Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Fógairt an Dea-Scéil inniu
  3. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Iób 7:1-4, 6-7). Bím do mo chrá is do mo chiapadh go dtí comhrac lae agus oíche. Leabhar Iób ní Leabhar taobh istigh de chanóin an Bhíobla amháin é. Feictear air mar cheann de shaothair chlasaiceacha de litríocht an domhain. Mar shaothar is toradh de aigne neamhspleách é, nár ghlac leis an teagasc traidisiúnta gur pionós ar an bpeaca an mí-ádh agus an tinneas, go mbeadh a leigheas le fáil trí admháil ciontachta pearsanta. Ba dhuine an-saibhir é Iób, fear diaganta a raibh eagla Dé air, a chaill gach a raibh aige agus a bhí anois go dona tinn. Cuireann sé síos i duanta éagsúla ar an ainriocht ina raibh sé. Ceann álainn díobh siúd léacht an lae inniu. Leagann an léacht seo béim ar staid ainnis Iób, a neamhbhuaine is atá saol an duine abhus agus a shobhriste is atá sé nuair a bhuaileann anachain é, amhail is dá mba díchiall ar fad a bhí sa saol, gan bhrí, gan dóchas. Nuair a bhí údar an leabhair seo ag scríobh, thart ar 450-400 roimh Chríost abair, ní raibh creideamh beacht ar an saol eile fos ann. Roghnaítbear an léacht seo do liotúirge an lae inniu mar chodarsnacht don léacht ón Soiscéal ina thagann Íosa isteach mar bhall den chine daonna ina gcuid anró, ag tabhairt leis leigheas agus dóchas.

Salm le Freagra (Salm 146). Molaigí an Tiarna a shlánaíonn lucht an chroí bhriste.

An Dara Léacht (1 Corantaigh 9:16-19, 22-23). Is mairg dom mura ndéanfaidh mé an dea-scéal a fhógairt. Nuair a thagaimid le léachtaí liotúirge an Domhnaigh a léamh is é an príomh-rud a bhíonn uainn ná an teachtaireacht atá acu dúinn, fiú má tá cúpla véarsa de théacs an Bhíobla fágtha ar lár. Leagann léacht an lae inniu béim ar an dtuiscint a bhí ag Pól ar an misean, an glaoch ó Dhia, a bhí aige an Soiscéal a fhógairt, agus an dualgas a bhí air dá bharr sin beatha de réir a ghairme a chaitheamh le fianaise a thabhairt don Dea-Scéal le briathar agus le gníomh, le daoine a thahbairt don chreideamh i gCríost. Agus teachtaireach sin na léachta tabhartha faoi deara againn, is fiú dúinn an sliocht áirithe sin a shuíomh ina chomhthéacs sa leabhar nó sa litir le tuiscint níos fearr a fháil ar an leabhar nó litir agus áit na léachta féin ann. Faoi mar a bhí le dara leacht an Domhnaigh seo caite, i léacht an lae inniu tá Pól fós ag plé le litir a fuair sé ó na Corantaigh agus ag tabhairt freagra ar chuid de na rudaí a leanann aisti. I léacht an Domhnaigh seo caite bhí Pól ag plé le tuairmi daoine sa Choraint a mheas gur fearr staonadh ó chúrsaí gnéis ar fad, nó fiú ón bpósadh. Bhí ceisteanna eile ardaithe sa litir chéanna óna Corantaigh. Maidir le bia a ofráileadh do íola, déithe bréige, sna teampaill phagánacha, bhí cuid den chomhluadar, aicme léannta, eilite, ag maíomh: “Tá eolas againn go léir”, sórt liobrálaithe a raibh a fhios acu nárbh ann do na déithe pagánacha agus go bhféadfai an bia a ofráileadh dóibh a ithe, fiú sna títhe bia a ghabh leis na teampaill phagánacha. Dar le Pól d’fhéadfhadh a leithéid de chleachtadh dochar a dhéanamh do “choinsiasa” bhall laga den eaglais, sin le rá don fhéintuiscint a bhí acu díobh féin mar Chríostaithe. Cuireann Pól an mhuintir a scríobh an litir ar a n-airdeall faoi seo. Bhí daoine sa Choraint a cheistigh, fiú, dintiúir Phóil mar aspal. Lena neamhspleáchas a chosaint, agus b’fhéidir leis féin a sheachaint ó urraíocht ó bhaill shaibhre na hEaglaise sa Choraint, níor mhian le Pól aon chabhair a fháil ón eaglais sa Choraint. Shaothraigh sé a shlí bheatha dó féin; ag déanamh puball b’fhéidir, bíodh go raibh a fhios aige go raibh de cheart aige mar aspal cothú ó na creidmhigh a fháil. Tá cuid de sin go léir le sonrú i dara léacht an lae inniu. Ach an pointe láir sa léacht seo ná a dheimhne is atá Pól faoi nádúr an mhisin atá aige ó Dhia an Dea-Scéal a fhógairt agus an dualgas atá leagtha air sin a dhéanamh. Chonaic sé an Tiarna aisérithe ar an mbóthar go dtí an Damaisc, mar a bhfuair sé eolas na glóire diaga ar chuntanós Chriost (2 Corantaigh 4:6).

