Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Sochaí uilechuimsitheach, agus aithne phearsanta ar Chríost.
  3. A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Leiviticeas 13:1-2, 45-46). Maireadh an lobhar ar leithrigh; bíodh conaí air lasamuigh den champa. Leis an léacht seo a thuiscint is cabhair dúinn aird a thabhairt ar dhlí an Bhíobla ar na lobhra. Roghnaítear an léacht seo ar an ghalar ar a dtugtar an “lobhra” le dul leis an léacht ón soiscéal ina a leigheasann Íosa lobhar. Níl an focal Eabhraise taobh thiar den téarma a bhfuil aistriúchán “lobhar” nó “lobhra” air de ghnáth go hiomlán beacht. Tá an galar ar a dtugtar “lobhra” air inniu teoranta don cheann ar a dtugtar “galar Hanson” agus níl sé soiléir go dtiteann an galar seo taobh istigh dá ndeirtear faoi lobhra sa Bhíobla. Is é a bhí í gceist leis an ghalar faoin ainm seo sa Bhíobla, is dócha, ná saghasanna éagsúla de thinneas cnis. Bíodh nach cúrsaí leighis is cúram don téacs seo agus Leabhar Leiviticeas ach le cúrsai deasghnáthacha creidimh, baineann an cás seo le galar agus leigheas, galar tógálach nuair ba chóir an duine i gceist a chur ar leithlis go dtí go bhfógrófaí leighheasta é. Ní leagtar aon mhilleán ar an té a raibh an galar air, cé go labhraíonn téasc níos faide amach (Leiviticeas 14) ar íobairt leorghnímh a bheadh le déanamh ag an té a fógraíodh a bheith leigheasta ón ghalar agus cead aige dul i measc an phobail athuair. Do léacht an lae inniu roghnaítear dhá théacs ghearra, le cúpla véarsa an ceann agus dachad a tri véarsaí eatorthu, de bhrí gur measadh gur leor iad mar chúlra don léacht ón soiscéal.

Salm le Freagra (Salm 31[32]). Is tú m’áit folaigh, a Thiarna, cuireann tú gártha tarrthála i mo thimpeall

An Dara Léacht (1 Corantaigh 10:31-11:1). Déanaigi aithris ormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost. Le treoir a fháil don léacht seo agus le machnamh a dhéanamh uirthi le agallamh le cursai ár linne féin, is fearr an sliocht álainn seo a shuíomh ina chomhthéacs i litir seo Naomh Póil chuig na Corantaigh. San suíomh sin tá Pól in agallamh fós leis an eaglais sa Choraint maidir le ceisteanna a eascair as an litir a sheoladar chuige, agus a fhios aige chomh maith faoin easaontas agus na scoilteanna a bhí ann toisc éilít ina measc a fhéach orthu bheith “saor”, le eolas, agus de réir dealraimh i stádas faoi leith toisc an Bhaiste Chríostai agus an Eocairist (Corp agus Fuil Chríost a ghlacadh). De bharr na tuisceana seo acu díobh féin ba bhaol iad do ghrúpa eile san eaglais ar a dtugann Pól na “laga”, “an dream lag”, baill den chomhluadar a raibh tuiscint níos caoile, níos cúinge, acu den saoirse Chríostaí. Mheabhraigh Pól cheana don éilít seo go raibh sé féin saor chomh maith, ach gur rinne sé sclábha de féin don uile dhuine le Giúdaigh agus cách eile a ghnóthu do Chríost (1 Corantaigh 9:19-23). Sa chomhthéasc céanna mheabhraigh sé a riachtanaí is a bhí féinsmacht mar a bhíonn a cu siúd a bhionn ag rás i gcomórtas nó ag dornálaíocht, a thuigfeadh an eaglais sin go héacsa óna na Cluichi Ismiacha a bhíodh sa Choraint gach ré bhliain. Mura gcoinnítear leis na rialacha bíonn duine dícháilithe, fiú Pol féin (1 Corantaigh 9:26-27). Cuireann sé i gcuimhne dóibh mar a tharla d’Iosrael, pobal tofa Dé, san fhásach, mar a ghearr Día pionós orthu de bharr íoladhradh agus drúise. Iad siúd sa Choraint a bhí mórtasach as an “eolas” a bhí acu, toisc gur mheasadar i gceart nárb tada ann na híola, cheapadar go bhféadfaidis feoil a ofráileadh do na híola, déithe bréige, a ithe i mbéile lena gcáirde, bíodh go raibh sin ag cur creideamh bhaill den chomhluadar i mbaol, a raibh “coinsiasa” laga acu, lag sa gcreideamh agus a impleachtaí. Ba bunphrionsabal Phóil san ábhar seo go léir ná an grá Críostaí, a thugann ar dhuine meas a bheith aige ar “choinsias” an duine thall i gcibé rud a dhéantar, ag ithe nó ag ól, gan a bheith ina cheap tuisle. Tugann Pól é fein mar shampla le leanúint san ábhar seo. Ní mórtas atá i gceist, ach aithris ar Chríost. Tá a fhios ag Pól go bhfeadfadh sé féin a bheith dícháilithe.

