Freagra don Chreideamh leis an mBiobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag maireachtáil le rundiamhra Dé.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Réamhrá do na léachtaí. Tá an Aidbhint, agus an feitheamh, cor is a bheith thart agus an comhlíonadh sa Nollaig buailte linn. Tá sin go hiomlán le sonrú i léachtaí an lae inniu. Tá tús an fheithimh don Meisias, Mac Dháiví, againn sa chéad léacht leis an ghealltanas ó Dhia do Dháiví féin go mbeadh mac leis i gcónaí mar oidhre ar a chathaoir ríoga. Sa dara léacht tá cur síos ar an rúndiamhair a bhí folaithe i  nDia sna céadta bliain idir sin agus a foilsiú i gCríost agus san Eaglais. Thosaigh foilsiú na rúndiamhaire sin le teachtaireacht an aingil go Muire, ar a bhfuil cur síos i soiscéal an lae inniu. I dtraidisiún na hÉireann agus na Gaeilge tugadh La Fhéile Muire na Sanaise ar fhéile theachtaireacht an aingil, 25 Márta. Tá brí throm ag gabháil leis an bhfocal “sanas” sa chomhthéacs seo, sin le rá seicréid sa chiall eaglasta, rúndiamhair, rúndiamhair ioncollaithe Chríost agus maighdeanais Mhuire. I dtéacs Gaeilge sa lámhscríbhinn ar a dtugtar Liber Flavus Fergusiorum, ag cur síos ar chuairt Mhuire ar Eiliosaibeit deir an téacs: ar chloisint comhrá  Eiliosaibeit  do Muire do cuimnigh sí ar  an tsanas a thug an t-aingeal di, ar an dteachaireacht agus an rundiamhair a bhain lei.

Céad Léacht (2 Samuél 7:1-5, 8-11, 16). Seasfaidh flaitheas Dháiví go daingean i láthair an Tiarna. Ina chomhthéacs sa Bhíobla tá seilbh glactha ag Dáiví ar a ríocht, ar  Iúda agus Iosrael go hiomlán. Tá an rí Sól marbh agus tá Iarúsailéim tagaithe faoi réim Dháiví.  Le linn na tréimhse san fhásach bhí áirc an chonartha i mboth, i bpuball, bíodh go raibh an áirc tugtha ag Dáiví go hIarúsailéim anois. Ba mhian le Dáiví anois áit lonnaithe cheart, “teach”, teampall, a thogáil di. Dúirt sé sin lena fháidh Natan. Ba chuid de lucht coimhdeachta rí sa Phailistín agus sna tíortha máguaird an tráth sin fáithe, a thabharfadh comhairle ar rudai a measadh a bheith bainteach le Dia nó na déithe. Ceann díobh sin an fáidh Natan. Freagra Dé ar Dháiví trí Natan, agus an gealltanas dó, is é an gealltanas is tábhachtaí é ó thaobh staire agus creidimh de. Ag imirt ar an fhocal “teach”, teampall, ar mhian le Dáiví a thogáil do Dhia, d’fhreagair Dia nach dtógfadh Dáiví an teach, an Teampall, sin do Dhia ach go raibh  Dia le teach, teaghlach, rítheaghlach, a thógáil do Dháiví, agus go seasfadh an teaghlach sin i gcónaí. Bheadh mac, agus clannmhaicne,  ag Dáiví de shíor ar an ríchathaoir. Ní bheadh malairt rítheaghlaigh i gceist. Agus ba mhar sin a bhí i ríocht Iúda ó aimsir Dháiví go treascairt na cathrach agus na ríochta ag fórsaí na Baibealóine sa bhliain 587 no 586. Tar éis filleadh ar Iúda agus tús le athbhunú an Teampail, sna blianta 522-515 roimh Chríost, faoi réimeas impireacht na Peirse, bhí Zarabáibil de shliocht Dháiví mar ghobharnóir,  thar cheann impireacht na Peirse, ar phroibhinse Pheirseach Iúda, agus dóchas ann go dtabharfaí rítheaghlach Dhaibhi thar nais; ach níor  mhair an dóchas seo. Ach mhair gealltanas Dé trí Natan, i dtéacsanna sa Bhíobla agus sa liotúirge. Dóchas ar theacht an Ungthaigh, an Meisias, Mac Dháivi, a bhí ann anois. Ghéaraigh ar an ndóchas sin thart ar chéad bliain roimh Chríost, agus bhí sé comónta in aimsir Chríost mar is eol dúinn ón Tiomna Nua. Do dhaoine cráifeacha in Iosrael, bheadh fíoradh an ghealltanais a tugadh do Dháiví trí Natan ann de réir mar ba thoil sin ag Dia sna cúinsí nua.

