Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais mar phobal fáidhiúil.

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.

Céad Léacht (Amós 7:12-15). Téigh agus tairngir do mo phobal. Nuair a dhéantar fáithe a lua is gnáthach le léitheoirí Críostaí amharc orthu mar fhir labhartha ar son Dé, agus ar dhaoine a rinne an tslí a ullmhú do Chríost, nó fiú a rinne a theacht a thairngir. Ach ní hamhlaidh atá maidir le tús agus fás ghluaiseacht na fáidheadóireachta in Iosrael. Ba chuid de shaol soisialta agus reiligiúnda luath-Iosrael agus de na tíortha máguaird fáithe, grúpa agus daoine eile ar a dtugtaí “físithe”, daoine a fhéiceann, a bhfuil éagsulacht aistriúchán Gaeilge ar an bhfocal Eabhraise, amhail, “féachadóir(í)”, fir feasa, lucht feasa agus mar sin de. Ba dhaoine na físithe sin, amhail na fáithe féin, a measadh go raibh fios, eolas, acu ar rudaí diamhaire, an saol eile, nó cad a bhí i ndán do ríthe agus a leithéid. Cuireann sé an nath Gaeilge, agus an domhan a bhain leis, in gcuimhne dúinn: Níor ghéilleas riamh do ráiteas file, fáidh nó draoi. Ag ríthe agus na teampaill bhí fáithe aonair nó grúpaí fáithe, grúpa ar a dtugadh “mic fáithe”, “clann mhac”, a aistrítear go minic go Gaeilge mar “bráithreas”, nó “bráithreachas fáithe”. Bhí a leithéid de bhráithreachas fáithe in Iosrael chomh maith gan baint le ríthe nó teampall. Fáithe le creideamh i nDia Iosrael a bhí iontu sin. Ach bhí fáithe ag déithe bréige, cosúil le Bál, ann chomh maith. Feiniméin socheolaíochta a bhí sa bhfáidheadóireacht sin. Bheadh luach a saothair ag dul dóibh. Ní raibh glaoch pearsanta ó Dhia ag na fáithe aonair. Tháinig athrú bunúsach i stair na fáidheadóireachta nuair a ghlaoigh Dia Iosrael ar dhaoine aonair labhairt ina ainm lena phobal. Bhí eispéireas faoi leith ag na daoine sin ar Dhia. Seasann Amós ag tús na gluaiseachta nua seo in Iosrael. Bíodh gur ó stat an deiscirt, Iúda, dó glaodh air dul ó thuaidh go dtí sanctóir ríoga ríthe an tuaiscirt le fógairt i sanctóir ríoga Béitéil go raibh Dia le pionós dian a ghearradh ar ríocht an tuaiscirt de bharr a neamhaird ar dhlí Dé. Duirt an sagart Amasia, a bhí i bhfeighil an teampaill, le Amós filleadh ar Iúda (ar son a shabháltacta féin, b’fhéidir). De bhrí go raibh an téarma fáidh débhríoch, shéan Amós gurbh fháidh gairmiúil, nó mac fáidh mar bhall de bhráithreas fáithe, é, le ceart aige íocaíocht a fháil dá sheirbhísí. Bhí sé deimhin de go raibh glaoch ó Dhia aige le briathar Dé a fhógairt gan scáth, gan eagla, agus chun tairngir le pobal Iosrael. Seasann Amós ag tús ghluaiseacht fíor-fháidheadóireachta a mbeidh buaic aici ag Eoin Baiste (“níos mó na fáidh”) agus ag Íosa, misean fáidheadóireacta leanfaidh ar aghaidh san Eaglais.

Salm le Freagra (Salm 84[85]). Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire agus tabhair dúinn do shlánú.

Dara Léacht (Eifisigh 1:3-14). Roimh thúsú an domhain roghnaigh Dia sinn. Seo í an chéad cheann i sraith léachtaí don Domhnach as an Litir chuig na hEifisigh. Scríobhadh an litir seo go pearsanta ag Pól, nó ar a laghad tá a mhisean agus a theagasc ag sní tríthi. Labhraíonn an t-údar mar Ghiúdach a fhéiceann an dá phobal Giúdach agus neamh-Ghiúdach agus Gintlí aontaithe le chéile mar aon chlann amháin i gCríost. I bhfíor-thosach na litreach áille seo tugann an scríbhneoir chun cuimhne dínit na gairme atá ag Críostaithe, gairm a fheictear uirthi mar chur i ngníomh don phlean a bhí ag Dia sul ar cruthaíodh an domhan. Cuirtear plean Dé seo i láthair mar rúndiamhair, folaithe tríd an stair síos, agus eolas le cur uirthi trí fhoilsiú amháin. Dúirt Íosa lena dheisceabail go raibh rúndiamhair ríocht Dé tugtha dóibh (Marcas 4:11; Lúcás 8:18), nithe a bhí ceilte ar lucht eagna agus éirime agus foilsithe do chreidmhigh shimpli (Matha 11:25; Lúcás 10:21). Tá éirim na rúndiamhaire seo soiléirithe i dtéacs álainn an lae inniu: Nocht Dia dúinn rún a thola – an scéim a bhí leagtha amach aige ó thús lena chur in gcrích i gCriost nuair bheadh an t-ionú, an t-am cuí, tagtha – mar atá, gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt faoi cheannas Chríost. De bharr na háite atá aici mar sheirbhíseach don rúndiamhair seo, agus de thoisc a misin féin, ní mór don Eaglais idir údaráis agus creidmhigh uile, lánmhuinín a bheith acu faoi chomhlíonadh scéime seo Dé in am trá Dé.

