Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

  1. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
  2. B.An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Teachtaireacht an Charghais: “Déanaigí aithrí agus creidigí sa Soiscéal”. Bás a fháil dúinn féin; le beatha nua a fháil i gCríost.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí

An Chéad Léacht (Genesis 9:8-15). Conradh Dé le Naoi tar éis dó é a shabháil ón díle. Ina shuíomh sa Bhíobla, tagann an léacht seo ag deireadh stair na Díleann (Genesis caibidil 6-9). Chruthaigh Dia an domhan agus an cine daonna sgus chonaic sé gach a ndearna sé agus bhí sé go maith, go sármhaith. Ach tháinig an peaca ar an bhfód agus ghabh aithreachas an Tiarna toisc go ndearna sé an duine ar an talamh agus bheartaigh sé an cine daonna a dhíothú, seachas aon duine amháin, Naoi agus a theaghlach. Leanann stair na Díleann ar sin sa Bhíobla, agus ag teacht ag deireadh an chuntais tagann sliocht an lae inniu. Anois go bhfuil an talamh glanta ag uiscí na Díleann, geallann Dia nach bhfuil sé leis an domhan a scriosadh go de arís mar a rinne sé sa Díle. Ní bheidh Díle dá leithéid ann arís. Déanann sé conradh sollúnta le Naoi faoi seo agus beidh an bogha ceatha ann mar chomhartha den chonradh. Nuair a fheicfidh an cine daonna an bogha seo tabharfaidh sé chun cuimhne dóibh an conradh sin Dé. Roghnaíotar an léacht seo d’Aifreann an lae inniu le dul leis an gceann eile ó chéad Litir Naomh Peadar, ata againn mar dhara léacht, ina bhfuil cur síos ar uisce an bhaiste a ghlanann i slí spioradálta. Glaonn an Carghas atá ag tosú anois ar chreidmhigh aithrí a dhéanamh ar a gcuid pheacaí de gach saghas agus iad féin a ghlanadh do Fhéile Aiséirí Chríost.

Salm le Freagra (Salm 24[25]). Grá daingin agus dílse do rianta uile, a Thiarna, dóibh siúd a choimeádann do chonradh.

An Dara Léacht (1 Peadar 3:18-22). Ba réamhshamhail an t-uisce sin ar an mbaisteadh a shlánaíonn sibh anois. Roghnaíodh an léacht seo d’Aifreann an lae inniu de bhrí go ndéantar inti comparáid idir an ghlanadh a dhéanann uisce an bhaiste agus an glanadh a rinne uiscí na Díleann (le tagairt do Áirc Naoi nár sabháileadh inti ach ochtar, is é sin le rá Naoi féin, a bhean chéile, a thriúr mhac agus a mhná chéile siúd). Ina chomhthéacs bunaidh i litir Pheadair tá an t-údar ag spreagadh lucht a léite bheith reidh d’fhulaingt agus do ghéarleanúint, ach sna deacrachtaí seo go léir Críost, a fhulaing go foighdeach, a bheith acu mar eiseamláir. “Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?” (1 Peadar 3:17). Leanann léacht an lae inniu ón smaoineamh sin. Cuireadh Críost chun báis ina cholainn daonna (ina cholainn) agus rinneadh é a bheoú, rinneadh beo é, sa spiorad, i mbeatha nua spioradálta. An tagairt atá ann ina dhiaidh sin don chuairt a thug sé ar na spioraid a bhí i bpriosún, glacadh leis go traidisiúnta gur tagairt a bhí ann do chuairt Íosa síos go hIfreann. Tuigtear go hiondual anois gurbh é a mhalairt atá ann, gabháil Íosa suas ar neamh. Táimid fós i gcomhthéacs Díle Naoi. Iad sin a bhí easumhail an tráth sin, is dócha gurbh iad na haingil a pheacaigh, mic sin Dé a luaitear i Leabhar Genesis, agus a mheas an traidisiun Giúdach gurbh iad na haingil a pheacaigh iad agus a ba chuis leis an Díle céaduair. Ba iad na tiarnais agus na cumhachtaí agus rialtóirí domhain an dorchadais a measadh a bheith ag troid in éadan Chriost agus na hEaglaise, agus an tráth sin taobh thiar de na géarleanúintí a bhí á bhfulaingt ag lucht leanúna Chríost. Lena aiséirí agus a dheascabháil chun an Athar bhí Críost ag fógairt dóibh gur raibh an bua bainte aige ar chumacht Shátain agus ar na spioraid sin. Cuireadh bua sin Chríost i láthair de shíor do chreidmhigh sa bhaisteadh. Maidir leis an mbaisteadh, feidhmíonn an creideamh Críostaí agus an cleachtas liotúirgeach ar dhá leibhéal: ceann seachtrach, den saol seo, agus ceann spioradálta agus inmheánch. Is i dtumadh a rinneadh an baisteadh san eaglais óg, murab ionann agus againne, agus i slí níochán salachar coirp a bhí ann chomh maith. Glanadh an choirp in uisce an bhaiste, is rud seachtrach é, den saol seo, ach don chreidmheach is comhartha de ghníomh inmheánach é sin, de bharr gníomhú inmheánach an Spioraid Naoimh. Nascann an baisteadh an creidmheach le Críost, é anois ar dheaslámh Dé agus an bua faighte aige ar gach namhaid, bíodh nach bhfuil sé soiléir conas go beacht a chuireann an téacs seo síos ar an nasc sin: gealtanas an dea-choinsiasa do Dhia, éileamh coinsiasa ghlain ar Dhia, nó gealltanas do Dhia meon ceart a bheith ag an creidmheach.

