FREAGRA DON CHREIDEAMH LEIS AN MBÍOBLA
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu

A. An Bíobla sa Liotúirge mar threoir don bheatha Chríostaí (Léachtaí an Domhnaigh)

Céad Léacht (Exodus 24:3-8). Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh. An léacht seo faoi chlabhsúr an chonartha, is críoch í ar chuntas fada ar dhéanamh an chonartha idir Dhia agus a phobal Iosrael ag Cnoc Sinai. Thosaigh an cuntas i gcaibideal 19 de Leabhar Exodus in áit in a deir Dia le Iosrael roimh an chonradh: “Má ghéilleann sibh do mo ghlór agus cloí le mo chonradh beidh sibhse, thar na cioníocha go léir, i mo sheilbhse ar leithrigh, óir is liomnsa an domhan ar fad. Beidh sibh agamsa in bhur ríocht sagart, in bhur náisiún coisricthe” (Exodus 19:5-6). Bheadh guth, glór, Dé agus a bhriathra curtha in iúl tríd na Deich nAitheanta, na dlíthe agus na cinntí eile a tugadh leis an bpobal a choimeád aontaithe le cheile. Bhí dhá thaobh ag baint le conradh, sa chás seo Dia agus pobal a bhí tiomanta maireachtáil de réir thoil Dé. Déantar seo soiléir sa chuntas ar chlabhsúr an chonartha. Deir pobal Iosrael go bhfuil siad réidh aitheanta uile Dé a chomhlíonadh. Bhí gnás ársa ann conradh a dhaingniú le íobairt (feic Genesis 15:7) ach níl a mhacsamhail de iobairt chonartha mar an cheann atá i léacht an lae inniu le fáil sa tSeantiomna. Glacadh leis go raibh fuil éifeachtúil le gaol a bhunú idir Dhia agus an duine daonna. In aimsir Íosa, agus dáiríre trí stair Iosrael, bhí conradh an phobail le Dia, nó ba chirte a rá, conradh Dé lena phobal, lárnach i gcreideamh na nGiúdach agus bheadh na briathra deiridh na léachta seo faoi dhaingniú an chonartha mar cheol ina gcluasa: “Seo fuil an Chonartha a rinne an Tiarna libh, agus tá na dlíthe seo go léir ann”. Tugtar briathra sin dhaingniú an Chonartha chun cuimhne sa bheannacht os cionn chupa an fhíona a thug Íosa ag an Suipéar Déanach: “Is í seo m’fhuil, fuil an Chonartha”, fuil an tiomna.

Salm le Freagra (Salm 115[116]). Glacfaidh mé cupán an tslánathe; agus gairfidh mé ar an Tiarna,

Dara Léacht (Eabhraigh 9:11-15). Glanfaidh fuil Chríost ár n-anam ó pheacaí marfacha. Tuigfear an léacht seo níos éasca má tabharfar chun cuimhne an téacs díreach roimhe, gur leanúint air téacs an lae inniu. Sa dhá shliocht tá an t-údar ag déanamh codarsnacht idir liotúirge Giúdach an Leorghnímh agus leorghníomh Chríost. Sa phubal a bhí ag na Giúdaigh sa bhfánaíocht sa díthreabh agus i dTeampall Iasrúsailéim, bhí sanctóir sheachtrach agus sanmctóir inmheánach, ar a dtugann údar na litreach seo both (nó puball). Tá dearcadh diúltach ag an údar ar an sanctóir “shaolta” Ghiúdach seo. Tugann sé “an Áit Naofa” ar an sanctóir sheachtrach. Taobh thiar de seo bhi sanctóir eile ar a dtugadh “An Áit Rónaofa”. Ní fhéadfadh aoinne ach an tArdsagart dul isteach sa sanctóir inmheánach, agus sin aon lá amháin sa bhliain, Lá Mór an Leorghnímh, le “cathaoir na trócaire”, clúdach Áirc an Chonartha, a chroitheadh le fuil ainmhíthe, le leorghníomh a dhéanamh in éiric a pheacaí féin agus pheacaí a phobail. De réir Exodus 25:9 bhí an taibearnacal déanta de réir an phatrúin neamhaí, na samhla, an chuspa, a taispeánadh do Mhaois ar an sliabh. Déantar an coincheap den fhíor-thaibearnacal neamhaí, nach den saol seo nó lámhdhéanta é, a fhorbairt sa léacht seo le staid Chriost mar an fhíor-ardsagart a léiriú. De réir dealraimh is é atá ina aigne ag an údar leis an bhfíor-thaibearnacal a théann Críost isteach ann ná bás Chríost a dhéanann leorghníomh, a dheascabháil go deasláimh an Athar, agus é ansin mar ardsagart ar ár son. Murab ionann agus íobairtí na nGiúdach nár ndeacha i bhfeidhm go hinmheánach ar an duine, glanann íobairt Chríost go hinmheánach sinn ónár bpeacaí (oibreacha marbha) le go mbeadh ar ár gcumas an bheatha Chríostaí a mhaireachtáil (seirbhís a dhéanamh don Dia beo). Ag deireadh an tsleachta seo tá béim ar an gConradh Nua trí bhás Chríost, teagasc atá lárnach don fhéile atá á comóradh againn – Féile Chorp Chríost.

