Freagra don Chreideamh leis an mBíobla

leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Déanann Athair grámhar Íosa Eaglais a Mhic féin a ghlanadh A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Gníomhartha na nAspal 9:26-31). D’inis Barnabas do na haspail mar a chonaic Sól an Tiarna ar an tslí. Leis an léacht ghairid agus an eachtra seo a thuiscint is cabhair í a shuíomh ina comhthéacs sa leabhar féin. Ba de bhunadh Giúdach an luatheaglais in Iarúsailéim, roinnt díobh le hAirimis nó le hEabhrais mar theanga acu de bhunadh na cathrach féin, grúpa eile ón dtaobh amuigh, Heilléanaigh, a raibh an Ghréigis mar theanga acu. Bhíodar sin go léir aontaithe i gcreideamh i gCríost agus i bhfreastal ar sheirbhísí an Teampaill. Roghnaíodh Stiofán mar dhéagánach ó ghrúpa na Heilléanach agus thosaigh sé ag seanmóireacht gan scáth gan eagla faoi na impleachtaí a bhain le creideamh i gCríost, gur ghabh sin i bhfad amach thar an Teampall agus a bhain leis. Chúisigh roinnt de na Heilléanaigh é á rá go ndúirt sé gur fhógair Íosa Nazórach deireadh a bheith leis an Teampall agus le dlí Mhaois. Dá bharr sin cuireadh Stiofán chun báis le clocha. D’fhág na finnéithe a bhí ag clochadh Stiofáin a mbrait ag cosa ógfhir darbh ainm Sól, agus thoiligh Sól (Pól níos déanaí) le dúnmharú Stiofáin. Ansin fuair Sól litreacha le dul go dtí an Damaisc agus na Críostaithe ansin a ghabháil agus a thabhairt go hIarúsailéim. Ach, mar is eol go maith, bhí aisling na Damaisce agus an t-eispéaras a bhain leis, sa tslí ag Pól, nuair a iompaigh sé chun Críost. D’fhógair sé a chreideamh i gCríost go foscailte sa Damaisc agus d’fhill sé ar Iarúsailéim leis an rud céanna a dhéanamh. Tá sé sothuigthe go raibh amhras ar Chríostaithe Iarúsailéim an raibh Sól, a rinne géarleanúint orthu, iompaithe go Críost dáiríre ach chuir an fear ionraic Barnabas, eadránaí a raibh meas mór air, ar a suaimhneas iad. A mhalairt leis na Giúdaigh Heilléanacha, ar bhain Sól leo tráth. Bhíodar sin ar thóir a bheatha, agus lena shabháil tógadh Sól faoi rún go calafort Caesarea Maritima, agus as sin go dtí a chathair dhúchais Tarsas.

Salm le Freagra (Salm 21[22]). Is tu mo mholadh sa mhórthionól, a Thiarna.

 Dara Léacht (1 Eoin 3:18-24). Seo í an aithne a thug sé: go gcreidimis in ainm a Mhic Íosa Críost agus go dtabharfaimis grá da chéile. Lárphointe i Soiscéal Eoin agus i gCéad Litir seo Eoin ná gur grá é Dia, grá a éilíonn freagra uathu siúd a chreideann ann. Leagann briathra tosaigh léacht an lae inniu béim ar sin. Ní leor an grá seo a bheith i mbriathra amháin; ní mór dó bheith dáiríre agus gníomhach (“grá gnímh agus fírinne”). Glaotar ar chreidmhigh bheith ina “gclann na fírinne”, ag maireachtáil de réir shampla Chríost, an Fhírinne féin. Tar éis na briathra tosaigh, tagann téacs nach bhfuil soiléir ar fad dúinn, ach a bhain de réir dealraimh le ceist éigin a ba chúram dóibh siúd ar díríodh an litir seo chugaibh céaduair. Téarma lárnach don roinn seo ná an focal “coinsias” (nó “croí” mar atá sa bhunleagan). Sa Bhíobla ní lárionad mothúcháin an croí, ach ionad smaointe, féinaithne, agus féineolais.Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do na creidmhigh gur clann Dé iad agus labhraíonn an mhír seo faoin ghrá i ghníomh agus i bhfírinne a bheith ag tabhairt, nó ag déanamh níos doimhne, an aithne seo. I gcás go bhfuil amhras ann faoin ábhar sin, tagann Dia i gcabhair ar na creidmhigh, agus tugann sé misneach dóibh seasamh ina láthair agus glaoch air, leis an gcinnteacht go n-éisteofar leo. Ansin fileann an téacs ar chomhlíonadh aitheanta Dé agus maireachtáil faoi mar is toil le Dia. De ghnáth nuair a luaitear “aitheanta”, na Deich nAitheanta a thagann chun cuimhne dúinn. Ach sa téacs seo dhá aithne atá i gceist: creideamh in Íosa Críost mar Mhac Dé agus an aithne grá a thabhairt dá chéile. Tá an téacs go léir ag caint faoi bheatha aontaithe le Dia, le bheith deimhin de go maireann Dia ionainn (i ngach duine aonair, agus mar phobal Críostaí), beatha dhiaga a dhéanann an Spiorad Naomh sinn deimhin de, an Spiorad sin gur bronntanas mór ó Dhia dúinn é. An sliocht seo, is téacs ar mhachnamh é ar an urnaí agus ar ghrá Dé.