An Soiscéal (Marcas 1:40-45). D’fhág an lobhra é agus glanadh é. Is éasca an léacht seo a thuiscint ina chúlra mar a léiríodh sin i gcéad léacht an lae inniu agus ina shuíomh i gcleachtadh chreideamh na nGiúdach sa ré sin. Bheadh Íosa ag gníomhú i gcoinne an Dlí Ghiúdaigh (agus ag tarraingt neamhghlaine deasghnáthach air féin) le teagmháil a dhéanamh leis an lobhar, ach rinne sé sin. Ach mar sin féin glacann, cloíonn, sé le Dlí Mhaois nuair a deir sé leis an duine a leigheasadh sin a fhógairt do na sagairt agus ofráil a dhéanamh de réir an Dlí sin. Ar aon nós bheadh sin go léir riachtanach le go nglacfaí thar nais mar bhall den phobal é. Ag baint leis an lobhar, ag déanamh teagmháil leis, déanann Íosa teagmháil le gach aoinne sa staid dhaonna sa saol seo.

  1. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Pobal uilechuimsitheach, agus aithne phearsanta ar Chríost.

Mairimnid i ré ina bhfuil trácht go minic ar shochaí, ar phobal, cuimsitheach, nó uilechuimsitheach. Geallann páirtithe poilitíochta, poiliteoirí agus daoine sna meáin go n-oibreoidh siad leis sin a chruthú, a thabhairt ann. Níl sa mhéid seo ach cuid de ghluaiseacht le meas a thabhaitrt isteach ar an duine aonair agus le cosaint dhlíthiúil a bhunú agus a dhaingniu ar chearta daonna. Tá na cearta sin áirithe i gcairteacha náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus nuair a dhéantar failli orthu tá cúirteanna dlí idirnáisiúnta ann leis na fadhbanna a réiteach.

            Téann an meas seo ar an bpearsa dhaonna go mór leis an dtraidisiún Giúd-Chríostaí. Cruthaíodh an duine daonna ar íomhá Dé. Tar éis diamhasla (peaca i gcoinne Dé) is é an peaca is tromchúisí ná an dúnmharú, léirscrios íomhá Dé, agus mar sin is cion é in éadan an Té a chruthaigh an duine ina íomhá féin. An t-omós seo do íomhá Dé tugann sé ar Íosa dul thar an rud diúltach “Ná déan marú” lena dheimhniú gur peacaí tromchúiseacha fearg, briathra dúra, masla ar ár mbráithre agus siúracha (Matha 5:21-22). I dara léacht an lae inniu duirt Naomh Pól leis na Corantaigh: “Ná cuirigi as do Ghiúdaigh ná do Ghréagaigh, ná do phobal Dé”.

            Ionannn cuimsitheacht agus deireadh a chur lena mhalairt, eisiamh, fagáil amach. Deir soiscéal an lae inniu linn faoi mar a rinne Íosa an lobhar a leigheas agus a thabhairt thar nais mar ghnáthbhall dá phobal. Tá fréamhacha éagsúla ag an eisiamh. Eagla ceann acu, eagla an truaillithe i gcás an lobhra, eagla ó iompar frithshoisialta i gcas na Roma san Eoraip agus an lucht siúil inár measc féin. As an éagsúlacht seo, is féidir titim amach brú a bheith ann bheith cuimsitheach maidir le grúpaí áirithe (toisc dea-eagair agus brú óna meáin) agus neamhshuim a dhéanamh ar ghrúpaí eile ar an imeall.

