Freagra don Chreideamh leis an mBiobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Lúcháir sa chreideamh agus déistin maidir leis
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Réamhrá do na léachtaí. Go traidisiúnta sa liotúirge Laidine gairmeadh “Domhnach Gaudete” ar an tríú Domhnach den Aidbhint, sin le rá Domhnach na lúcháire, agus sin ó bhriathra tosaigh na loinneoige don Iontróid, “Bígí lúcháireach”, briathra atá tógtha ón Litir chuig na Filipigh, Filipigh 4:4-7, téacs a léadh ina iomláine sa sean-liotúirge gach bliain, agus a léitear anois sa tríú bliain den chúrsa nua: “A bhráithre, bígí lúcháireach i gcónaí i bpáirt leis an Tiarna. Deirim arís é: bíodh lúcháir oraibh. Bíodh bhur gceansacht  le feiceáil ag an saol mór mar ní fada uainn an Tiarna”. Bhí an moladh céanna ag Pól sa chéad litir uaidh, chuig na Teasalónaigh, a léitear inniu mar dhara léacht: “A bhráithre, bígí lúcháireach i gcónaí; bígí ag urnaí de shíor”

Céad Léacht (Íseáia 61:1-2, 10-11). Gáirim le gairdeas sa Tiarna. Tá dhá mhír sa léacht seo, agus iad scartha óna chéile sa bhunleagan féin. Sa chéad mhír tá teachtaire Dé ag caint, ag fógairt go bhfuil misean aige ó Dhia agus é coisricthe ag Dia don mhisean sin. An misean atá aige ná dea-scéala a fhógairt chuig na dearóile, cóir leighis a chur ar chroíthe brúite, agus fuascailt a  fhógairt do na cimí agus na priosúnaigh.

            Is soiléir óna véarsaí a leanann an mhír seo gur do Síón, Iarúsailéim, agus do Iúda bánaithe atá an teachtaire, an fáidh, ag caint. Sa dara mír tugann an teachtaire, an fáidh, thar cheann an phobail, nó an pobal féin, nó Síón, freagra, ag samhlú go bhfuil an fhís fíoraithe. Tá sí, nó sé, mar a bheadh buachaill chun pósta nó mar bhrídeach. Tá laethanta a náire thart agus tá sé, nó sí, anois faoi lúcháir ag moladh Dé. Tá ré nua tagaithe, agus faoi mar a chuireann an talamh geamhar aníos cuirfidh an Tiarna Dia firéantacht ag geamhrú.

            Téann an téacs seo go hálainn le téama Aifrinn an lae inniu: lúcháir toisc go raibh Dia linn riamh agus go bhfúil sé linn i gcónaí. Tá an teachtaireacht chéanna ag an sliocht nuair a suítear é i Leabhar Íseáia féin agus ina chúlra staire. Glactar leis de ghnáth gur ón údar céanna  caibidil 60-62 den leabhar seo. Is cuid iad den “Tríú Íseáia” (Íseáia 56-66), bailiúchán de dhánta ón ré iar-dheoraíochta den cuid is mó de, agus baint acu leis an bPailistín, agus iad faoi thionchar an Dara Íseáia, an caibideal 61 seo ach go háirithe, ar a dtugtar ar uairibh “Cúigiú Dán Sheirbhiseach an Tiarna”.  Ré í an tréimhse luath-iardheoraíochta (539-450 roimh Chríost)  nach bhfuil an iomad eolais againn fúithi. B’fhuirist mearbhall bheith ar dhaoine maidir le creideamh agus amhras maidir le dóchas. Fothrach a bhí fós sa chathair naofa. Maidir le cúrsaí creidimh sa Ghiúdachas, bhí dhá ghrúpa ann: iad sin nach raibh riamh sa deoraíocht agus na sean-nósanna creidimh acu agus an dream a tháinig thar nais ón deoraíocht sa Bhaibleaóin le fís nua agus plean nua acu don todhchaí. Sin cúlra chaibideal  seo Íseáia 61 is dócha. Níl plean athnuachana soisialta á chur i láthair sa chaibideal seo, ach fís don todhchaí i spiorad an Dara Íseáia, ag meabhrú go raibh Dia i gcónaí leo chun gealltanais a fhíoradh agus cneasa a leigheas. Agus mar aon leis sin, tá ann freagra an phobail agus an lúcháir a shíolraíonn as creideamh i láithreacht agus gealltanais Dé.

