Freagra don Chreideamh leis an mBíobla leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Athrú meoin agus creideamh sa Soiscéal
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Ióna 3:1-5, 10). Chuir muintir Ninivé iad féin dá mbóthar claon. Leabhar faoi leith atá  i Ieabhar Ióna, an fáidh a sheol Dia le aithrí a fhógairt do mhuintir Ninivé. Príomhchathair ríocht na hAsaíre ab ea Ninivé, impireacht a bhí cruálach thar an ghnáth, a d’imir slad agus cos ar bolg ar Iosrael agus náisiúin eile sa Mheán Oirthear. Bhí fuath ag Iosrael do Ninivé, a himpireacht agus a muintir. Nuair a iarr Dia ar Ióna fáidh céaduair dul go Ninivé agus oracal, briathar an Tiarna, a fhógairt ina aghaidh, bhí amhras ar Ióna, nó thuig sé, gur maithiúnas don chathair mhallaithe a bhí ina aigne ag Dia agus bheartaigh sé éalú ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé ar bord loinge ach caith stoirm san  fharraige é, agus i mbolg mhíl mhóir a chaith ar ais ar an talamh thirim é. Tháinig briathar an Tiarna chuig Ióna an dara huair, mar a deirtear i léacht an lae inniu. Chuaigh sé go cathair Ninivé agus d’fhógair ann briathar an Tiarna. Rinne muintir Ninivé aithrí agus troscadh agus sparáil Dia iad. Sin éirim na léachta seo, agus éirim leabhair Ióna: tá Dia trócaireach don uile dhuine, i bhfad thar a mheas clann Iosrael, trócaireach fiú do naimhde Iosrael.

Salm le Freagra (Salm 24[25]). Taispeáin do shlíte dom, a Thiarna.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 7:29-31). Tá dreach an tsaoil seo ag síothlú. Ina chuid chomhairle don eaglais sa Coraint, mar is léir ón litir seo, bhí Pól tréadach agus réadach, a fhios aige nach mór do phobal Dé maireachtáil sa domhan a bhí ann, sa saol thart timpeall orthu. Sa chuid seo den litir bhí ar Phól aghaidh a btabhairt ar  cheisteanna faoi conas is fearr seirbhís a thabhairt don Tiarna, ceisteanna faoin bpósadh, aontumhacht, maighdeanas, agus as sin i léacht an lae inniu tug ann sín ar Phól  an tuairim a bhí aige a lua  go raibh deireadh an domhain, agus filleadh, téarnamh, Chríost buailte leo.  Tugann seo air comhairle a  thabhairt dóibh bheith scartha ó gach rud, gan ligint d’aon rud teacht idir iad agus an Tiarna. Ar ndóigh, lean cúrsa na staire ar aghaidh, agus baineann cuid dá ndeir sé lena ré féin. Mar sin féin, ní mór aird  a thabhairt don na rudaí sin a deir Pól bheith beag beann orthu, ach gan ligint  d’aon rud teacht idir sinn agus an Tiarna, mar a dúirt Íosa féin sa Soiscéal.

An Soiscéal (Marcas 1:14-20). Déanaigí aithrí agus creidigí sa Soiscéal. Níor mhian le hÍosa, de réir dealraimh, ministreacht chomhaimsireach a bheith aige le Eoin Baiste. Bhí Eoin Baiste ag fógairt a scéala taobh amuigh den Ghailil, sa Iúdáia, agus b’fhéidir sa Samáir. In am éigin ghabh sé thar teorainn isteach sa Ghailíl, faoi dhlínse Héaróid Antipas, agus cuireadh i bpriosún é. Thosaigh Íosa ag fógairt Shoiscéal Dé, ag rá go raibh an tréimhse a bhíothas ag feitheamh le comhlíonadh na bhfáistiní thart agus go raibh ríocht Dé in achmaireacht, buailte leo. Bhí gá le dhá rud anois: aithrí agus creideamh sa Soiscéal. Ionann i slí an dá rud aithrí agus creideamh sa soiscéal. Ní aithrí faoi peacaí faoi leith a bhí i gceist ach athrú meoin, aigne agus meon a dhíriú ar an rud nua, an Soiscéal a bheadh á fhógairt ag Íosa.