An Soiscéal (Marcas 1:12-15). Íosa á phromhadh ag Sátan, agus na haingil ag freastal air. Déantar soiscéal faoi phromhadh Íosa san fhásach a léamh gach bliain céad Domhnach an Charghais. Seo í bliain 2 den chúrsa thrí bliana, bliain Mharcais, agus mar sin is ón soiscéal sin a thógtar an léacht don soiscéal. Tá eolas againn go léir ar an thrí phromhadh ar Íosa atá ag Matha agus Lúcás. Níl an liosta sion ag Marcas. Is fiú tabhairt faoi deara faoi mar ar thuirling san Spiorad ar Íosa díreach tar éis a bhaisteadh agus mar ar labhair an tAthair ó neamh ag fógairt gurb é Íosa Mac ionúin an Athar. Thiomáin an Spiorad céanna sin Íosa amach faoin bhfásach lena phromhadh ag Sátan. Coimhlint a bhi sa phromhadh maidir le ríocht Dá agus an bua ar Shátan. Sa chomhthéasc seo is fiú a bhfuil ráite sa luath-iomann sa litir chuig na Filipigh (2:6-7) a mheabhrú dúinn féin: “An té úd a bhí i riocht Dó ó dhúchas, níorbh éadáil leis bheith ar chomhchéim le Dia. Ach lom sé é féin. Agus chuir air riocht an sclábha agus tháinig chun bheith ina dhuine mar chách eile.”   Tar éis gur promhadh mar dhuine é, chuaigh Íosa chun na Gailíle chun tús le ré nua a fhógairt leis na briathra: “Déanaigí aithrí agus creidigí sa soiscéal”.

  1. C.An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht an Charghais: “Déanaigí aithrí agus creidigí sa Soiscéal”. Bás a fháil dúinn féin;ebrsatha nua a fháil i gCríost.

Ní tráth é an Carghas do rudai seachtracha, feiceálacha, amhail saicéadach agus luaithreach. Taobh thiar den fhocal Gaeilge Carghas tá téarma Laidine ar dachad, dachad lá le machnamh a dhéanamh ar an rúndiamhair Chríostaí, ar an mbeatha Chríostai i gCríost, ar uaisleacht agus contúirtí phearsa an duine dhaonna, agus ar theachtaireacht Dé tri Chríost ar na fírinní sin go léir. Déantar an machnamh seo go léir le tagairt do Chríost, an Duine Nua, an tÁdhamh Nua. Sa tréimhse dachad lá san fhásach dó ní foláir ná gur rinne Íosa machnamh ar na fírinní seo. Na cathuithe a chuir Sátan air, bhaineadar leis an tuiscint a bhí ag a Athar ar phearsa an duine dhaonna agus a chuid deacrachtaí agus freagra Dé orthu siúd trí bheatha Chríost féin, trí faoi mar ar ísligh sé é féin ag glacadh cló daonna, trína bhás agus a aiséirí. De réir sn tsean-iomann sa litir chuig na Filipigh, bíodh go raibh Íosa i riocht Dé níor mhian leis feidhm a bhaint as sin dá ghlóir féin. A mhalairt ar fad. D’isligh sé é féin agus ba mhian leis maireachtáil agus bheith aithinte mar dhuine daonna. An tagairt san iomann d’Íosa i riocht Dé, is dócha nach tagairt do nádúr diaga Íosa atá ann, ach go bhfuil sé ag déanamh codarsnacht idir Íosa an Dara Ádhamh agus an Chéad Ádhamh sa gháirdin. Dúirt an nathair nimhe, an cathaitheoir, le Éabha dá ndéanfadh sise agus Ádhamh toradh an chrainn a bhi toirmiscthe a ithe go mbeidis mar Dhia agus fios na maitheasa agus an oilc acu (Genesis 3:1-5).   Ghéill Ádhamh, i riocht daonna, don chathú riocht diaga a thógaint air féin, agus lean tubaiste an domhain as. Cuireadh a mhacasamhail de chathú ar Íosa ach dhiúltaigh sé dó, agus rinneadh eiseamláir de dá lucht leanúna.

