora a théann leis a thriomadh. Tógfaidh sé an tarcuisne, an milleán, dá phobal Iosrael agus den domhan uile. Ní deirtear linn cérb é an tarcuisne nó milleán sin, ach sa ré nua seo beidh deireadh leis. Cuirtear seo go léir i láthair mar bhriathar Dé. “Is é an Tiarna a dúirt”.

            Leanann gairdeas an phobail ar an bhfís sin. Is leis seo go léir a bhiodar ag dréim, agus feictear lámh an Tiarna ag lonnú ar Chnoc Síón, “an Sliabh seo”.

            Níl aon tagairt don Meisias sa téacs seo, mar is dual do théacs ón chúigiú céad roimh Chríost. Ach is faoi ríocht Dé é, agus níos déanaí i measc na nGiúdach dearcadh air bheith ag tagairt don Mheisias, agus mar chóisir an Mheisias. Agus is mar sin atá sé mar chúlra do shoiscéal an lae inniu

Salm le Freagra (Salm 22[23]). I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe.

Dara Léacht (Filipigh 4:12-14, 19-20). Táim in ann gach ní a dhéanamh le cabhair an Té úd a bheir neart dom. Sa léacht ghairid seo fágann Pól slán ag pobal eaglais Filipi, an t-aon eaglais amháin ar ghlac sé cabhair uathu, cabhair a thugadar go fial. Ach bhí Pól réidh do aon riachtanas a chuirfeadh a shaothar misinéireachta air, ar an gcaolchuid agus ar an bhflúirse, ag braith go hiomlán ar Dhia, a thug neart dó. Cuireann sé críoch lena litir chucu le briathra ag moladh Dé.

An Soiscéal (Matha 22:1-14). Cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh. Tá an chóisir mheisiasach ar a raibh cur síos sa chéad léacht mar chúlra don léacht seo as an soiscéal. Ba ghnáth do Ghiúdaigh labhairt ar Dhia mar rí. Tá an parabal seo dírithe ar na príomhshagairt agus ar sheanóirí an phobail, ag tabhairt rabhadh dóibh arís go bhfuil a n-oidhreacht mar phobal Dé i mbaol. Bheadh íomhánna an pharabail soiléir go leor dóibh: rí, bainis dá mhac, Dia agus an bhainis, an chóisir, mheisiasach. Bhí an bhainis fógartha cheana agus an glaoch chuici tugtha anois. Tugadh an t-eiteachas don chéad ghlaoch agus don dara glaoch. Measann scoláirí áirithe gurb tríd an fáithe a tugadh an chéad ghlaoch agus tríd an haspail an dara ceann. Tugadh drochíde do na seirbhísigh a thug an dara glaoch; thugadar masla, easmailt, dóibh agus mharaíodar iad. Deir Matha gur tháinig fearg ar an rí, gur chuir sé a shaighdiuiri amach agus gur loisceadar a gcathair. Is dócha gur tagairt do threascairt Iarúsailéim, ag na Rómhánaigh, sa bhliain 70 atá anseo, curtha isteach sa pharabal nios déanaí ag Matha féin. Toisc nár ghlacadar siúd (na Giúdaigh) a fuair an cuireadh leis, ar ordú an rí tugadh isteach olc agus maith ó na bóithre go raibh halla na bainise lán de chuideachta. Neamh-Ghiúdaigh atá i gceist, peacaigh agus eile. Sin bunbhrí an pharabail, agus is anseo a chríochnaigh sé, is dócha, i dtosach, agus is mar sin atá sé i shoiscéal Lúcás.

            Bhí sin ceart go leor sa mhéid is a bhain sé le rabhadh faoi dhiúltú don chuireadh chun na bainise, cóisir an Mheisias. Ach anois ba í an chóisir sin ná an comhluadar Críostaí, an eaglais, a raibh glaoch chuig peacaigh agus eile isteach ann, agus ina mbeidh meascán den olc agus den mhaith i gcónaí. Ach ní mór an naofacht san eaglais, agus an aithrí do na peacaigh. Agus is mar sin a chuireann an soiscéalaí Matha aguisín, tógtha as parabal eile, b’fhéidir, leis an mbunpharabal. Tagann an rí, a thug an cuireadh agus an glaoch chun na bainise céaduair, isteach ag féachaint ar chuideachta na bainise, an comhluadar Críostaí anois, agus féachann sé duine gan éadach bainise, is é sin le rá gan beatha de réir mar a oireann do bhainis a Mhic, beatha de reir an tsoiscéil, le dea-oibreacha. Tá an fócas anois ar an mbreithiúnas deiridh, agus an breith dheiridh. Níl an foirceann seo ag teacht le príomh-theachtaireacht an pharabail bhunaidh, ach oireann sé lena léamh san eaglais ó thús agus fós.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Fáilte roimh chách san eaglais, ach ní mór aithrí sna peacaí.