            Cuirtear béim ag Marcas, agus ag Matha agus Lúcás, ar ghlaoch an chéad cheathrar deisceabal, a raibh postanna buana acu mar iascairí, béim chomh maith ar chomh tapa ar fhágadar gach rud le Íosa a leanúint ina shlí bheatha agus a chamchuairteanna tríd an Phailistín. Cuirtear sin ar phár sna soiscéil,  agus sin le go mbeadh sé mar shampla don eaglais faoi dhílseacht do Chríost, agus do dhaoine áirithe bheith réidh dá mba gá an sampla sin a leanúint. D’fhéadfadh tobainne na gairme agus an freagra uirthi cur as do dhaoine: amhail is dá mba don chéad uair a bhuail Íosa agus iad féin le chéile. Ach tá a fhios againn ó Shoiscéal Eoin, sa sliocht a léadh an Domhnach seo caite, gur chuir cuid acu ar a laghad aithne ar Íosa cheana ag an Iordáin mar a raibh Eoin Baiste ag baisteadh, agus duine amháin díobh ar a laghad ina dheisceabal ag Eoin, agus cuid eile is dócha ina chuideachta.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Athrú meoin agus creideamh sa Soiscéal

Tá ábhar machnaimh phearsanta agus agallaimh do aois ar bith i Shoiscéal agus léachtaí an lae inniu. Is gairm do gach aois briathra Íosa faoi aithrí agus creideamh sa Soiscéal. Ionann aithrí anseo agus athrú meoin le díriú isteach ar rud eile, sa chomhthéacs seo Íosa agus an Soiscéal. Bhí ar gach deisceabal, ó Shiomón (Peadar) agus Aindrias agus eile, an t-athrú cuí sin a dhéanamh, do na céad deisceabail agus na Giúdaigh athrú meoin ó gach a bhí lárnach ina dtraidisiún siúd, le Maois mar lár, go hÍosa, athrú ó gach a bhí lárnach agus nár réitigh leis an Soiscéal. Mar an gcéanna nuair a ghluais an Soiscéal go cultúr na Gréige le Pól agus eile, bheadh an mana céanna ann: aithrí, athrú ó gach sa traidisiún sin nár oir don dea-scéal nua trí Íosa Críost. Agus mar an gcéanna le Peadar sa Róimh agus tríd na haoiseanns síos go dtí ár linn féin.

            Agus maidir linne inniu, ar uairibh ní fios dúinn go beacht an aithrí, an t-athrú, is cóir a dhéanamh. Tugann an chéad léacht ón bhfáidh Ióna ábhar machnaimh dúinn anseo. Léiríonn  Leabhar seo Ióna gur ghabh trócaire Dé agus a thuiscint don chine daonna, fiú do naimhde na nGiúdach, i bhfad thar mar ba mhaith le muintir Iosrael nó fiú leis an fáidh Ióna glacadh leis. Níor mhian le Ióna teachtaiteacht seo Dé a fhógairt do mhuintir Ninivé. Ag deireadh an leabhair dúirt sé le Dia gurb é an fáth gur theith sé uaidh i dtosach ná gur mhaith ab eol dó gurb Dia truachroích agus trócaireach a bhí ann, mall chun feirge agus lán de bhuanghrá. Clamhsánaí a bhí i Ióna agus fearg air faoi rudaí éagsúla. I bhfocail scoir an leabhair deir an Tiarna leis an fáidh Ióna: “Nach ceart trua a bheith agamsa do Ninivé, an chathair mhór sin ina bhfuil breis agus céad agus fiche míle duine nach eol dóibh conas rogha a dhéanamh idir an mhaith agus an t-olc, gan trácht ar na beithígh gan áireamh atá ann?”.

            Inniu tá an Eaglais ag iarraidh a fháil amach conas dul in agallamh le saol agus cultúr an lae inniu agus an t-athrú cuí a dhéanamh le buanghrá agus trócaire Dé a chur i láthair do ghlúin ár linne, ach le bheith dílis don Soiscéal san am céanna, ag tabhairt aird ar bhriathra Chríost: aithrí, athrú, agus creideamh sa Soiscéal. Tá speis faoi leith ag an bPápa Proinsias san ábhar seo. Ba coir dúinn go léir machnamh a dhéanamh air, agus guí chun Dé go mbeidh toradh fónta ar aon agallamh.

Recommended Articles