            Gan machnamh, is féidir le gluaiseacht nó brú i leith uilechuimsitheachta, iachall a chur ar phobal comhionnanas gan bhrí a thabhairt isteach. Braitheann gluaiseacht dá leitheid ar mheon aigne, ar an dearcadh faoin domhan, ar weltanschaung an duine aonair nó an ghrúpa. Mar sin d’fhéadfaidh sé bheith go bhfuil gluaiseacht áirithe i dtreo uilechuimsitheachta bunaithe ar, nó á thiomáint ag, léargas saolta nó dí-eaglaisíoch, ar mhian leis an creideamh, an reiligiún, a bheith díbeartha as an bheatha phoiblí, as na bunscoileanna agus as an dioscúrsa poiblí.  Is féidir an uilechuimsitheacht seo a bheith curtha i láthair mar comhionannas do gach aoinne, agus intuigthe aisti, idir rudaí eile, páirtíocht chomhghnéis agus pósadh comhghnnéis. Tá na fórsaí seo ag feidhmiu go tréan sa domhan ina mhairimid, agus ní mór iad a choimeád san áireamh in aon agallamh a bheadh ann idir léargas an Bhíobla agus na hEaglaise agus sochaí an lae inniu.

Tá sé beagnach cinnte go mbeadh coimhlint ann idir léargas saolta, glan amach, den domhan agus an léargas Criostai agus léargas na hEaglaise. Tá gach ceann díobh sin absalóideach ina shlí féin, ar thaobh amháin séanadh gur ann do Dhia nó go bhfuil áit don léargas diaga sa saol poiblí; sa taobh eile creideamh i nDia agus i gCríost mar croílár gach a bhfuil sa bheatha Chriostaí agus dhaonna. Ní mór d’Eaglais Chríost bheith cuimsitheach de bharr dara haithne ghra an chomharsa. Ach i gcónai don chreidmheach is aithne a bheidh lárnach, agus ní seirbhis don chomharsa amháin. Ó thús na hEaglaise ba bhun agus lár na heaglaise Íosa Críost. Bhí buíon deisceabal thart timpeall air agus seoladh amach iad leis an dea-scéal a fhógairt; agus ba í teachtaireacht Íosa Críost ná “Déanaigi aithrí, athrú meoin, agus creidigí sa dea-scéal”. B’ionann aithrí an t-am sin, agus is ionann fós, agus athrú fócais ó léargas Giúdach, Gréigeach nó léargas ar bith eile ar an domhan agus an bheatha phearsanta agus díriú ar Chríost agus an dea-scéal. Bhi ar dheisceabail Íosa agus na misinéiri sin bheith deimhin agus soiléir faoi cad a bhí le déanamh acu: an dea-scéal a fhógairt do dhomhan agus chultur a bhí naimhdeach go minic dóibh, agus féachaint chuige go gcoimeádfadh na heaglaisí óga dílis, de reir mar a bhi siad ag dul i méid, go bhfanfadh siad aontaithe, go gcoimeádfadh siad a gcomhtháiteacht agus gan ligint dóibh féin bheith súite isteach ag aon chultúr neamh-Chríostaí thart timpeall orthu. Tá an méid seo soiléir ó litreacha Phóil chuig a chuid eaglaisí: b’ionann iompú chun Chríost agus droim láimhe do mhódhanna moráltachta agus maireachtála a bhí ar eolas acu roimhe sin. Nuair a deir sé leis na Corantaigh, agus tríothu sin do ghlúine níos déanaí, gan cur as do aoinne is le hionchas iad a thiontiú go Críost a bhí ina aigne aige go mór mór. Dúirt Íosa féin rud éigin dá leithéid: “Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidis bhur ndea-ghníomhartha agus go nglóireoidis bhur nAthair atá ar neamh”. D’fhéadfadh Pól a rá le fírnne: Déanaigíse aithris ormsa mar a dhéanaimse aithris ar Chríost. Sa tsochaí, sa phobal, ina mhairimnid glaotar ar an Eaglais bheith cuimsitheach, fiú uilechuimsitheach, ach gan a saintréithe, a hionannas, a céannacht, Críostaí a chailliúint, agus an misean pearsanta agus pobail atá ann dea-scéal Chríost a fhógairt mar is dual.

Recommended Articles