Salm le Freagra (Salm 88[89]). Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna

Dara Léacht (Rómhánaigh 16:25-27). An rúndiamhair a bhí folaithe ar feadh na gcianta, tá sí nochta anois. Docseolaíocht, foirmle mholta Dé, atá anseo. Foirceann don litir chuig na Rómhánaigh atá ann de ghnath, bíodh go bhfuil sé in áiteanna eile sa litir i lámhscríbhinní áirirthe den litir seo.  Is iontach mar fhoirceann é, le macallaí dár ndúirt Pól ina bheannú i dtús na litreach faoi Íosa: a gheall Dia roimh ré trína chuid fáithe. Molann Pól Dia atá in ann na creidmhigh a ghlac an dea-scéal uaidh iad a dhaingniú sa chreideamh sin. Labhraíonn sé faoin rúndiamhair a bhí folaithe leis na cianta agus nochta anois, an rúndiamhair sin ar rinne Íosa féin tagairt di nuair a dúirt sé leis na deisceabail gur méanar dóibh, méaner do an súla a chonnaic, agus na cluasa a chlos, na rudaí a bhí folaithe ar ghlúine fíréan a chuaigh rompu, rúndiamhair  a bhfuil mórán ráite faoi sna litreacha chuig na hEifisigh agus na Colasaigh, rúndiamhair nochta agus foilsithe trí Chríost agus an Eaglais faoi aontacht Ghiúdach agus phagánach i gCrois Chríost, rúndiamhair gur ionann í agus go bhfuil Críost inár measc ag deimhniú na glóire dúinn. Deir Pól go bhfuil an rúndiamhair nochta agus curtha in iúl le cabhair scríbhinní na bhfáithe do na náisiúin. Fáithe an tSeantioma a bheadh i gceist, is dócha, ach más déanaí an téacs seo ná Pól féin scríbhinní an Tiomna Nua chomh maith, scríbhinní Phóil ina measc. Bhí an foilsiú seo go léir do na náisiúin, na pagánaigh, ach dáirire gach aoinne, le iad a thabhairt “chun géillsine an chreidimh”. Ionann creideamh i gCríost agus géillsine, géilleadh, omós, dó; glacadh le dea-scéal Íosa, le hÍosa féin agus a Spiorad Naomh, mar theoir don bheatha. Críochnaíonn an litir leis na briathra lenar thosaigh sé: Fuair Pól grásta  an aspail ó Íosa chun géillsine a leathadh ar son a ainm i measc na náisiún uile.

An Soiscéal (Lúcás 1:26-38). Féach, gabhfaidh tú gin agus béarfaidh tú mac. Roimhe seo bhí cur síos ag Lúcás ar theachtaireacht an aingil Gaibriél go dti an sagart Zachairias faoi choimpeart Eoin Baiste. Sa séú mí ina dhiaidh sin cuireadh go Muire i Nazarat é. Tugtar maighdean ar Mhuire, agus tá sin lárnach don cur síos. Bíodh go raibh sí luaite i bpósadh le Iósaef dúirt sí le Gaibriél  nach raibh aithne fir aici (“gan cuid agam d’fhear céile”). Beidh coimpeart maighdeanúil aici. Chuir beannú an aingil gan coinne ionadh ar Mhuire: “Sé do bheatha atá lán de ghrásta”; ní grásta an anama mar a thuigtear anois é, ach “a Mhuire a bhfuil gnaoi ort”, faoi meas agus onóir faoi leith, toisc go bhfuil an Tiarna lei, agus beannaithe idir mná, mar a dúirt Eiliosaibeit níos deireannaí lei. Bhí buaireamh ar Mhuire dá bharr seo; ní amhras ach buaireamh, a chuir ag machnamh í. Luaitear machnamh Mhuire ar an rúndiamhair cúpla uair eile ag Lúcás. Tá Muire le leanbh a thabhairt ar an saol, agus í le Iosa a thabhairt air. “Slánú Dé” is brí leis an ainm sín, bíodh nach luaitear sin ag Lúcás. Glaofar Mac Dé (“Mac an Té is airde”) ar a mac, agus deir an t-aingeal go mbeidh sé ina rí ar theaghlach Iácób agus sin go brách, teaghlach Iácób, Iosrael go hiomlán seachas teach Dháivi, agus nach mbeidh deireadh lena ríocht. Beidh ansin comhlánú and comhlíonadh an ghealltanais a tugadh do Dháiví, agus i bhad níos mó ná sin. Sin an chéad chuid den agallamh leis an aingeal, faoi mhac Mhuire ina oidhre ar Dháivi, a spreagann an dara cuid le ceist ó Mhuire faoi sin, toisc gur maighdean í, le rún gan caidreanmh gnéis le fear a bheith aici. Tugann Gaibriél freagra ó Dhia. Déanfar an coimpeart ón, tríd an Spiorad Naomh, trí chumhacht Dé an Té is airde, agus toisc gur Mac Dé é beidh sé naofa, finné do Dhia, agus aontaithe le Dia.