Soiscéal (Marcas 14:12-16, 22-26). Is é mo chorp. Is í seo m’fhuil. Ó thaobh na féile atá á comóradh againn, an rud is suntasaí faoin léacht seo ná ordú na hEocairiste ag an Suipéar Déanach. Ia mian le Marcas an beile seo a chur i láthair mar bhéile Cháisc na nGiúdach agus tá roinnt de chodanna a leithéid de bhéile ina chuntas (itear an béile istoíche, óltar fíon, bhíodar ina suí chun boird, tugann Íosa miniú ar chuid de chodanna an bhéile, cantar iomann). Ach tá codanna eile de bhéile Cháisc na nGiúdach in easnamh, an ceann is tábhachtaí díobh ná Uan na Cásca. Pé ar bith nasc nó baint a bhí ag an Suipéar Déanach le béile Cháisc na nGiúdach, mar a seachadadh an cuntas san Eaglais ba í an phríomh-spéis a bhí inar tharla sa Suipéar Déanach ná an Eocairist agus an Conradh Nua, an Cháisc nua, seachas an ceann a rinne cuimhneachán ar theacht phobal Iosrael ón Éigipt.
Cuireann Marcas béim ar réamheolas agus chumacht Íosa maidir leis an áit a roghnaigh sé don bhéile, nuair a sheol sé uaidh an bheirt deisceabal leis an ullmhúchán a dhéanamh. Ach d’fhéadfadh sé bheith go raibh tuiscint idir Íosa agus únaer an tí cheana. Príomhspéis Marcais sa chuntas ná ordú, bunú, na hEocairiste, leis na beannachtaí ar an arán agus ar an gcupa leis an bhfíon. Is í fuil Chríost an fíon, fuil an chonartha, le dortadh ar son a lán. Tá nasc soiléir anseo leis an gcuntas faoi dhaingniu an chéad chonradh, a bhí againn sa chéad léacht inniu. Cuireann bás Íosa tús le conradh nua. Le macalla dá ndeirtear faoi fhulaingt ghiolla an Tiarna in Íseáia 53:12, deirtear go bhfuil fuil Íosa “le dortadh ar son a lan”. Ní chuireann na briathra sin teorainn le líon ar bith; macalla de ráiteas coisricthe atá ann, coimeádta faoi mar atá i Marcas 10:45: tháinig Mac an Duine chun a anam a thabhairt mar ceannach ar mhórán (nó: a lán). Tá na tearmaí céanna beagnách in ordú na hEocariste i Matha 26:28 agus sna paidreacha eocairisteacha go léir. Ar eagla na mithuisceana, deirfidh téacsanna bíobalta níos déanai gur dhoirt Íosa a chuid fola ar son cách.
Le linn a mhinistreacht phoiblí ar talamh, bhí áit thábhachtach ag béilí ag Íosa lena dheisceabail agus le daoine eile. Ag an Suipéar Déanach dúirt Íosa go soileir gurbh é sin an béile deiridh aige lena chuid féin sa saol seo. Ólfadh sé an fíon nua leo i ríocht Dé (Matha: ríocht a Athar), le tagairt, b’fhéidir, don chóisir, an fhleá, Fleá an Mheisias, a bhfuil tagairt di i bhfáistine Íseáia 25:6. Rún an Athar a bhí ann cathain a bheadh an choisir, an fhleá, sin ann. I ngach Eocairist, tar éis an coisreacan, déantar bás, aiseirí agus ateacht Chríost a chomóradh, nó go dtaga sé (feic 1 Coirintigh 11:26).

B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Teachtaireacht na hEocairiste dúinn inniu

