Freagra don Chreideamh leis an mBíobla
leis an Ath. Máirtín Mac Conmara, MSC
A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí
B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Trédhearcacht sa saol príobháideach agus poiblí.

A.    Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí.
Céad Léacht (1 Ríthe 19:4-8). Neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé gur shroich sé sliabh Dé.
Tógtar an léacht seo ón chuid sin de Chéad Leabhar na Ríthe sa Bhíobla ar a dtugtar “Sraith Éilias”, sraith eachtraí faoin bhfáidh teasaí Éilias. Bhí an fáidh seo an-ghníomhach i Ríocht an Tuaiscirt (Iosrael), go háirithe ag cur i  gcoinne na n-iarrachtaí a rinne an bhanríon phagánach Iesaibéil creideamh i nDia Iosrael a chur den fhód agus cultas a dé phagánaigh féin Bál a chur ina ait. Tar éis do Éilias fáithe Bál a chloí bhagair Iesaibéil críoch a chur le beatha Éilias agus theich sé don deisceart, go Iúda. Tá Éilias tuirseach den bheatha, agus iarrann sé ar Dhia an bheatha a thógaint uaidh. Thug aingeal sólás dó agus bia le hithe. Le neart an bhia sin shiúil sé daichead lá agus daichead oíche go sliabh Hóréb, ainm an tsléibhe inar ar fhoilsigh Dia é féin do Mhaois agus Iosrael de réir thraidisiún Iosrael an Tuaiscirt, Cnoc Sinai sa traidisiún eile is fearr ar eol dúinn. Cé nach deirtear i léacht an lae inniu é, d’fhoilsigh Dia é féin d’Éilias ansin; ní bhaineann sin le hábhar. Roghnaíodh an léacht seo do liotúirge an lae inniu toisc an tagairt inti don neart a thug bronntanas an bhia agus an uisce don fháidh ina thuras fada — fíor de arán na beatha ar a mbeidh trácht i Soiscéal an lae inniu.
Salm le Freagra (Salm 33[34]). Blaisigí agus féachaigí a fheabas atá an Tiarna.
Dara Léacht (Eifisigh 4:30-5:2). Mairigí de réir an ghrá faoi mar ar ghráigh Críost sinne.
D’fhéadfaí beatha cheart Chríostaí a thuiscint mar bheatha ina bhfuil spiorad na Seanmóire an an Sliabh ag leathadh tríthi, na hOcht Biáide agus eile. Ó thús a beatha bhí maitheas agus naofacht Dé agus Íosa mar eiseamláir lárnach do theagasc agus do sheanmóireacht na hEaglaise. Bhain an teagasc seo le bunphrionsabail an chreidimh agus gnáth-shaol na bhfíréan. Bhí an pobal Críostaí naofa; Corp Chríost a bhí ann. agus ungtha ag an Spiorad Naomh. Nuair a thug Ananias a éitheach maidir leis an airgead a choimeád sé siar ó phobal na luath-Eaglaise dúirt Peadar leis: “Ní do dhaoine a thug tú an t-éitheach ach do Dhia” (Gníomhartha 5:4). I spiorad an chreidimh sin tosaíonn léacht an lae inniu le comhairle don chomhluadar Críostaí gan bheith ag buaireamh Spiorad Dé a bhfuil a stampa buailte orthu,  agus leanann sí le moltaí faoi rudaí atá in éadan beatha cheart i bpobal Dé agus cad a chabhraíonn leis. Ar an dtaobh diúltach de tá faltanas, goimh, fearg (seirbhe, fíoch agus fearg) , callán, achasán agus mioscais (ardghlór, cúlchaint, mírún). Ar an dtaobh dearfach de tá muintearas, atrua, bheith maothchroích, agus ag tabhairt maithiúnais dá cheile, faoi mar ar mhaith Críost dúinn.
Ní teagasc teibí atá anseo. Taobh thiar de, agus taobh thiar de gach a bhfuil sa chreideamh Criostaí, tá Dia agus Críost: creidmhigh ag déanamh aithris ar Dhia mar chlann dhílis dó agus ag maireacháil de réir an ghrá a thaispeáin Críost. Ofráil a bhí in íobairt chumhra Chríost ar ár son – agus is ofráil maille le hÍosa beatha Chríostaí de réir theagasc na léachta seo.