Bhí dráma seo an Chéad Ádhaimh agus Chríost á léiriú tríd na haoiseanna síos agus tá sé á léiriú go fóill lenár linn féin. Tá codarsnacht nach beag idir an léargas atá ag an Chríostaíocht agus chuid mhaith de chultúr an lae inniu ar an phearsa dhaonna agus faoi shásamh mhianta chroi agus choirp an duine. I léargas ar an domhan seo atá fóirleathan inniu feictear ar an bpearsa dhaonna agus an cine daonna amhail is nach mbeadh ach aon tomhais amhain iontu, féinriar acu, saoirse iomlán, agus glaoch acu maireachtáil agus iad féin a fhorbairt ina mbeatha phearsanta agus shoisialta gan aon chur isteach ó aon údarás ón taobh amuigh, biodh sin ó Dhia nó ó eaglais. A mhalairt sin ar fad atá i dteagasc an Tiomna Nua agus an Bhíobla. Pointe láir don teagasc seo ná gur grá é Dia, go bhfuil grá ag Dia don domhan agus gur sheol sé a Mhac le teachtaireacht an ghrá seo a thabhairt. Tháinig Críost le go mbeadh beatha acu siúd a chreideann an agus go mbeadh sí acu go fial (Eoin 10:10). Foinse na beatha é Críost agus eiseamláir na beatha sin chomh maith. Ach deir Críost go soliléir freisin nach mór do dhaoine bás a fháil dóibh féin leis an bheatha cheart ann a aimsiú. Níl beatha i gCriost gan a chrois a iompair, agus é a leanúint (Matha 9:35-47). Cuireann sé béim ar luach phearsa an duine aonair. “Óir cad é an tairbhe do dhuine, an domhan uile a gnhnóthú agus a bheo féin (nó: a anam féin) a chailleadh leis? Nó cad í an íocaíocht a thabharfaidh duine uaidh lena bheo (no: lena anam) féin a fháil ar ais?” (Feach Matha 16:26). Sa mhachnamh faoi seo sa doiciméid An Eaglais i saol an lae inniu (ailt 40-44) tráchtann an eaglais go caoin íogair ar an gceist seo: an gaol cómhalartach idir an Eaglais agus an domhan (alt 40), a bhfuil á ofráil ag an Eaglais don duine aonair (alt 41), a bfuil á ofráil ag an Eaglais don phobal, don tsochaí (alt 41), a bhfuil á thairiscint ag an Eaglais don ghníomhaíocht daonna trína chuid ball (alt 43). Tá an téacs ar fail (fós as Béarla amháin!) ar an idirlíon. Is fiú é a léamh agus machnamh a dhéanamh air.

Tá mana Íosa fos againn don Charghas: Déanaigí aithrí agus creidigí sa Soiscéal. Ionann aithrí sa téacs seo agus athrú meoin, athrú ó gach rud nach mbaineann le Críost. Ionann é agus creidiúint. Tá glaoch againn am an Charghais do mhachnamh agus do dheabhóid. Beathaíonn an deabhóid an creideamh, an creideamh pearsanta agus creideamh an phobail, sa teaghlach nó sa pharóiste. Ní gá go mbeadh deabhóid feiceálach. Tig leis bheith pearsanta agus ciúin, mar shampla ag machnamh ar pháis Íosa Dé hAoine agus staonadh ó fheoil ina onóir (le iasc ina hionad). Agus tá slite iomadúla eile ann.

Recommended Articles