29 Nollaig 2013 (A) Féile an Teaghlaigh Naofa
Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in agallamh le ceisteanna an lae. Bíodh meas ag an uile dhuine ar an bpósadh.
A. Léachtaí an Domhnaigh mar threoir don Bheatha Chríostaí
An Chéad Léacht (Sírach 3:2-6, 12-14).
An té ar a bhfuil eagla an Tiarna, tugann sé onóir dá thuismitheoirí. Deir an cheathrú aithne (Ecsodus 20:12): “Tabhair do d’athair agus do do mháthair onóir i dtreo go mba fada iad do laethanta an talamh”. Bhí an pósadh faoi ard-onóir in Iosrael. Tugann Ben Sira (gur fearr aithne air mar Ecclesiasticus, “an t-eaglaiseach”) a mhachnamh dúinn ar an aithne mhór seo. Bhí scoil eagnaíochta ag Ben Sira in Iarúsailéim (thart ar 180 roimh Chríost) do dhaltaí óga ar spéis leo, agus achmhain mhaoine acu, an roinn seo de shaíocht Iosrael a chíoradh. Cuid dílis de eagnaíocht seo ná taithí ar shaol an duine aonair, ar an chomhluadar daonna agus an saol mór. Tá machnamh seo Ben Sira ar an gceathrú aithne lán de dhaonacht, de thaise agus de thrócaire. Ábhar sonais agus aoibhnis meas mhuintir theaghlaigh ar a chéile. Tá luach saothair ó Dhia ag baint leis chomh maith agus déanann sé leorghníomh ar na peacaí. Ach ní cúis áthais a gcónaí dílse seo don cheathrú aithne, le homós don athair agus don máthair. Ionann é agus glacadh lenár muintir agus ár ngaolta faoi mar atá siad lena laigí agus nósanna aisteacha agus eile. Ní mór tuiscint, trua agus taise as bheith dóibh i mbreoiteacht agus ina seanaois, agus glaotar ar baill óga slántúla teaghlaigh tuiscint a bheith acu ar na fadhbanna a thagann le seanaois. Cur síos iontach i leabhar den Seantiomna an léacht seo ar faoi mar is cóir aire a thabhairt do chúrsai an teaghlaigh.
Salm le Freagra (Salm 127[128]). Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna agus a shiúlann ina shlíte.
An Dara Léacht (Colosaigh 3:12-21).
Saol an teaghlaigh sa Tiarna Íosa. Leanúint an aghaidh an léacht seo ar an gcur síos íontach atá ag Pól (Colosaigh 3:1-11) ar an mbeatha Chríostaí, an bheatha i gCríost, faoi mar is mian le Dia í a bheith. Foinse agus eiseamláir dó an Críost aiséirithe. Cuid den nádúr daonna laigí agus loiceadh, mar ab eol do phobal Críostaí Cholosae sul ar tiontaíodh go Críost iad. Leis an baiseadh agus le ceangal le Críost a ghabh leis bhí seo go léir taobh thiar díobh. Leis an baisteadh chuir lucht leanúna Chríost nádúr úr ortu féin, agus tá sin de shíor á athnuachtan, le héirí níos cosúla le Críost, níos mó in iomhá Dé. Leagann Pól béim ar seo i léacht an lae inniu. Pobal tofa, muirnach, Dé an comhluadar Críostaí. Ta grá ag Dia dóibh. Ba chóir beatha nua mar chulaith éadaigh a bheith ag an bpobal; seo le rá, láchas trua croí, uirísle, ceansacht agus foighne, agus bheith réidh maithiúnas a tahbairt nuair a thiteann aighneas amach. Súáilcí tábhachtacha iad sin atá orthu mar chulaith, agus ba chóir iad bheithn snaidhmthe le chéile le grá, mar chrios, an gra a choimeádann iad go léir le chéile. Sa mhéid seo d’fhéadfadh Pól bheith ag smaoineasmh ar an méid a scríobh sé chuig na Coirintigh faoin ábhar (1 Coirintigh 13:4-7): “Bíonnn grá foighneach agus bíonn sé lách … Bíonn sé lán d’fhadfhulgaint, lán de chreideamh, lán de dhóchas agus lán d’fhoighne”. Ansin leagann Pól béim ar cé chomh tábhachtach is atá sé go mbeadh creidmhigh ar an eolas faoi shaibhreas a n-oidhreachta Críostaí agus a ngrá di agus a meas uirthi a chur in iúl dá chéile. Tá sin pas beag teibí, ach i gcoinne an chúlra sin tráchtann Pól go hachomair ar na prionsabail ar chóir dóibh bheith mar theoir ar bheatha shoisialta na gCríostaíthe san ré áirithe sin. Tosaíonn seo leis an teaghlach, inar chóir meas, grá agus cineáltas bheith mar phrionsabail stiúrtha. Le tuismitheoiri deireann sé gan a leanaí a chrá, le heagla go gcuirfí drochmhisneach orthu,
Ábhar machnaimh é seo go léir do fhéile seo an Teaghlaigh Naofa, eiseamláir do gach teaghlach Críostaí. Nuair a chuir Pól barrshamhail, idéal, na beatha Críostaí os comhair eaglais Cholosae, ní hionann sin is a rá go raibh an eaglais sin ag maireachtáil go hiomlán de réir na barrshamhla sin. D’fhéadfadh a mhalairt a bheith fíor, agus go raibh Pól ag tabhairt na heiseamláire chun cuimhne de bhrí go raibh teannas, scoilteana agus naimhdeas áirithre taobh istigh de eaglais sin.