An Soiscéal (Marcas 1:29-39). Leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair. Is leanúint léacht an lae inniu ar an gceann a léadh an Domhnach seo caite. An dá cheann le chéile tugann siad an cur síos atá ag Marcas ar lá amháin, an chéad lá, de mhinistreacht Íosa. Léacht an Domhnaigh seo caite, leagann sí an bhéim ar theagasc Íosa, teagasc a bhí tugtha le húdarás. Tá mar chríoch le léacht an lae inniu an bhéim a leagann Íosa ar an misean atá aige an Dea-scéala a fhógairt, agus a bheith ag teagasc. I rith an chéad lae sin bhí Íosa ag teagasc sa sionagóg, agus ag leigheas, ag leigheas mháthair chéile Shiomón (Peadar) i measc daoine eile. Sa tráthnóna tar éis luí gréine, tagann méadú ar a chuid saothair. Leigheasann Íosa gach saghas galair. Ní foláir nach raibh deis aige morán codlata a dhéanamh sa teach a bhí aige i g Cafarnáúm. Ar maidin, tamall maith roimh lá, d’éirigh sé agus chuaigh sé go dtí áit uaigneach le guí. Leis seo tugann sé sampla don eaglais agus dúinn go léir. Le toradh a bheith ar mhisean Íosa, leis an misean Críostaí, ní leor an tseanmóireacht, nó gníomhthartha na carthanachhta, amhail leigheas agus mar sin de. Tá gá le atmaisféar creidimh, bheith oscaile do ríocht Dé, don Dia Beo atá ag gníomhú trí Íosa, agus tríd an eaglais, le meon aigne a chothaítear le urnaí chiúin agus an chráifeacht, de réir shampla Íosa.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Fógairt an Dea-Scéil inniu

Tugann an dara léacht agus an soiscéal chun cuimhne dúinn inniu go bhfuil glaoch ann i gcónaí don Eaglais, dá ceannairí agus do phobal Dé i gcoitinne, dea-scéala an tslánaithe trí Chríost a fhógairt. Is glaoch, gairm agus dualgas í dúinn go léir, ó gach aoinne ina shlí féin agus ina staid féin. Tá an dithneas atá ag baint le fógairt an tSoiscéil soiléir i  mbriathra Chríost, agus le mothú ina chuiid taistil tríd an Ghailil. Bhí sé chomh soiléir céanna ag Pól. Ba é a dhualgas é agus ba mhairg dó mura ndéanfadh sé an dea-scéal a fhógairt. Mar a deir sé féin, ar an eachtra a tharla dó ar an mbóthar go dtí an Damaisc chuir Dia solas ag lonradh ina chroí d’fhonn solas na glóire diaga ar chuntanós Chriost a chur ar a shúile dó — agus don eaglais go léir ina dhiaidh. Fís nua a bhí ann don ré nua a cuireadh ar fáil trí bhás agus aiséirí Chríost. Spreag seo go léir Pol ina chuid seanmóireachta agus scríbhneoireachta faoin bheatha nua i gCríost, ar ann di trí chumhacht agus neart an Spioraid Naoimh. Bhain sé leis an conradh nua, an croí nua, conradh scríofa ag an Spiorad Naomh i gcroíthe na gcreidmheach. Gairm a bhí ann, mar a bhí ag Iosa féin, aithrí, athrú meoin, a dhéanamh agus creidiúint i ndea-scéala an tslánaithe, agus díriú, agus athdhíriú, ar Chríost agus an bheatha nua a bhain leis.