            An fhís a bhí anseo sa chaibideal seo 61 de Leabhar Íseáia,  lean sí lei ag spreagadh dóchais agus freagra sna glúine a lean an tréimhse ar chéad tugadh di í. Tá sampla deas againn i lámhscríbhinn ó Qumran, ón Mhuir Mharbh, a scríobhadh thart ar an bhliain 120 roimh Chríost, ceann dá gairmtear uaireanta “Apacailipteach Meisiasach”. Deirtear ann go mbeidh na  flaithis ag éisteacht lena Meisias (le Meisias Dé) agus ní rachaidh aoinne ar strae ó aitheanta na neacha naofa. Tabharfaidh Dia aire dá chuid naomh. Beidh a spiorad ar foluain os cionn na dearóile. Is eisean a thugann cead a gcos do na cimi, radharch do na daill, agus déanfáidh an Tiarna éachtaí nár cualathas a leithéid riamh roimhe.  Ach an comhlíonadh is iomráití ar fad de ná ó Íosa féin i sionagóg Nazarat, nuair a léigh sé téacs an lae inniu, d’fill an Leabhar le chéile ina raibh sé, shuigh síos agus dúirt leis an lucht éisteachta: “Inniu atá an scríbinnn seo comhlíonta i gclos bhur gcluas”.

Salm le Freagra (Lúcás 1). Tá lúcháir ar m’anam i mo Dhia.

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 5:16-24). Go gcoimeádtar bhur spiorad agus bhur n-anam agus bhur gcorp saor ó chionta nó go dtaga ár dTiarna. Is álainn sliocht seo an lae inniu ó aitheasc deiridh Phóil ina litir chuig na Teasalónaigh, eaglais a bhunaigh sé seal de mhíonna roimhe sin. Baineann an t-aitheasc deiridh seo le comhairle faoi mar ba chóir glacadh leis an éagsúlacht gurb chuid dí an bheatha bheo Chríostaí. Cé go raibh an comhthionól Críostaí sin an-óg, bhí éagsúlacht agus teannas áirithe ann cheana. Bhí buanna an Spioraid Naoimh ann agus bhí fáithe, sa chiall nua Chríostai den fhocal sin, agus fáidheadóireacht – feidhmiú bhua an fháidh – ann a raibh drochmheas ag cuid den phobal sin orthu.  Tugann Pól comhairle faoi conas glacadh le buanna sin an Spioraid. Ach i dtosach cuireann sé síos ar an spiorad nach foláir a bheith in aon phlé faoin gceist: an lúcháir Chríostaí a eascraíonn as chreideamh sa bheatha nua i gCríost, lúcháir a chothaíotar le urnaí agus a éiríonn aisti. Agus leo sin gabhann gabháil bhuíochais do Dhia. Ar ndóigh d’fheadfadh an grúpa a bhí míshásta san eaglais sin  a mheas go raibh an dream eile a bhí tiomanta don Spiorad, agus do bhuanna an Spioraid Naoimh, acu dul thar fóir, agus mar an gcéanna leis an fáidheadóireacht,  agus molann Pól scagadh a dhéanamh, cloí leis an maith agus gach saghas oilc a sheachaint. Bhí eaglais na cathrach sin ag súil le téarnamh an Tiarna gan mhoill, agus dar le Pól is é an modh is fearr le bheith réidh le buaileadh le Críost ná tríd an bheatha Chríostaí.  Críochnaíonn sé le urnaí do Dhia na síochána iad a naomhú agus a choimeád saor ó chionta, agus tá sé deimhin go ndéanfaidh Dia atá dílis sin.