Soiscéal (Eoin 15:1-8). An té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann sé toradh mór uaidh. Seo cuid de aitheasc Íosa agus é ag fágaint slán ag a chuid deisceabal ag an Suipéar Déanach. Sna caibidil roimh an cheann seo (caibideal 15) labhair Íosa faoina imeacht uathu, a bhí le teacht go luath. Sa téacs seo, agus sa chaibideal seo, díríonn sé a aire ar an leanúnachas a bhí le bheith ann ar a chuid saothair sa ré le teacht, agus sin trína chuid deisceabal, a eaglais agus trí Dia i láthair ag tabhairt cumhacht dóibh, agus tríd an Spiorad Naomh a bheadh leo. Téama sliocht an lae inniu ná na deisceabail ag fanúint, ag lonnú, in Íosa agus Íosa ag fanúint iontu. Léiríonn Íosa sin trid an íomhá, nó sórt parabail, faoi féin mar an fhíniúin fhíor. Tá aidhm bheacht ag an iomhá nó parabal sin. Ón eolas a bhí acu ar na Scrioptúir thuigfeadh na céad deisceabail agus an luatheaglais teachtaireacht an pharabail go héasca. I dtraidisiún Iosrael ba é Iosrael féin fíniúin, nó fíonghort, an Tiarna, bíodh gur cáineadh ar uairibh é faoi bheith mídhílis (Íseáia 5:1-7), agus bagraíodh é toisc gan aire a thabhairt don fhíonghort (Matha 21:33-44). Íosa atá ar tí an saol seo a fhágaint go sofheicthe, deireann sé gurb é féin an fhíniúin fhíor, an fíor-Iosrael, agus gurb é a Athair féin an saothraí le aire a thabhairt don fhíonghort, leis an fhíniúin a bhearradh ionas go dtabharfadh sí toradh. Tá Íosa ag smaoineamh ar an eaglais den todhchaí, a chorp, agus is í a mhian go mbeadh an fhíniúin, an eaglais, naofa, ag tabhairt toradh mór, le hÍosa féin agus a theachtaireacht slánaithe a thabhairt os comhair an domhain mhóir. Má bhíonn laigí, míchleachtaí nó scannail san Eaglais, féacfaidh a Athair chuige go nglanfar iad nó go ngearrfar amach iad. Is é atá ó Íosa ná fíor- deisceablacht, ina bhfuil a lucht leanúna aontaithe le hÍosa féin, trí mhachnamh ar a bhriathra, agus iad feasach go bhfuil Íosa i láthair dóibh lena chumhacht agus le grásta Dé. In éagmais sin ní ann do aon bheatha Chríostaí, aon fhianaise Chríostaí, aon toradh fónta. Ní aonad politiúil nó cultúrtha í an Eaglais. Corp Chríost í, a bhfuil beatha aici trí urnaí, machnamh, deabhóid do Chríost i láthair san Eocairist agus sna sacraimintí eile.

  1. B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Déanann Athair grámhar Íosa Eaglais a Mhic féin a ghlanadh.

Tugann an Spiorad Naomh tuiscint do an creidmhigh faoin dínit atá acu mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, agus spreagann sé iad glaoch air, mar a rinne Íosa féin, mar “Athair”. Seo é spiorad féintuisceana, féinaithne, a thugann leis muinín i nDia atá i láthair le slánú a thabhairt i gcónaí. Is cuid de gach duine aonair, den chine daonna agus den phobal féin, féinaithne, a threoirigh iad le dul chun cinn tríd an stair síos. An fhéinaithne faoi cad is dual do phobal Dé, tugann sí ar uairibh chun solais laigí agus scannail taobh istigh den Eaglais, go mór mór i ministrí creidimh agus daoine a bhaineann leo. Is fíor sin maidir le hÉirinn le blianta beaga anuas.

            Is feiliúnach machnamh a dhéanamh air sin faoi sholas theagasc Chríost agus na luatheaglaise. Labhraíonn Íosa faoi féin mar an fhíniúin agus faoina Athair mar an Saothraí, ag tabhairt aire don fhíonghort. Is í an fhíniúin sin an eaglais a bhunaigh sé, a chorp, a bhrídeach. Nuair a thagann máchail nó scannail inti, feidhmíonn a Athair leis an cheist a réiteach agus lena tabhairt thar nais don naofacht is dual di. Tá an fhírinne chéanna ag an aspal Pól i mbriathra eile. Leag Pól bunsraith na hEaglaise i gCoirint, agus a fhios aige gurb é Íosa Críost an fhíor-bhunsraith. Ar an mbunsraith a leag Pól déanfar tógáil uirthi ag daoine eile, cuid acu le h-ór, airgead, clocha lómhara; cuid eile le hadhmad, féar nó tuí. Nochtfaidh cuairt dhiaga an t-ábhar gan mhaith seo agus dófar amach é (1 Corantaigh 3:10-15).