An Soiscéal (Matha 2:13-15, 19-23).
Beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt. Ní dochar tosú anseo leis na hainmneacha dílse agus na logainmneacha a luaitear sa léacht. Tá againn Héaród agus Archelás, an Éigipt, Iúdáia, an Ghailíl agus Nazarat. Fuair an Rí Héaród, tialtóir na Pailistine agus tailte ar an dtaobh thoir di, bás sa bhliain 4 roimh Chríost, rud a thugann le fios gur saolaíodh Críost tamall áirithe roimh an bhliain 1 iar-Chríost. Tá an comhaireamh ata againn faoi láthair, a meastar a cuireadh le chéile sa séú haois ag an manach Dionysius Exiguus, pas beag as alt, agus is dócha gur rugadh Criost thart an ar mbliain 6 roimh Chríost. Fear danartha a bhí in Héaród. Ina uacht dheiridh d’ainmnigh sé mar oidhrí leis Archelás (leis an teideal rí), Antipas a dheartháir dílis (dearbhráthair) agus Pilib a leasdeartháir, uacht a bheadh le deimhniú ag an Impire Águstus. Bhí fuath ag a mhuintir do Archelás, a bhí crúalach mar a athair, agus cuireadh toscaireacht chun na Róimhe le bac a chur air mar oidhre. Dheimhnigh Águstus é mar rialtóir (mar Teatrarc, gan teideal rí), De bharr a mhíriail cuireadh toscaireacht eile chun na Róime ina choinne sa bhliain 6 iar-Ch. Briseadh Archelás as a phost agus cuireadh a chríocha faoi rialú díreach na Róimhe, faoi ghobharnóir Rómhánach. Deimhníodh Antipas mar Theatrarc ar an Ghailíl, agus Pilib mar Theatrarc ar chríocha in Oirthear na Iordáine; bheadh Caesarea Philippi mar phríomh-chathair aige. Leagann an téacs againne béim ar ghéillsine Iósaef do thoil Dé. Anseo arís ag cur naoíntacht Chríost i láthair dó tá spéis faoi leith aige i tipeolaíocht agus gcomhlíonadh an tSeantiomna agus an tipeolaíocht idir an Nua agsu an Seantiomna. Is é Íosa an Iosrael Nua. Sa Seantiomna thug Dia a chéadghin mic ar Iosrael san Éigirpt: “Iosrael mo chéadghin mic” (Eacsodus 4:22), agus níos déanaí dar leis an bhfáidh Hóisé (11:1) dúirt Dia: “Nuair a bhí Iosrael ina naíonán thug mé grá dó agus ghlaoigh mé ar mo mhac ón Éigipt”. Is féidir le Matha féachaint ar an téacs seo a bheith comhlíonta le fileadh ón Éigipt d’Íosa, mac Dé, agus an Iosrael nua. Tar éis filleadh ón Éigipt, agus cur fúthu i Nazarat na Gailíle, féachann Matha air seo mar chomhlionadh ar ráiteas ó “na fáithe”: “Bhéarfar Nazórach air”. Ní thugann Matha fiú leide faoi na “fáithe” atá i gceist, agus tá teipthe ar scoláirí téacs nó téacsanna caoi a aimsiú. Seans go bhfuil Matha ag tagairt don nazir par excellence Samsón (Breithiúna 13:5) a dúradh faoi roimh ghiniúint dó go raibh sé le tús na chur le fuascailt Iosrael óna naimhde. Níorbh aon fhuascaltóir é Samsón ach i dtraidisiún amháin Giúdach duirt Iacób ag fáil báis dó nárb le fuascailt Shamsón, nach raibh buan, a bhí sé ag feitheamh ach leis an bhfuascailt cheart a thiocfadh leis an Rí Meisias.
B. An Bíobla: Machnamh agus agallamh le ceisteanna an lae: Bíodh meas ag an uile dhuine ar an bpósadh.
Ina aitheasc ag deireadh na litreach chuig na hEabhraigh (13:4) dúirt an t-údar leis an eaglais: “Bíodh meas ag an uile dhuine ar an bpósadh”. Tá gá leis an moladh céanna inniu, nuair atáthar ag iarraidh beag is fiú a dhéanamh den phósadh traidisiúnta. Tugann an fheile atá á comóradh againn deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an scéal agus ar conas is fearr teacht i gcabhair ar dhaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir leis an gceist. Leag Comhairle Vatacáin II béim ar an dteagasc traidisiúnta sa Bhunreacht Tréadach ar an Eaglais i Saol an Lae inniu (ailt 47-52). Tá spéis sa cheist seo ar áit an teaghlaigh sa tsochaí ag scríbhneoirí óna traidisiúin sibhialta agus creidimh. Tá spéis faoi leith ag an Pápa Proinsias ann agus beidh an cheist á plé ag cruinnithe speisialta sa Róimh i mí Feabhra seo chugainn agus ag sionad neamhghnáthachi mí Deireadh Fomhair 2014 agus ag gnáth-shionad an bhliain ina dhiaidh sin. Tugann sin le fios cé chomh tromchúiseach is atá an cheist. Déanfaidh na cruinnithe sin na ceisteanna a cíoradh ach beidh a réiteach ag braith ar an chreideamh a fhéachann ar an pósadh mar bhrontannas ó Dhia agus mar shamhail de cheangal Chríost leis an Eaglais. Guímis go mbeadh rath ar an chíoradh go léir.