Ba í an Eocairist foinse agus ceartlár na Críostaíochta tríd na haoiseanna síos, agus fós is mar sin atá. Tugann machnamh ar an rúndiamhair chun cuimhnimh an t-éileamh a dhéanann sí beatha Chríostaí dá réir a chaitheamh, mar a dhéanann machnamh ar Íosa Críost féin. Mar a luadh thuas, ba é an Suipéar Déanach an béile deiridh a ith Íosa lena mhuintir féin, agus tugann sé chun cuimhne intinn Íosa sna béilí sin, ag ithe leo siúd a bhí san imeall agus a leithéid. Tugann Íosa i Soiscéal Marcas cuireadh dúinn machnamh a dhéanamh ar bhríonna iomadúla na hEocairiste. Tar éis mhiorúilt iolrú an aráin, in aistear farraige trasna Mhuir na Gailíle luann Marcas go raibh dearmad déanta ag na hAspail arán a thabhairt leo, seachas aon bhuilín amháin. Tugann Íosa foláireamh dóibh bheith aireach faoi ghabháil, giosta, éagsúla. Mheas na hAspail gur ag tagairt a bhí sé don easba aráin a bhí acu, ach meabhraíonn Íosa dóibh an mhiorúilt ar iolrú an aráin, agus tugann le cuimhne dóibh an easpa tuisceana atá acu ar an mhiorúilt sin (Marcas 8:14-21). Téacs deacair le tuiscint é sin, ach dealraíonn sé go bhfuil Íosa ag tabhairt cuireadh don Eaglais agus dúinn uile machnamh a dhéanamh ar a bheatha agus a shaol faoi mar ar thug sé bia don chorp leis an arán a iolraigh sé, bia don anam san Eocairist, a chúram orthu siúd atá sna himill agus faoi mhíchumas de shaghas ar bith. Tugann an Eocairist na fírinní sin go léir chun cuimhne.
An téama a bhí ann don Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta i mBaile Átha Cliath i 2012 ná “An Eocairist: Comaoin le Críost agus lena chéile”. Tá sin ag teacht go hálainn le liotúirge Aifreann an lae inniu. Tá Críost beo san Eocairist mar fhoinse do chaidreamh, chomaoin, phearsanta le Dia agus lena chéile, mar chlann mhac agus chlann iníonacha Dé, bráithre agus deirfiúracha Íosa.
Is rúndiamhair dhomhain í láithreacht réalta Chríost faoi ghnéithe aráin agus fíona, nach glactar lei ach trí chreideamh. Ní inné ná inniu a thosaigh an t-amhras faoi. Tar éis a sheanmóra i gCafarnáum air féin mar arán na beatha, bhí na Giúdaigh (nár chreid ann) ag aighneas le chéile á rá: “Conas is féidir don duine seo a fheoil a thabhairt dúinn le hithe?” Lean Íosa ar aghaidh lena théama faoi féin agus ar gclos na cainte dá lán dá dheisceabail dúirt siad: “Is crua an chaint í seo, agus cé a d’fhéadfadh éisteacht lei?” Mar fhreagra dúirt Íosa: “An bhfuil an méid seo ina cheap tuisle agaibh? Ach cad é má fheiceann sibh Mac an Duine (Íosa féin) ag dul suas mar a raibh sé cheana?” Tharraing a lán dá dheisceabail siar, agus níor leanadar é a thuilleadh (Eoin 6:52-65). Tuigimid rúndiamhair na hEocraiste níos fearr má dhéanaimid machnamh uirthi i gcomthéacs Íosa fior-Dhia agus fíor-dhuine, a dheascabháil chun na bhflaitheas agus é ar dheasláimh Dé. Tríd na haoiseanna síos ghlac an Eaglais le briathra Íosa ar an arán agus an fíon, tar éis a gcoisreacan, bheith go fíor, go réalta, mar a chorp agus a fhuil, agus as sin lean an deabhóid don sacraimint ró-naofa. Slíte a ba iad ina chuir na fíréin in iúl a gcreideamh do láithreacht réalta Íosa san Eocairist. Nuair a shéanadh an creideamh sin faoi láithreacht Chríost ag Berengarius, dhearbhaigh an Eaglais sa bhliain 1079 go ndéantar an t-arán agus fíon a athrú go substaintíuil go Corp and Fuil Críost, a dhearbhaíodh arís i gComhairle Trionta, teagasc atá le fáil i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (alt 1413): “Tríd an choisreacan cuirtear i gcrích tras-substaintiú an aráin agus an fhíona i gCorp agus i bhFuil Chríost”.
Ní haon cúis iontais go bhfuil ceisteanna á gcur maidir le Críost bheith i láthair go fíor, go réalta, faoi na heilimintí aráin agus fíona, ceisteanna atá comóna ach go háirithe ag an aos óg. Bhí na ceisteanna sin ann ni gcónaí, ag feitheamh leis an té a chuirfeadh iad. Níorbh fholáir i gcónaí na creidmhigh a dhéanamh deimhin de go rabhadar i láthair rúndiamhaire doimhne. Ina chaiticéis dóibh siúd a bhí tar éis a mbaisteadh scríobh agus dúirt Cioral Easpag Iarúsailéim (4ú céad): “Ná breathnaigí ar an arán agus an fíon mar tada eile ach arán agus fíon, mar is corp agus fuil naofa Chríost iad dáiríre, mar a dúirt an Máistir féin. Bíodh go dtabharfadh bhur gcéafaí a mhalairt tuisceana daoibh, déanadh bhur gcreideamh deimhin sibh”. D’fhéadfaí cur le ráitis mar sin, mar shampla “Bíodh nach bhfeiceann ár gcéadfaí ach arán agus fíon, an féidir linn dearmad a dhéanamh de bhriathra Chríost:: ‘Is é seo mo chorp; is é seo mo chuid fola’?” Léiríonn Aithreacha eile na hEaglaise an dearcadh céanna, ag leagan béime ar fhór-laithreacht, réalta, Chríost sna heilimintí, in ainneoin na dreacha seachtracha, mar shampla Naomh Iustinus Mairtíreach, Naomh Irenaeus, Naomh Gaudentius. Bhí gairm ann do ghníomh creidiimh, mar ba nós i bpobail na hEaglaise in Éirinn céadta bliain ó shoin, leis an chomhgháir tar éis choisreacan an Aifrinn: “Mo Thiarna agus mo Dhia”.

Recommended Articles