            Nuair a bhíonn seal corraithe san Eaglais de bharr scannail agus laigí eile bíonn suaitheadh intinne ar na fíréin. I gcás mar seo ní mór na toscaí éagsúla a thagann le chéile a chur san áireamh: mar a chuirtear iad sin i láthair sna meáin chumarsáide; an úsáid a bhaintear as na scannail agus an mearbhall a leanann astu ag grúpaí dí-eaglaisíocha nó fiú aindiacha leis an Eaglais a dhíspeagadh agus críoch a chur lena háit i gcúrsaí oideachais agus sa saol poiblí.

            In ócáidí mar sin is fiú machnamh a dhéanamh ar a bhfuil le rá ag Íosa faoi féin agus faoina Eaglais, faoi féin mar an fhíniúin agus faoina Athair mar an Saothróir fíniúna. Ina a aitheasc ag an Suipéar Déanach bhí Íosa ag ullmhú a lucht leanúna do na deacrachtaí a bheadh rompu. Níos luaithe i Soiscéal Eoin nuair a bhí sé ag labhairt faoi féin mar an tAoire Maith a thugann a bheatha ar son a chaorach (an Eaglais), dúirt Íosa: “Éisteann mo chaoirigh le mo ghlór, agus aithním iad, agus leanann siad mé. Tá an bheatha shíoraí á tabhairt agam dóibh, agus ní chaillfear go deo iad, ná ní fhuadóidh aon duine as mo láimh iad. M’Athair a thug dom iad, is mó é ná cách, agus ní féidir d’aon duine fuadach ó láimh m’Athar. Is aon mise agus an tAthair” (Eoin 10:27-30). Tá an spiorad céanna le sonrú sa pharabal ar Íosa mar an fhíniúin, agus a Athair mar an Saothraí. Glanann Dia eaglais ionúin a Mhic mar Athair caoin agus tuisceanach, seachas mar bhreitheamh dian i bhfad i gcéin. Agus is fiú a mheabhrú go mbaineann an glanadh le gach “géag” den fhiniúin, ní le sagairt, easpaig, cléirigh agus daoine rialta amháin.

            Sa chomhthéacs seo faoin fhéintuiscint agus an fhéinaithne atá de shíor ag dul ar aghaidh, ní dochar urnaí thosaigh Aifreann an Domhnaigh seo a thabhairt chun cuimhne, ina dhéantar achainí “go dtugtar saoirse cheart, agus oidhreacht shíoraí don mhuintir a chreideann i gCríost” – saoirse cheart agus oidhreacht shíoraí, abhus agus ar neamh. Is téarma é “saoirse” ar rinne lucht creidimh, fealsúnachta agus poilitíochta machnamh air agus a bhí morálach as tríd na haoiseanna. Bhí Gréigigh agus Romhánaigh morálach as an tsaoirse a bhí acu – gan na sclábhaithe iomadúla a chur sa áireamh. B’ionann cás leis na Giúdaigh. I diospóireacht faoin ábhar dúirt Íosa lena lucht éisteachta: “Má fhanann sibh umhal do mo bhriathar, beidh fios na fírinne agaibh, agus tabharfaidh an fhírinne an tsaoirse daoibh” (Eoin 8:31-32). Mar fhreagra air sin dúirt na Giúdaigh: “Síol Abrahaim sinne, nach raibh riamh i ndaoirse do dhuine ar bith”, ráiteas ar fhreagair Íosa dó: “Gach aoinne a dhéanann an peaca, tá sé ina dhaor ag an bpeaca”. Tríd an Soiscéal Críostaí craobhscaoil Pól saoirse ó chleachtadh Dhlí na nGiúdach, dlí a bhí náisiúnach agus ag cungú saoirse, ach mheabhraigh sé dá eaglaisí: “D’fhonn is go mbeimis saor is ea a d’fhuascail Criost sinn”; “Is chun saoirse a bheith agaibh a glaodh oraibh, a bhráithre agus a dheirfiúracha. Ach ná bíodh an tsaoirse sin ina leithscéal agaibh chun na collaíochta; ní hea, ach bígí ag déanamh seirbhíse dá cheile le teann grá” (Galataigh 5:1, 13). Chuir Pól é fein taobh amuigh de dhlí na nGiúdach, ach le bheith faoi dhlí Chríost (1 Coirintigh 9:21).

Recommended Articles