            Mar a luadh thuas, i slí baineann an dualgas an dea-scéala a fhógairt le gach creidmheach, ní hamháin le ceannairí na hEaglaise, leis an gcléir agus fir agus mná rialta. Baineann sé leo go léir, ina n-aonar nó ag obair le chéile mar is gá. I slí amháin níl cúrsaí maidir le fógairt an dea-scéala inniu i bhfad níos difriúla thar mar a bhíodar i laethanta Íosa agus Phóil. Níl siad níos difriúla sa mhéid gur gá in aois ar bith mian cráifeach chun creidiúna sa dea-scéala ag an té a chreideann, sort comhnádúracht, an nádúr céanna, idir an té a bheadh ag teacht chun creidimh agus an té atá ag craobhscaoileadh an dea-scéala. Mar a dúirt Íosa le Giúdaigh áirithe ina ré féin: “Ach ní chreideann sibhse, mar ní de mo chaoirigh sibh” (Eoin 10:26). Difríocht mhór idir laethanta Íosa agus Phóil san ábhar seo agus móran de lucht ár gcomhaimsire ná nach ann don chomhnádúracht, don mhian chun creidiúna, sin, go mór mór i measc roinnt den an aos óg. Ní gá gur naimhdeas don chreideamh, féinriar, nó drochthoil atá i gceist, ach mar a chuirfeadh roinnt den aos og é: “Ní feidir liom ceangail, nasc a dhéanamh le domhan dofheicthe”. Bhí deacrachtaí dá leithéid i gcónaí leis an aondiachas, an monadiachas, an creideamh i nDia dofheicthe. Sa lá atá inniu ann ní mór don soiscéalaíocht trí ghrúpa ar a laghad a choimeád san áireamh: iad sin i gcreideamh iomlán, iad sin in amhras maidir le creideamh agus cleachtadh Criostaí; agus iad sin gan creideamh ar bith (bíodh gur mhaith le cuid acu creidiunt dá mbeadh sin ag luí le réasún).

            Tá glaoch ag an bpobal Críostaí go léir bheith gafa ina shlí féin sa soiscéalaíocht, agus uaidh seo glaoch chun bheith “soiscéalaithe” iad féin, le eolas níos doimhne a chur ar a gcreideamh, lena cur ar  a gcumas bheith réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarann orthu bonn a thabhairt leis an dóchas atá iontu, ach sin a dhéanamh le cneastacht agus urraim (feic 1 Peadar 3:15-16).

            Rud lárnach don soiscéalaíocht an éisteacht. Rinne Pól a lán de leis an eaglais  sa Choraint agus leis an méid a dúradar leis san litir chuige. Ni mór inniu iarracht a dhéanamh trí éisteacht ar na fáthanna a thugann ar dhaoine droim láimhe a thabhairt do chleachtadh an chreidimh nó don chreideamh féin, agus is iomaí iad sin: cúthaileacht, teacht in aois (amhail creideamh i nDia dóibh agus creideamh i Daidí na Nollag), scannail agus a thuilleadh fós. Feictear ar an gcreideamh mar ualach ar aigne agus chorp, in ionad é bheith mar fhaoiseamh agus lóchrann. Sa ghlaoch seo do shoiscéalaíocht nua, ní mór comhoibriú ó dhaoine éagsúla – idir chleir agus tuath, diagairí idir chléir agus tuath, dochtúirí, eolaithe, saineolaithe, ag cabhrú le chéile le teacht i ngleic leic na fadhbanna iomadúla atá ann don chreideamh i nDia agus san Eaglais an lá atá inniu ann.

            Agus maraon leis sin go léir ní mór an urnaí agus an machnamh Críostaí. Sa deireadh thiar is rúndiamhair é creideamh Chríost, agus ní mór é a ghlacadh agus a chraobhscaoileadh mar sin i seanmóireacht agus i dteagasc.

Recommended Articles