An Soiscéal (Marcas 6:7-13). Thosaigh sé á gcur amach. Sa soiscéal féin tagann an sliocht seo díreach tar éis léachta an Domhnaigh seo caite ina dhiultaigh muintir a bhaile féin Nasarat glacadh le hÍosa agus inar thug Íosa mar fhreagra orthu nach mbíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin. Gan é a chur go foscailte, bhí Íosa á ghlacadh leis féin mar fháidh. Ach ní hionann diúltú i Nasarat agus deireadh an scéil. Leanfaidh misean fáidhiúil Íosa ar aghaidh agus i léacht an lae inniu seolann Íosa an Dáréag (aspal) amach don mhisean sin agus lena údaras féin le heasláin a leigheas agus aithrí a fhógairt do mhaithiúnas na bpeacaí. Bhí sli bheatha na misinéirí le bheith thar a bheith simplí, ag teacht leis an misean a bhí acu. Na sonraí a tugtar sa léacht maidir le éadach, lóistín, easpa airgid agus a leithéidí, d’oirfeadh sin do roinnt seanmóirithe taistil sa Ghailíl ach níor leanadh leis ag luath-seanmóirithe uile an tSoiscéil, bíodh gur spreag an tsimplíocht a bhain leis naoimh agus bunaitheoirí ord rialta níos déanaí, amhail San Proinsias agus a lucht leanúna. Ach ní mór a rá gur dleathach an tuiscint taobh thiar den téacs seo do gach aois: ní foláir slí mhaireachtála chléir na hEaglaise a bheith simplí, ag teacht le sampla agus teagasc Chríost – fírinní a leagann an Pápa Proinsias béim orthu.

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: An Eaglais mar phobal fáidhiúil.

Faoi mar a bhí ag tús ghluaiseacht na fáidheadóireachta in Iosrael, deirtear faoi dhaoine aonair nó faoi ghrúpaí go bhfuil siad fáidhiúil, nuair is é a bhíonn i gceist go bhfuil siad fadbhreathnach nó le cumas pleanáil chun tosaigh. Tá ról i gciall níos doimhne ná sin ag an Eaglais, ag pobal Dé, de bhrí go leanann sí ar aghaidh ag tabhairt fianaise sa domhan do fhoilsiú rúndiamhair ríocht Dé. Cuireann Comhairle na Vatacáine sin i gcuimne dúinn sa doiciméid ar an Eaglais (alt 12): “Tá pobal naofa Dé páirteach chomh maith i bhfeidhm fháidhiúil Chríost: leathann sí amach fianaise bheo dó, go mór mór le beatha chreidimh agus ghrá, agus ag ofráil íobairt bhuanmholta chun Dé trí Íosa Críost, is é sin le rá briathtra a mbéil ag moladh a ainm”. Tá athinsint ar sin i gCaiticiosma na hEaglaise Caitlicí (ailt 783, 785). “Tá Íosa Críost ungtha ag an Athair leis an Spiorad Naomh agus ceaptha aige na ‘shagart, fáídh agus rí’. Tá pobal Dé go hiomlán páirteach sna trí feidhmeanna seo de chuid Chríost agus tá orthu an fhreagracht chéanna misiúnaíochta agus seirbhíse a eascraíonn uaidh sin. … Tá pobal naofa Dé páirteach freisin i bhfeidhm fháidhiúil Chríost. Is amhlaidh dó go háirithe de bharr na tuisceana osnádúrtha is toradh ar an chreideamh agus a ghabhann leis an Phobal uile, idir chléir agus thuath, nuair a ‘chloíonn sé go do-theipthe leis an chreideamh a seacadadh chuig na fíréin den aon uair amháin go deo’, ag doimhniú na tuisceana atá acu air agus iad ina bhfinnéithe ar son Chríost os comhair an domhain”.
Is féidir leis an creidmheach aonair agus an Eaglais go léir, pobal Dé, inspiorád a ghlacadh faoin misean fáidhiúil ó na fáithe amhail Amós, le bheith deimhin de trí bhronntanas an chreidimh go bhfuil siad glaoite ag Dia le fianaise a thabhairt do Chríost trí bheatha Chriostaí. Is féidir leo teacht ar fhoilsiú na rúndiamhaire sin agus dínit na beatha i gCríost faoi mar atá siad curtha chomh hálainn sin inár láthair sa Litir chuig na hEifisigh. Féadann siad freisin tabhairt chun cuimhne faoi mar a rinne Íosa, tar éis dá mhuintir féin an t-eiteachas a thabhairt dó i Nasarat, a chuid aspal a sheoladh amach le ríocht Dé, agus gach a bhaineann lei, a fhógairt.
Maidir le agallamh le ceisteanna ár lae féin, ní dochar na fírinní seo thuas a thabhairt chun cuimhne. D’fhéadfadh a leithéid d’agallamh a bheith ag baint le cúrsaí saolta, tuata, i domhan atá ag síor-éirí níos saolta, gan mórán áite ann do chúrsaí diaga nó creidimh ná na héilimh a dhéanann teachtaireacht Chríost faoi ríocht Dé agus faoi rúndiamhair shlánú an chine dhaonna lena mbaineann sí. D’fhéadfadh an creideamh Críostaí seo cothtramaíocht a thabhairt isteach in agallamh dá leithéid.

Recommended Articles