An Soiscéal (Eoin 6:41-51). Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.
Táimid fós san aitheasc a thug Íosa faoi féin mar arán na beatha, agus sa mhír seo den aitheasc deireann Íosa sin go soiléir, ag cur béim ar seo gur eisean an t-arán a tháinig anuas ó neamh. Ag tús na léachta seo tá an radharc agus an t-aitheasc suite i gcoinne chúlra an turais san fhásach, eachtra an manna agus pobal Iosrael ag “monabhar”, ag cnáimhseáil. I dtéacs an Bhíobla, ba é an toradh a bhí leis an “monabhar” in aimsir Mhaois ná bronntanas an uisce (Exodus 15:24) agus an manna (Exodus 16:2, 7, 12). Féachadh ar an monabhar mar easpa chreidimh (Íseáia 10:12; Sam 106:24-35). Tá béim i léacht an lae inniu ar riachtanas an chreidimh le hÍosa agus a theachtaireacht a thuiscint, creideamh atá riachtanach do phobal Iosrael, na Giúdaigh, bíodh go raibh creideamh domhain acu i nDia. Bhí an chéad “mhonabhar”, chlamhsán, chnáimhseáil, a rinneadar faoi bhriathra Íosa gur tháinig sé anuas ó neamh, agus eolas maith acu faoin bhunadh daonna a bhí aige, aithne acu ar a athair Iósaef agus a mháthair.
Ba é an freagra a thug Íosa orthu ná riachtanas iomlán an chreidimh, bronntanas ó Dhia, creideamh ina phearsa féin agus ina mhisean. Tugann sé ráiteas faoi seo, lena shoiléiriú b’fhéidir, go bhfuil sé scríofa sna Fáithe: “Beidh siad go léir á dteagasc ó Dhia”. B’fhéidir gur tagairt atá anseo d’Íseáia 54:13 (“Do chlann go léir beidh siad á dteagasc ag an Tiarna”), agus b’fheidir le tionchar ó Irimia 31:34 (“Ní bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a chomharsa a mhúineadh, ná deartháir a rá lena dheartháir: ‘Bíodh aithne ar an Tiarna agat!’ Ní hea, beidh aithne acu go léir orm, ón té is lú díobh go dtí an té is mó, an Tiarna a labhraíonn”). Is cuma faoi éirim na dtéacsanna sin ina mbun-suíomh sa séú haois roimh Chríost, baineann an Ceathrú Soiscéalaí úsáid astu ag tagairt don ré nua ina chomhlíontar iad ag Íosa.
Níorb rud éasca riamh é, agus ní héasca fós, an t-aondiachas, creideamh i nDia dofheicthe, ach go háirithe í nDia a chuireann a thoil in iúl dá phobal agus don chine daonna. Ní foláir creideamh. Meabhraíonn Íosa an fhírinne lárnach nár fhaca aon duine riamh Dia, Dia an tAthair. Bhí an Dia dofheicthe seo á fhoilsiu ag Íosa, a Mhac a tháinig ar an saol seo ón Athair. I gcoinne chúlra bhíobalta an manna tugann Íosa teagasc anseo a dhéanfaidh sé a fhorbairt níos doimhne in áiteanna eile sa soiscéal seo. Tháinig Íosa ón Athair le beatha a thabhairt don domhan, beatha an Athar dóibh siúd a chreideann ann agus don chine daonna, le iad a aontú leis an mbeatha atá aige leis an Athair. Is í an bheatha shíoraí an bheatha a thugann sé, beatha nua le Dia cheana féin sa saol seo, beatha a mhairfidh i slí nua le Dia tar éis bháis. Aontacht le Críost, é a ithe mar arán na beatha, tugann sin an bheatha shíoraí seo; iad sin a itheaann é, ní gheobhaidh siad bás choíche, ach mairfidh siad go deo. Mar sin, tá difríocht idir an manna nua seo agus an sean-mhanna san fhásach, nár thug an bheatha shíoraí. Is arán na beatha é Íosa trína phearsa, a theagasc, trí bheatha dhiaga an Athar a chuireann sé ar fáil trí ghrásta.