            Leagtar béim ar phointí éagsúla sa léacht seo, a bhfuil Muire lárnach inti. I dtosach tá iomlánú agus comhlíonadh an ghealltanais do Dháiví, agus na bhfáistíní eile faoin ré nua. Ansin tá an bhéim ar ócht, ar mhaighdeanas, Mhuire. Coimpreadh Íosa go maighdeanúil, gan athair daonna. Agus cuirtear Muire inár láthair mar eiseamláir den fhíorcheidmheach, mar a duirt Eiliosaibeit lei: Is méanar di seo a chreid. Eiseamláir leis ina freaga deiridh do Gaibréil tar éis a ceisteanna agus soiléiriú: “Féach mise banóglach an Tiarna; déantar dom de réir d’fhocail”.

B. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag maireachtáil le rundiamhra Dé.

Is fada idir ré Dháiví, thart ar an mbliain 1000 roimh Chríost, agus an gealltanas a tugadh dó, agus ár laethanta féin. Bhí gach ar bhain le Dáiví agus a réim teoranta do phobal Iosrael, agus is scannal do dhaoine áirithe gur roghnaigh Dia pobal amháin ón domhan uile leis féin a fhoilsiú. Agus maidir leis an gealltanas do Dháiví go seasfadh a theaghlach agus a fhlaitheas i gcónaí, cuireadh deireadh leo agus leis an stát tar éis ceithre céad blain nó mar sin, sa bhliain 587 nó 586. Ábhar do chreideamh a bhí sa ghealltanas a tugadh dá ríchathaoir as sin amach. Idir sin agus teacht Chríost agus na haspail bhí rúndiamhair Dé don domhan uile folaithe, go dti go nochtfaí ag Críost agus na heaglaise í. Foilsíodh sin de réir a chéile ag Críost, agus san eaglais faoi stiúir an Spioraid Naoimh, agus i slí tá an rúndiamhair fós á nochtadh do chúinsí nua na staire.

Aontacht an chine dhaonna trí bhás Chríost agus Críost beo gníomhach inár measc dhá ghné den rúndiamhair i ré an Tiomna Nua. Ach bhí a thuilleadh díobh ann, agus tá i gcónaí nuair a déantar machnamh ar an rúndiamhair, ar phlean slánaithe Dé do chine daonna go léir.

Ní rud teibí, a bhaineann le heolas amháin, an rúndiamhair seo. Is cumhacht Dé í ag feidhmiú i slíte éagsúla. Feidhmíonn sí ach go háirithe san Eocairist agus tríd an tsacraimint sin. Sa liotúirge faoi mar atá sé sa Leabhar Aifrinn Rómhánach déantar cur síos go minic ar an Aifreann mar “an rúndiamhair seo” nó “na rúndiamhra seo”. Measadh tráth go raibh na téarmaí sin seanaimsearach agus níor bhaineadh úsáid astú i gcónaí i roinnt de na haisriucháin nua, a chuir na téarmaí “Aifreann” nó “Eocairist” ina n-áit, ach tá siad tugtha thar nais san leasú is déanaí. Tá Íosa agus an Spiorad Naomh ag feidhmiú san Aifreann, le rúndiamhair Dé a thabhairt chun críche. Is rúndiamhair, nó rúndiamhra, an tAifreann mar sin.

Rud eile a thugann an Eaglais mar rúndiamhair chun cuimhne dúinn ná an t-áthas, an lúcháir, a ba chóir a bheith orainn toisc go bhfuil an rúndiamhair a bhí ceilte leis na cianta foilsithe dúinn, grá Dé don chine daonna, agus an treoir don bheatha a thugann a teagasc dúinn.  Bhí deis mhachnaimh againn air sin an Domhnach seo caite, Domhnach Gaudete, Domhnach na lúcháire, ach is fiú filleadh air, lenár mgrá don Eaglais a mhéadú.

Recommended Articles