An Soiscéal (Eoin 1:6-8, 19-28). Tá duine in bhur measc nach aithnid daoibh. Is tréimhse ullmhúcháin í an Aidbhint do theacht Chríost, go háirithe dá chéad-theacht  ag a bhreith, a cheiliúrtar um Nollaig. Mar réamhtheachtaire, ba é ról Eoin Baiste Íosa a chur ar aithne d’Iosrael, agus tá misean seo Eoin le sonrú i liotuirge na hAidbhinte mar a bhfuil Eoin Baiste lárnach sna léachtaí ó na soiscéil sa dara agus sa tríú Domhnach gach bliain. I mbliana tógtar sliocht an tsoiscéil ón Cheathrú Soiscéal. Tá an chéad chuid den léacht tógtha ón réamhrá don soiscéal, a chuireann síos ar Íosa, an Briathar, mar sholas an domhain. Tugann seo ar údar an réamhrá tagairt na dhéanamh do Eoin Baiste mar fhinné don solas, an Solas arb é Íosa é. Feicimid de ghnáth ar Eoin Baiste mar dhuine aonair, ach dáiríre ba lárphearsa gluaiseachta é nár chríochnaigh tar éis gur cuireadh chun báis Eoin. Lean an ghluaiseacht ar aghaidh sa luatheaglais, a thug ar dhaoine áirithe a mheas gurb é Eoin Baiste an Meisias, nó an solas a bhí le teacht. D’fhéadfadh sin míniú a thabhairt ar an ráiteas sa téacs seo  a deir nárb é Eoin (Baiste) an solas, ach amháin finné don solas.

            Sa Phailistín, in aimsir Íosa bhíothas ag súil le Meisias de shaghasanna éagsúla agus le pearsanna a raibh baint acu leis an Meisias. Ar ndóigh bhí súil anairde leis an Meisias (ungtha; as Gréigis an Críost) Mac Dháivi. I measc manach Qumran bhíothas ag feitheamh le beirt Meisias, Meisias Sagartúil agus Meisias Dáivíoch, an Meisias as Árón agus as Dáiví. Thug  gealltanas ón fháidh Malaicí ar mhórán a bheith ag feitheamh le filleadh an fháidh Éilias, roimh Lá Mór an Tiarna. Bhíothas ag feitheamh chomh maith le teacht Fáidh, toisc téacs i leabhar Deotranaimí, b’fhéidir, ina gheallann Dia do Maois go seolfadh sé san am le teacht fáidh cosúil le Maois féin. Baineann an Ceathrú Soiscéal feidhm as an téarma “Giúdach” le bríonna éagsúla, uaireanta le tagairt don phobal, i  gcéill neodrach, uaireanta eile mar naimhde d’Íosa. Seolann Giúdaigh áirithe, agus cúram an Teampaill orthu de réir dealraimh, sagairt agus Leivítigh chuig Eoin le fiafrú de arbh aon cheann den triúr sin a bhíothas ag leitheamh leo é. D’fhreagair Eoin nárbh é, agus nuair a iarradh air cérb é go díreach, más ea, d’fhreagair sé le briathra iomráiteacha Leabhair Íseáia: Glór duine ag éamh san fhásach, ag ullmhú na sli don Tiarma, ag fógairt ré nua mar a rinne Íseáia. Iarann teachtairí ó na Fairistínigh cén fáth go raibh sé ag baisteadh munar duine den triúr sin é, a thug ar Eoin freagra a thabhairt nach raibh tábhacht ag baint leis féin, duine nach raibh ag baisteadh ach le huisce, agus go raibh duine ina measc nárbh aithnid dóibh é. Cuirfear aithne air an duine sin, Íosa, in am tráth. An Béatáine inar tharla an méid sin, ní baile dúchais Lazaras é, ach áit éigin anaithnid ar an dtaobh thoir den Iordáin.

  1. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Lúcháir sa chreideamh agus déistin maidir leis.