Is geal leis an Eaglais a fhógairt gur eaglais oscailte í, ar oscailt do gach aoinne, is cuma faoi chine nó stádas soisialta, le trua agus tuiscint dóibh siud atá bocht nó ar an imeall. Fógraíotar sin ar uairibh ó na haltóirí. Ach an lá atá inniu ann, tá sa saol agus san Eaglais daoine agus buíonta nach mothaíonn go bhfeartar fáilte rompu san Eaglais nó nach ghlactar leis an staid ina bhfuil siad: daoine colscartha agus athphósta a bhfuil bac orthu Comaoin Naofa a ghlacadh; hómaighnéasaigh ghníomhacha, daoine in gcumann aerach, nó i bpósadh aerach; daoine bainteach le gnéas réamhphósta; colscaradh, nó fiú ginmhilleadh, agus a thuilleadh cleachtaí fós. Feictear ar chosc ar a leithéidí mar ualach trom, agus ar uairibh féictear orthu siúd a dhéanann an cosc a chosaint mar na Fairistínigh agus scríobhaíthe ar chuir Críost ina leith go gceanglaíonn siad suas ualaí troma do-iompair agus buaileann siad ar ghuaillí daoine iad, ach ní ail leo féin iad a bhogadh le barr méire.

            Tá an cheist sin á cíoradh go domhain na laethanta seo ag údaráis na hEaglaise féin. Is sean-cheist í a théann siar, b’fhéidir, go laethanta an tsoiscéalaí Matha féin, agus seans go bhféadfadh soiscéal an lae inniu tuiscint níos fearr a thabhairt dúinn ar an bhfadhb. Tá glaoch ag gach aoinne, peacaigh agus eile, chun na hEaglaise, agus ní mór don Eaglais bheith ina teachtaire do thrócaire Dé don saol mór agus dá baill féin. Thug Íosa cuireadh do chách teacht chuige le faoiseamh a fháil, á rá go raibh a chuing so-iompair agus a ualach éadrom. Ach dúirt sé leis nár mhór dá lucht leanúna bás a fháil dóibh féin agus a chros a iompair. Bás agus aiséirí le Críost dlúthchuid den chreideamh a fhág sé againn.

            Le filleadh uaidh seo go dtí na ceisteanna atá á bplé: Ní mór don Eaglais, sin le rá dúinn uile, bheith tuisceanach, trócaireach, agus gan ualaí do-iompair a chur ar ghuaillí daoine. Ach maidir leis na ceisteanna atá ardaithe inniu, ní foláir don Eaglais iniúchadh an chuid dílis den taisce, dá teagasc do-athraithe, iad nó an mbaineann siad le sean-teagasc de ré atá thart. Bíodh go raibh, go bhfuil, agus go mbeidh, peacaigh san Eaglais, glaotar orthu chun aithrí de shíor. Is lóchrann don saol mór í an eaglais. Salann na talún agus solas an domhain iad lucht leanúna Chríost. An mbaineann na na hábhair atá faoi chaibideal le salann agus solas inniu, nó le ré atá thart?

            Ní mór féachaint ar theagasc na hEaglaise mar theagasc Chríost. Is Críost féin atá ag labhairt, Críost ag tabhairt cuireadh chun faoisimh inniu mar a rinne fadó, le cuing so-iompair agus ualach éadrom, ach Críost a dúirt nach mór dá lucht leanúna bás a fháil dóibh féin agus a chros a iompair. Bímis ag guí go dtiocfaidh aithne níos fearr ar Chriost agus eolas ar a chuing de bharr an chur agus an chúitimh seo go léir.

Recommended Articles