Labhraíonn an sliocht seo faoi Íosa mar arán na beatha go meafarach. Críochnaíonn an léacht le tagairt do Íosa mar arán na beatha trína bhás ar an gcrois agus a fheoil ar son bheatha an domhain. Tá a fheoil i láthair san Eocairist. An chéad mhír eile, a léafar an Domhnach seo chugainn, beidh sí ag trácht ar Íosa mar arán na beatha i gciall réalaíoch, Eocairisteach.
B.    An Bíobla in Agallamh le ceisteanna an lae: Trédhearcacht sa saol príobháideach agus poiblí.
I dioscúrsaí maidir le cúrsaí an tsaoil phoilitiúl agus phoiblí bíonn trácht ann go minic ar a riachtanaí is atá an trédhearcacht agus ar na modhanna nach foláir a bheith ann leis sin a thabhairt ar an bhfód, agus a choimeád ar siúil. Ó éisteachtaí i mbinsí breithimnh agus i slíte eile tagann an gnáthphobal ar an eolas ar an gcaimiléireacht a bhíonn ann i gcursaí airgeadais agus eile agus ar uairibh bíonn admháil phoiblí thrédhearcachta againn a thaispeántar ar uairibh a bheith gan bunús. I riarachán eaglasta anois agus arís bionn forcheilt maidir le drochúsáid ghnéasach sagart ar leannaí agus ogánaigh faoi aois agus sin le dea-cháil na hinstitiúde a chosaint. Is aidhm do reachtaíocht an lae inniu trédhearcacht a thabhairt isteach agus a chosaint, agus sin, i slíte eile, le reachtaíocht faoi shaoráil fáisnéise.
Cuireann léachtaí ón litir chuig na hEifisigh i gcuimhne dúinn cé comh lárnach is atá oscailteacht agus trédhearcacht don bheatha agus saol Críostaí, agus sin i ghnáth-chursaí an lae chomh maith le cúrsaí poiblí. Leagann Pól béim ar seo gur choir go mbeadh an fhírinne ag lonradh go poiblí i ngach gné den bheatha Chriostaí agus go mbeadh seo mar shampla do na neamhchreidmhigh. Ba choir dúinn an t-éitheach a chur dinn agus an fhírinne a labhairt lena chéile, mar is baill dá chéile sinn (Eifisigh 4:25). Tá an pobal Criostaí ungtha leis an Spiorad Naomh. Cuireann an t-éitheach brón ar an Spiorad Naomh (Eifisigh 4:30). Uair amháin nuair a chuir an Eaglais i gCoraint lúbaireacht i leith Phóil, gur dublálaí de shaghas éigin é, ag rá rud amháin agus a déanamh rud eile, d’fhreagair sé go láidir. Thiocfadh  a leithéid d’iompar salach go hiomlán lena mhisean ó Chríost. Labhraíonn sé go tréan faoi na prionsabail i gceist (2 Corantaigh 1:12-13): “Is é ár gcúis mhórála: fianaise ar gcoinsiasa go raibh ár n-iompar de réir naofacht agus ionracas (nó: trédhearcacht) Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag braith ach ar ghrásta Dé. Ní chuirimid aon rud síos inár litreacha chugaibh thar an méid a léann sibh iontu nó a thuigeann sibh astu”.
Leag Íosa béim ar thábhacht na trédhearcachta i mbeatha a lucht leanúna. Ba chóir go mbeadh a ngníomhartha ag teacht lena mbeatha inmheánach, intinn ghlan taobh thiar de gach gníomh, gan a bheith ag déanamh taibhsimh as a ndea-oibreacha, ag cleachtadh a gcraifeachta, os comhair daoine chun go dtabhfairidis faoi deara iad. Glaonn sé ar a lucht leanúna bheith ina salann na talún agus ina solas an domhain. Trína ndea-oibreacha beidh a solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicdidis a ndea-oibreacha agus go nglóireoidis a n Athair atá ar neamh.
Tríd a mbeatha shimplí, lá i ndiaidh lae, tugann lucht leanúna Chríost fianaise inniu faoi mar a rinneadar tríd na haoiseanna síos, agus iad ag leanúint teagasc shoiléir Chríost sna Soiscéil, chomh maith le briathra Phóil agus a dheisceabail, faoi mar atá sin againn sa dara léacht in Aifreann an lae inniu ag fógairt fírinne an tSoisceil agus an trédhearcacht a oireann di i mbriathra agus i ngníomh.

Recommended Articles