Is fiú aird a thabhairt ar bhriathra Phóil mar atá siad againn i loinneog don Intróid in Aifreann an lae inniu: “Bígí lúcháireach i gcónaí. Deirim arís é: Bíodh lúcháir oraibh”. Is léir uaidh sin go leagann sé béim ar an lúcháir.  Dúirt sé an rud céanna sa chéad litir atá againn uaidh, sa sliocht a léitear inniu: “A chairde, bígí lúcháireach i gcónaí”. Cuireadh atá dúinn anseo machnamh a dhéanamh ar thábhacht na lúcháire, an áthais, sa bheatha Chríostaí, agus sa bheatha dhaonna, agus dúinn creidmhigh an bhaint atá idir an lúcháir sin agus teacht Íosa ar an saol, agus le teachtaireacht Íosa féin dúinn.  Ní dochar cuid faoi seo atá sa Tiomna Nua a thabhairt chun cuimhne, gan caibideal agus véarsa a lua. Ag breith Íosa d’fhógair Aingeal an Tiarna leis na haoirí: “Tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile”. Dúirt Íosa lena dheisceabail  áthas a bheith orthu toisc go rabhadar tofa agus rinne Íosa féin gairdeas sa Spiorad Naomh agus dúirt: “Beirim buíochas duit, a Athair, a Thiarna neimhe agus talún, de chionn mar cheil tú na nithe seo ar lucht eagna agus éirime agus mar a fhoilsigh tú do naíonáin (a dheisceabail) iad”.  Bhí rúndiamhair Dé a bhí faoi cheilt leis na cianta foilsithe dóibh,  agus ba chúis lúcháire moiré é sin – agus is mar sin atá fós. Nocht Íosa fírinní faoi féin lena dheisceabail le go mbeadh a lúcháir féin iontu agus go mbeadh an lúcháir sin iomlán. Don chreidmhach ní chuireann trioblóidí an tsaoil, nó géarleanúint féin, as don lúcháir.  A mhalairt ar fad dar le hÍosa, a mheabhraigh dá lucht leanúna go mbeadh buairt acu sa saol ach go n-iompófar a mbuairt chun áthais. Agus mar chríoch ar na Biáde, na Beannachtaí, dúirt Íosa gur méanar dá lucht leanúna bheith faoi aithis agus bhrú, agus gur choir dóibh ansin bheith lúcháireach agus ag léimneach le háthas. Tá sé soiléir óna téacsanna sin go bhfuil an lúcháir Chríostaí fréamhaithe sa chreideamh i gCríost, sa ré nua a thosaigh leis,  agus san eaglais a bhunaigh sé. Gabhann sí le grá don eaglais sin agus meas uirthi.

      Ba chuid dílis den oidhreacht Chríostaí an grá don chreideamh agus an lúcháir a bhaineann leis. Tá sin le mothú go mór i luath-litríocht Chríostaí na hÉireann agus síos go dtí ár ré féin. Tá athrú mór tagaithe maidir leis sin le deireannas, sa ré iar-Chríostaí atá linn anois i slíte áirithe, go mór mór i gcúrsaí ard-litríochta. Le roinnt céadta anuas tá an Chríostaíocht tréigthe ag saoithe, agus níos deireannaí ag an gnáth-mhuintir. Maidir leo siúd a chreideann nó a thugann droim láimhe leis an gcreideamh tá trí short ann: iad sin a fhanann mar chreidmhigh, iad sin a fhágann agus gur cuma leo, agus an tríú grúpa ar ghráin leo creideamh na hEaglaise, nó creideamh i gCríost, nó fiú i nDia. Tá déistin le gach a bhaineann leis le mothú ina gcuid scribhínní. Tá slánú pearsanta, agus don domhan, á lorg ag cuid acu siúd, agus déanann siad soiléir nach é an slánú atá á fhógairt ag an Eaglais, ag teacht ó Chríost, atá i gceist.

      Agus Domhnach seo na lúcháire á chomóradh againn, measaim nach dochar súil a chaitheamh ar an dá thaobh den saol atá linn maidir le creideamh Chríost: Críost cúis ár n-athais, ár lúcháire, agus an creideamh cúis déistine.

Recommended Articles